Author |
Message |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 125 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 05:42 am: | |
A chairde, Seo nóta bolscaireachta! Iad siúd agaibh a bhfuil eolas acu ar an iris mhíosúil Comhar, seans go gcuirfidh sibh suim i suíomh nua Idirlín Comhar atá díreach tar éis a fhoilsithe: http://www.comhar-iris.ie/ Michal Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 439 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 09:44 am: | |
Tá sé go deas. Is fada a bhí sé in easnamh. (Osna) níl ach m'ainmse ann... http://www.comhar-iris.ie/CartlannUdar.aspx?Udar=25 Ach is amhlaidh le Gabriel Rosenstock,freisin http://www.comhar-iris.ie/CartlannUdar.aspx?Udar=16 Braithim níos fearr, mar sin. Tá mo chuid alt ar an idirlíon áiteanna eile, pé scéal, cé nach luaítear ar an suíomh seo iad. Tá rud éigin cearr leis an bhfráma ar an leathanach seo: http://www.comhar-iris.ie/CartlannUdar.aspx?Udar=24 (Seán O'Connor - ach príomhleathanach na cartlainne, freisin). |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 86 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 10:48 am: | |
Is leor d'ainmse le bheith i mbéal an phobail, a Shéamais! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 440 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 11:38 am: | |
Níl aon rud foilsithe agam le tamall anuas, mar táim ag obair ar úrscéal. Tá súil agam go bhfuil cuimhne orm go fóill! Nó is féidir go mbeadh sé ní b'fhearr mura mbeadh... ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 89 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 07, 2006 - 02:22 pm: | |
Cuimhne agus cáil atá ort, a mhic.;-) |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 31 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 04:59 am: | |
An mbíonn an iris seo ar fáil in Easons nó siopaí eile i mBÁC? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4342 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 05:13 am: | |
Bheadh ionadh orm. Gheobhaidh tú i Siopa an Chonradh é, 6 Sr Fhearchair. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 32 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 06:12 am: | |
"Gheobhaidh tú i Siopa an Chonradh é, 6 Sr Fhearchair." Á, bíonn an áit sin dúnta i gcónaí, feictear dhomsa |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4344 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 07:24 am: | |
Bíonn sé oscailte i rith na seachtaine agus ar an Satharn. Bhí mé ann go minic agus mé ag obair i lar na cathrach. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 127 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 08:21 am: | |
Bíonn Comhar le fáil in Eason's ar Shráid Uí Chonnaill i mBaile Átha Cliath. Tá a fhios agam é sin mar is ansin a cheannaím go minic é. Seachas sin, is fíor go mbíonn sé deacair teacht air. Tá mé cinnte go bhfuil sé acu i siopa an Chonartha ar Shráid Fearchair chomh maith. Ach an bealach is fearr ná síntiús: http://www.comhar-iris.ie/Sintius.aspx Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, December 10, 2006 - 04:04 pm: | |
Bhíodh 'Comhar' go maith anuas go dtí deich mbliana ó shin nó mar sin, nuair a bhíodh leithéidí Seosamh Ó Murchú agus Tomás Mac Síomóin ina n-eagarthóirí air. Ach caithfear a rá gur imigh an iris de na ráillí ar fad ina dhiaidh sin. Is é an rud a bhíodh i gComhar riamh anall, ón uair a thosnaigh mé á léamh agus mé i mo mhac léinn ollscoile i lár na gcaogaidí, ná iris ardchaighdeáin do lucht intleachta a raibh cumas maith Gaeilge acu. Faraoir, timpeall deich mbliana nó mar sin ó shin thosaigh lucht riartha na hirise ag iarraidh 'an óige' a mhealladh trí ábhar níos 'éadroime' (.i. truflais gan téagar) a fhoilsiú. Is é an toradh a bhí ar an gcur chuige sin gur cailleadh na seanléitheoirí ach ní bhfuarthas na léitheoirí nua a bhíothas ag súil leo - óir ní léifeadh an dream céanna aon rud níos faide ná teachtaireacht téacs ar ghuthán póca. An lipéad ar bhosca Cornflakes, bheadh sé rófhada agus ródhúshlánach dóibh (bíonn focail fhada aduaine cosúil le 'riboflavine' agus 'thiamine' a chuirfeadh mearbhall ar inchinní na gcréatúr ar na boscaí). Tá 'Comhar' bocht in ísle brí ó shin, agus ní dóigh liom go bhfuil téarnamh i ndán dó. Is cinnte nach féidir a bheith ag súil le mórán ó eagarthóir a chuireann leathanach i ndiaidh leathanaigh amú gach mí le liostaí fada d'fhocail nuachumtha ón gCoiste Téarmaíochta. Bheadh sé sin dona go leor fiche bliain ó shin, ach tá sé dochreidthe go ndéanfadh éinne a leithéid i ré seo an ghréasáin dhomhanda. Más féidir le mo shamhailse de sheanfhondóir cancrach, fear nach bhfaca ríomhaire go raibh sé amach sna caogaidí, más féidir liomsa téarmaí úra a aimsiú ar an idirlíon, shílfeá go mbeadh 'an óige' in ann an méid sin a dhéanamh ar a laghad. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4365 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 06:31 am: | |
quote:le liostaí fada d'fhocail nuachumtha ón gCoiste Téarmaíochta. Ní dócha go bhfuil an cleas úd fos ar bun acu anois agus Michal i bpáirt leo! Ar léigh tú ó shin é? D'éirigh mise as traidhfil de bhlianta ó shin, ar mórán na cúiseanna a luaigh tú, agus táim idir dhá chomhairle an fiú dom é fháil arís. Tá rún agam mór eagrán na nollaig a cheannach chun triail a bhaint as. (Tá gearrscéal bleachtaireachta le Biddy Jenkinson ann!) |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 08:27 am: | |
A Aonghuis - tá 'Glac Focal ón gCoiste Téarmaíochta' luaite ar an gclár do mhóreagrán na Nollag ar shuíomh gréasáin na hirise. Bain sult as! Bíonn sé deacair d'earra nó do sheirbhís ar bith dea-chlú a bhaint amach sa mhargadh, agus bíonn sé an-éasca ar fad an dea-chlú a chailliúint. Nuair a bhíonn an dea-chlú caillte, bíonn sé deich n-uaire níos deacra é a bhaint amach arís. Déarfainn go bhfuil an dochar déanta i gcás 'Comhar', agus gur chríonna an mhaise é tosnú as an nua le hiris nua a mbeadh lón léitheoireachta den scoth inti ón tús. Ar ndóigh, caithfear a aithint go bhfuil athrú tagtha ar mheáin na Gaeilge, mar atá ar na meáin i gcoitinne, le blianta beaga anuas agus gur tábhachtaí an pháirt atá ag na meáin chraolta sa lá atá inniu ann ná mar a bhíodh i mo ló-sa. Ina theannta sin, tá 'Foinse' ann chun freastal a dhéanamh ar na 'gnáthléitheoirí' a mbíonn instealladh beag Gaeilge ag teastáil uathu ó am go chéile. De bharr na n-athruithe sin, tá tuairim agam nach bhféadfaí iris fhónta mhíosúil a chur amach anois: ní bheadh an soláthar ábhar ann lena líonadh, agus dá mbeadh féin, is deacair a rá an mbeadh dóthain léitheoirí ann a bheadh sásta é a cheannach gach mí. Sílim go mbeadh sé níos réalaí iarracht a dhéanamh ar ráitheachán ard-chaighdeáin a chur amach. Agus ba chóir go mbeadh sé breá téagartha freisin - iris céad leathanach a chosnódh deich n-euro nó mar sin agus a thiocfadh amach ceithre uaire sa bhliain - sílim go mbeadh a leithéid indéanta agus go bhfuil pobal léitheoireachta ann a bhfuil a leithéid ag teastáil uathu, pobal nach bhfuil freastal á dhéanamh orthu ón uair a chuaigh 'Comhar' ag sodar i ndiaidh lucht 'ceoil agus craice'. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4367 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 08:59 am: | |
Cad é do thuairim ar Feasta? http://www.feasta.ie Táimse sásta go maith leis. Tá soláthar éigin a dhéanamh ag Coiscéim fresisn, leis na pamphléidí; ach seans go bhfuil an cheart agat agus go bhfuil áit ann do ráitheachán a chíoradh roinnt des na ceisteanna céanna, agus ceisteanna móra an lae nach leis an ngeiteo gaelach iad. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 441 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 10:23 am: | |
Tá fadbhanna go leor ag Comhar, cinnte. Cuireann sé ionadh orm i gcónaí cé chomh neamh-shleachtmhar agus a bhíonn sé - bíonn fiú an príomh-eagarfhocal breac le botúin chló. Agus bíonn siad ag cur leathanaigh amú, gan dabht. Ach ar an láimh eile, ní bhíonn eagrán amháin ann nach bhfuil cúpla alt fiúntach ann. Is maith liom na gearrscéalta, na dánta, agus cuimhní cinn. Agus cé nach bhfuil suim ar bith agam sa spórt, is breá liom an colún le Seán Ó Méalóid. Scoth scríbhneoir atá ann. Tá cáil ar Comhar mar an iris intleachtúil, ach níl sé amhlaidh, dar liom, den chuid is mó. Tá Feasta níos eirimiúla (níos oiriúnaí do lucht na hollscoileanna). Tá lochtanna ar Feasta, freisin. Ach níl ceachtar acu go dona dar liom. Ní raibh mé á léamh deich mbliana ó shin, agus mar sin, nílim ag súil le rud eile uathu ná mar atá siad. |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 04:29 pm: | |
Tá 'Feasta' mar a bhí sé riamh. 'Bolg an tsoláthair' ceart agus guth an Chonartha in éineacht is ea é agus is mar sin a bhí sé le mo linnse. Iris do lucht na cúise a bhí ann ón uair a bunaíodh í, agus cé go foilsíodh ábhar fiúntach inti ó am go chéile i rith na mblianta ní raibh sé de nós agam riamh í a cheannach go rialta mar a cheannaínn 'Comhar' tráth dá raibh. B'fhéidir nár thaitin an tseanmóireacht, an gríosadh, an tuscint gur bhall de ghluaiseacht mé, b'fhéidir nár thaitin na rudaí san liom agus gur cuireadh ó dhoras mé dá bharr. Ach, ar ndóigh, tá gach ceart ag Conradh na Gaeilge iris a fhoilsiú más mian leo agus, le bheith fírinneach, déarfainn go bhfuil caighdeán na hirise níos airde ná caighdeán 'Comhar' le roinnt blianta anuas. Is fíor freisin nach mbím ag súil le léitheoireacht dhúshlánach nuair a léim 'Feasta'. Bhínn ag súil lena leithéid ó Chomhar tráth, agus ní féidir liom breathnú ar an iris sin anois gan smaoineamh uirthi mar a bhíodh sí glúin (nó dhó) ó shin, rud a chuireann cumha orm i ndiaidh na seanlaethanta nuair a bhí Gaeil shofaisticiúla in Éirinn beo. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 443 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 04:54 pm: | |
Nach Gael sofaisticiúil tú féin? Scríobh rud dóibh! Más féidir le mo leithéid a bheith foilsithe ann, is féidir leatsa. Ach tá sé i bhfad níos éasca gearán a dhéanamh... |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 108 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, December 15, 2006 - 08:40 am: | |
Abair é! |
|