Author |
Message |
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 445 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 10:04 am: | |
Bhí mé ag léamh Feasta ó mhí Dheireadh Fómhair inné, agus thug mé faoi deara go bhfuil liosta ann de bhuaiteoirí chomórtas liteartha an Oireachtais. Bhí mé fiosrach an raibh éinne ann nach Éireannach é/í. Fuair duine atá ina chónaí sa Spáinn an príomh-dhuais, do úrscéal liteartha (Tomás Mac Síomóin). Dhá dhuais a bhí ann do úrscéal éadrom. Fuair Maidhc Dainín Ó Sé ceann díobh. Agus fuair Seán O'Connor, atá ina chónaí in Connecticut, an ceann eile! Iníon an Oileáin an teidil atá air. Níl sé ag litríocht.com fós, agus mar sin, níl aon fhios agam an bhfuil sé foilsithe go fóill. Ar chuala sibh aon trácht air? Is minic a léim gearrscéalta le Seán sna hirisí, agus tá ríomh-aithne agam air le blianta fada, mar atá ag Dennis s'againn. Comhghairdeas le Seán, pé scéal. Agus maraon leis sin, duine eile ar a bhfuil ríomh-aithne againn, Michal Boleslav Mechura duais as aiste ar ábhar inealtóireachta! Comhghairdeas leisean, freisin! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 625 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 10:45 am: | |
Is uncail liom é Seán!! Rugadh é i mBAC.. Déarfainn féin gur Gael é... A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 446 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 11:04 am: | |
Bhuel, sin conspóid eile (cad is Gael ann), nach ea? ;- ) Tabhair mo bheannacht dó. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 96 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 11:15 am: | |
"sin conspóid eile (cad is Gael ann)?" Ní hansa: focal Breatnaise ar "dhuine fiáine"! Cá bhfuil an chonspóid? ;-) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2056 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 11:45 am: | |
quote:Is uncail liom é Seán!! Nach beag é saol na nGael! Bíonn Seán agus mise ag scríobh chuig a chéile go minic. Dóbair dom bualadh leis agus le Maris in Seattle an samhradh seo caite, ach b'éigean dó an chuairt a chur ar ceal. Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 632 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 01:00 pm: | |
Is ait an mac an saol! Is dearthair lem mham é Seán. D'fhoghlaim mé go leor de mo chuid gramadaí &rl uaidh. Tá siúl agam go bhfuil sé le feiceáil ;) An-tallann atá aige. Nach bhfuil na Gaeil ar fud na háite! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 447 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 02:31 pm: | |
Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach! |
|
czeck (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 06:19 am: | |
Séamas_Ó_neachtain Agus nach bhfuair tusa duais ar bith a Shéamais agus an Ghaeilge chomh breá líofa sin agat?!! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 99 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 07:23 am: | |
Tá na duaiseanna roimhe. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4400 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 07:26 am: | |
Ní mór cuir isteach orthu ar dtús! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 100 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 07:46 am: | |
Diaidh ar ndiadh a thógtar na caisleáin! |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 09:29 am: | |
Agus amanna ní thógtar riamh iad! Agus má thógtar scriostar go minic iad! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 103 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 10:25 am: | |
Seans nach raibh caisleáin nach tógtar i dtrácht, ná caisleáin fiú ;-) IS: Dé mar atá cúrsaí i mBeál Feirste? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 448 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 10:51 am: | |
Fuair mé duais as rann 'Limerick' tráth...Eanáir 2002, ó Beo! 'Caisleán Óir' an duais, mar atá. Caisleán nár tógadh... |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 105 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 10:54 am: | |
maith an fear, a shéamais! |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 115 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 12:08 pm: | |
quote:Iníon an Oileáin an teidil atá air. Níl sé ag litríocht.com fós, agus mar sin, níl aon fhios agam an bhfuil sé foilsithe go fóill. Go bhfios dom, níl foilsitheoir aige fós. Tá fadhb thruamhéalach againn maidir leis an nGaeilge agus saothair na scríbhneoireachta. Is dóigh liomsa gur mhinic a scríobh duine scéal breá sa Ghaeilge agus ní raibh foilsitheoir le fáil aige. Ní léimidne na Gaeilgeoirí a ndóthain de leabhair chun slí mhaireachtála a thabhairt do na foilsitheoirí. An bhfuil tuairim eile ag daoine eile? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2060 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 01:23 pm: | |
quote:gur mhinic a scríobh duine scéal breá sa Ghaeilge agus ní raibh foilsitheoir le fáil aige. An féidir gur fíor sin? Pé scéal é, tá foilsítheoir ag Seán. Dúradh leis ar dtús go mbeadh Iníon an Oileáin i gcló faoi dheireadh Mhí na Samhna, ach is annamh an leabhar a thagann amach ar an sprioclá. "Seolfaidh mé nóta chuig an eagarthóir go luath san athbhliain," a dúirt Seán liom. Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 116 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 04:52 pm: | |
Mise a dúirt: quote:Is dóigh liomsa gur mhinic a scríobh duine scéal breá sa Ghaeilge agus ní raibh foilsitheoir le fáil aige. Dúirt Dennis: quote:An féidir gur fíor sin? Pé scéal é, tá foilsítheoir ag Seán. Scéal maith é sin. Go raibh maith agat as an eolas. B'fhéidir nach mbíonn easpa foilsitheoirí i nGaeilge in Éirinn, ach b'fhéidir nach scríobhann a lán scríbhneoireachta gairme (atá Gaeilge mhaith acu) sa Ghaeilge mar gheall ar bheagmhéid an lucht léitheoireachta. (Agus ba bheag an méid airgid a thagann isteach óna leabhair.) An fíor é sin? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 636 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 07:39 pm: | |
Coislife atá mar fhoilsitheoir nach ea? Léachtóir liom atá i gceannas ar sin. So sin léachtóir liom ag foilsiú saothair m'uncail, is domhan fíor bheag é! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2064 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, December 14, 2006 - 10:09 pm: | |
quote: b'fhéidir nach scríobhann a lán scríbhneoirí gairme (atá Gaeilge mhaith acu) sa Ghaeilge mar gheall ar bheagmhéid an lucht léitheoireachta. Is fíor nár scríobh Liam Ó Flaithearta mórán i nGaeilge (leabhar gearrscéalta amháin: Dúil, ach is obair álainn í) toisc go raibh an t-airgead sa Bhéarla. Ach tá scéalta eile ann. Is cuimhin liom an chéad úrscéal a léigh mé le Mr. X (níor mhaith liom ainm a chur air -- is beag é an pobal seo againne!). Bhí sé go hiontach! Ach ní raibh an dara húrscéal leis chomh maith sin, ná an tríú ceann ach oiread. B'fhéidir nach raibh ach úrscéal amháin ann. Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 110 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, December 15, 2006 - 09:09 am: | |
A Thuilleadh truamhéil: Pádraig Ó Conaire: Chuaig sé le scribhneoireach Ghaeilge lán-aimseartha: an chéad údar leis na cianta. Deirtear nuair a bhfuair sé bás is úll is a phíoba an mhaoin saolta a bhí aige ina seilbh. Fuair sé bás i mBÁC agus cuireadh teileagram (roimh an idirlín é seo) chuig Gaillimh agus pléadh é ag cléireach óg ó Árainn in ardoifig an phoist darb ainm Máirtín Ó Direáin. Nuair a fhoilsigh MÓD a chéad duanaire, dhíol sé na costaisí chló é fhéin. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, December 15, 2006 - 09:14 am: | |
Focal Breatnaise? Rydw y'n siarad Cymraeg!! Diolch yn fawr! Gwyddelig,an ea? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 111 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, December 15, 2006 - 09:19 am: | |
Diolch yn fawr Ná lig thar do bhéal é, a mhic! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 449 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, December 15, 2006 - 09:36 am: | |
Is beag líon na léitheoirí Gaeilge, cinnte. Agus ní féidir bheith i do scríbhneoir Gaeilge go lán-aimsire. Má bhíonn níos mó leabhar maith ann, beidh níos mó léitheoirí ann. Le cúnamh Dé. Ní mór do dhaoine post laethúil a dhéanamh agus a saothair a dhéanamh mar chaitheamh aimsire. Nó bheith ina bpinsinéirí, mar atá Seán. Is lú duine ar féidir leis scríbhneoireacht a dhéanamh mar shlí Bheatha sa Bhéarla, fiú. Nó bheith ina ealaíontóir, nó chumadóir, nó pé rud cruthaitheach. Tá daoine ann á ndéanamh, ach is céatadán an-bheag iad. Aon duine atá ina chumadóir, nach n-oibríonn ar scannáin nó an teilifís, tá sé ina mhúinteoir/ollamh freisin, nó is caitheamh aimsire dó é (mar i mo chás féin). Is amhlaidh leis an móramh a scríobhann leabhair - is minic gur ollúna iad, nó múinteoirí. Táimse ag obair ar úrscéal, mar atá. Nílim ag súil go bhfaighfidh mé mórán airgid as. Nuair a d'fhoisigh mé mo leabhar filíochta mé féin, chaith mé níos mó ná a bhfuair mé ar ais - agus rinne mé ní b'fhearr ná an móramh, mar dhíol mé roinnt mhór díobh do lucht na scoile seo atá againn. Dá mbeadh foisitheoir agam, chaillfidís airgead ar leabhar filíochta, is dóchúil. Dúradh liom ag an am nach bhfoilsítear ach dhá nó trí leabhar filíochta gach bliain (ag aon fhoisitheoir áirithe). Tá fadhbanna éagsúla a bhaineann le scríobh agus foilsiú leabhar Gaeilge, nach bhfuil ann don té a scríobhann as Gaeilge. Agus tá buntáistí ann, is dócha, freisin. Ach sin ábhar eile... Maidir le daoine gan foilsitheoir, ní foláir nó gur cuimhin libh leabhar Phanu! http://www.geocities.com/faolchu.geo/tachtaimis-tulleathanach.html |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 112 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, December 15, 2006 - 09:47 am: | |
Is fíor dhuit, a shéamais. Dúcheist dhaonna idirnáisiúnta uile-láithreach é! |
|