mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Cad a cheapann na cainteoirí líofa faoin éilliú? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1326
Registered: 08-2004
Posted on Monday, December 11, 2006 - 12:46 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ar an gcuid Béarla den chlár plé, táthar ag plé focail Béarla a úsáid nuair is as Gaeilge a bhíonn an duine ag labhairt. Cheapas go bhfiafróinn de na cainteoirí líofa agus de na cainteoirí dúchasacha: An gcuireann sé isteach oraibh focail Béarla a chloisteáil nuair is as Gaeilge a bhíonn an duine ag labhairt?

Cuireann sé isteach go mór ormsa -- is fuath liom focail Béarla a chloisteáil nuair is le Gaeilge a bhím ag éisteacht. Freisin, ní maith liom na focail a tógadh go díreach ó Bhéarla, m.sh. "fón", "carr", "atmaisféar" -- gach seans a fhaighim, úsáidim focal difriúil, m.sh. "guthán", "gluaisteán".

Fáilte Roimh Cheartúcháin
Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4374
Registered: 08-2004


Posted on Monday, December 11, 2006 - 05:18 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá "carr" sa ghaeilge ó aimsir Chon chualainn. Focail cumtha saorga is ea gluaisteán. (Cairt atá acu ó dheas).

Ní mór duit bheith i bhfad níos fuarchuisí, a Fhir na mBróg, agus a aithint gur iomaí saghas gaeilge atá ann, agus gan bheith ró thapaidh le do bhreithiúnás.

Cinnte, tá raidhse gaeilge a chodail amuigh le clos agus le léamh. Cuireann mo dhuine Hector (beagnach) an cantal céanna ormsa agus a chuireann sé ortsa, ach is siocair go gceapaim gur leibide é é sin!

Níl aon cur i gcoinne agam má dhéanann tú tréan iarracht nathanna, atá dar leat, ró ghar don Bhéarla a sheachaint. Ach bí ana churámach sula gcuireann tú "Béarlachas" i leith daoine eile. Gheobaidh tú clú an cancráin sara bhfad, agus is beag tionchar a bheidh agat dá bharr.

Mar shampla, ní dóigh liom go nglacann aoinne dáríre níos mó leis an dream seo (seachas iad féin)
http://www.gaeltacabac.com/3.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Duine (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From: 85.134.138.104
Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 08:16 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bíonn daoine ag ceapadh go minic go dtagann go leor focal sa Ghaeilge ón mBéarla mar go bhfuil siad an-chosúil leis an leagan Béarla. Ach go minic is ón bhFraincis, ón Lochlannais agus ón Laidin a d'eascair na focail sin ó thús, agus tá siad sa Ghaeilge chomh fada, nó níos faide fiú, ná mar atá siad sa Bhéarla.

Sampla amháin a ritheann liom: An focal 'maighnéad' ('magnet' as Béarla ar ndóigh). Cheapfadh go leor daoine gur ón mBéarla a tháinig an focal isteach sa Ghaeilge, ach ní hea! De réir aiste a léigh mé ar stair na bhfocal sa Ghaeilge, bhí sé ráite gur tháinig sé ón Laidin isteach sa dá theanga agus ní hamháin sin, ach tá fianaise ann ó lámhscríbhinní na meánaoise, go bhfuil an focal 'maighnéad' sa Ghaeilge níos faide ná mar atá an focal 'magnet' sa Bhéarla! Is minic nach mar a shíltear a bítear sna cúrsaí seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 624
Registered: 06-2005


Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 08:34 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cuireann sé isteach ort, ceart go leor.

Ach... Cad é an rud is fearr don Ghaeilge?
De réir saineolaithe, níl an ceart agatsa.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2054
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 09:03 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

GRMA, a Dhuine, as an eolas sin!

Spreag sé mé le beagán taighde a dhéanamh. Fuair mé an rann seo a leanas, ó dhán i Leabhar Laighean (ca. 1152-62) Cuid de chur síos ar an India is ea an rann.

Rofess a mmaith as cach aird:
a mágneit a hadamaint,
a margaréit a hur i n-or,
a hór is a carrmocol.

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4387
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 04:38 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maith thú, a dhuine.

Céard faoi leagan nua ghaeilge den rann úd, a Dennis? Tá roinnt de dorcha dom. Glacaim leis gur seoda atá i gceist le "margaréit" agus "carrmocol"?

Dála an scéal, "An Ind" atá agamsa ar an dtír úd; ach feicim "An India" gach áit le tamall.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 444
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 09:28 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá an India sa bhFoclóir Scoile (Póca).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 626
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 10:46 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cloisim féin "San Ind" agus " In India"

San Ind a úsáideann mé féin

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 95
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 11:12 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sea! Rinne mé tagairt cheanna don amadán sin, in áit éigin, a dhéanann liostaí de fhocail mar seo, beag beann ar a leagan sa Ghaeilge cheanna! Scrios air!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2057
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 11:52 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

... amadán sin, in áit éigin, a dhéanann liostaí de fhocail mar seo, beag beann ar a leagan sa Ghaeilge cheanna!

Tomás de Bhaldraithe atá tú a rá? "An India" atá aige, ina fhoclóir. Le fírinne, dóbair dom "san Ind" a scríobh thuas.

Pé scéal é, tá "An India" sa teanga le fada:

"meic rig na hIndia" - Acallam na Senórach



(Message edited by dennis on December 13, 2006)

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2058
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 12:11 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seo leagan Nua-Ghaeilge duit, a Aonghuis, beagnach focal ar fhocal:

Rofess a mmaith as cach aird:
Bítear eolas ar a maith as gach aird:

a mágneit a hadamaint,
a maghnéid, a diamaint,

a margaréit a hur i n-or,
a péarlaí ur i n-ur (= ó cheann ceann)

a hór is a carrmocol.
a hór is a carrmhogal.

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From: 86.40.158.223
Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 03:02 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is cuma liom faoi iasachtaí ó theangacha eile, ach an drochfhoghraíocht agus an drochghramadach, sin dhá rud nach féidir liom,
A. a sheasamh
B. cur suas leo
C. a fhulaingt

Maidir le Hector, is é an chomaoin is mó a d'fhéadfadh sé a chur ar an nGaeilge ná cloí leis an mBéarla feasta (más féidir Béarla a thabhairt ar an mbrille bhreaille a bhíonn ar siúl aige - tá tuairim agam nach mbeidh an British Council ag tabhairt sparántacht dó go luath).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4396
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 04:36 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

GRMA.

Níl dada agam i gcoinne an leagan India, ach go samhlaítear dom gurbh "An Ind" an leagan a bhí coitianta go dtí le déanaí, agus go bhfuil sé ionann is imithe anois.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2059
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, December 13, 2006 - 07:09 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

samhlaítear dom gurbh "An Ind" an leagan a bhí coitianta go dtí le déanaí

Is fíor duit. Níl a fhios agam cad as dó. Tá sampla amháin de "Ind" in DIL, ón dán céanna thuas ó Leabhar Laighean:

"co sruth nInd síar in India"

Ach is í an abhainn Indus atá i gceist anseo.

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 4397
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, December 14, 2006 - 06:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bainnean an t-alt seo le hábhar an snáithe seo:
http://www.nuacht.com/home.tvt?_ticket=RHKZ8WKACK3SMLDEIOQNBTZDALOLQEHFURUSKONGB PUIBUMIEKRGUU21S0MAAQ6EAKLAEUTITRRHVR29ANVROXKACJ5S2QRFK10K9NTHLF3NBHSJ7SVEIOQL4 AFDALONBHSM6QRFOPMAAQ4816J&_scope=La/Content/An%20Earnail%20Ghno&id=1179&_page=& psv=1

quote:

Tá sé ró-éasca ag cainteoirí líofa cáineadh a dhéanamh ar dhaoine óga atá ag streachailt chun píosa craic a bheith acu ina ndara theanga agus iad lonnaithe sa domhan Béarla, agus má tá daoine buartha faoi staid na Gaeilge ba ceart dóibh rud éigin praiticiúil a dhéanamh faoi



quote:

Nílim ag rá nár cheart go mbeadh foghlaimeoirí ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha i gcónaí, ba cheart feabhas a chur ar a leithéid de na consain chaol agus an ‘ch’, agus ba cheart Béarlachas a sheacaint, ach má tá príobhachtaí le bheith againn thabharfainn tús áite don stór focal, nathanna cainte agus an chomhréir agus chuirfinn an fhoghraíocht agus na tuisil ag an deireadh.
....
Chuala mé seanfhocal agus mé ar an nGaelscoil atá oiriúnach sa chomhthéacs seo, rud éigin faoin óige agus moladh a bhí ann más buan mo chuimhne.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 102
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, December 14, 2006 - 07:56 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá rud éigin faoi Ind/India a chuireann An Daingean/Dingle/Daingean Uí Chúis i gcuimhne dom.

Ní mé cad é?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 2062
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, December 14, 2006 - 01:45 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Tá rud éigin faoi Ind/India a chuireann An Daingean/Dingle/Daingean Uí Chúis i gcuimhne dom.

Rith an smaoineamh céanna liomsa! Meas tú ar cumadh an dá leagan, "An Ind" agus "Daingean Uí Chúis" thart faoin am céanna?

Caminante no hay camino, se hace camino al andar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 109
Registered: 06-2006
Posted on Friday, December 15, 2006 - 08:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

" Meas tú ar cumadh an dá leagan, "An Ind" agus "Daingean Uí Chúis" thart faoin am céanna?"

Am dinnéir? Tráth meisce?

Níl a fhios agam. Ach chuir mé lorg an fhocail tamall ó shoin. Más buan mo chuimhne:
Laidin: India (Tír); Indus (Duine)
An Ghréigis: India; Indos
An Pheirsis: Hind < Sind
Sanscrit: Sindhu = "Abhainn" .i. sa chás seo an abhainn a luaigh tú.
Eascraíonn ainm na tíre ó ainm na habhann.

Dar liom is nós na Gaeilge le hainmneacha a tháinig bealach na Laidne is na Gréigise, iad a sciobadh gan a gcinn dheiridh .i. -ia, -us, -os, 7rl.

Ligim le m'ais gur ghlac fear na Gaeilge an focal ón Laidin: dar ndóigh bhí air idirdhealú a dhéanamh idir tír is abhainn. Chum sé cleas.

Maidir le baile mór Chiarraí, fágfidh mé faoi Chiarraigh é.;-)



©Daltaí na Gaeilge