Posted on Wednesday, November 15, 2006 - 07:47 pm:
Pléascanna? Mentos agus Diet Pepsi? Ní raibh mé in ann é a fheiceáil. Níor aithin mo Mhac é. Tá a fhios agam go bhfuil earra bog ann... ach níor íoslódáil mé fós é. Mañana, mañana...
"Nach suimiúil í an Ghaeilge mar ábhar comhrá do lucht an Bhéarla"
Ní bhíonn mórán fonn ar na Gaeilgeoirí iad féin a bheith ag caint as Gaeilge, seachas a bheith ag caint faoin Ghaeilge as Gaeilge, má thuigeann thú mé. Ná bac leis na Béarlóirí, níl mórán rogha acusan i ndáiríre.
Chonaic mé d'fhís faoi Shliabh Washington. Thar barr
Rinneadh an bogearra sin do Apple ar an gcéad dul síos. Cheapfainn go ndéanfaidh sé gnó, ach níor chuala mé ó aon duine a rith ar Apple go fóill é. Is tusa an ceannródaí (leisciúil).