Author |
Message |
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 4 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, November 06, 2006 - 09:27 am: | |
Tá an scannán An Gaeilgeoir Nocht ar fáil ar shuíomh TG4 Is fiú é a bhreathnú, mar is scannán cliste agus greannmhar é. Níl an nasc ag obair go ceart ach má théann tú go Dráma ar WebTV (http://www.tg4.ie/Webt/webt.htm) beidh tú in ann é a fheiceáil ar an dáta 31/10/2006 (Message edited by Mise_Fhéin on November 06, 2006) |
|
Cainneach
Member Username: Cainneach
Post Number: 3 Registered: 04-2005
| Posted on Tuesday, November 07, 2006 - 05:55 am: | |
ar bhain tu taitneamh as an seafoid sin. misse_fein ta an-dioma orm. dar liomsa ni raibh se cliste no greannmhar no fiu ciallmhar. ins an bosca bruscar leais. (Message edited by cainneach on November 07, 2006) |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 5 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, November 07, 2006 - 08:40 am: | |
I leith saothar na Gaeilge is scannán maith é. Ní bheinn ag déanamh comparáid idir an scannán seo agus aon scannán Béarla i gcoitinne. Ach má chuireann tú i gcomparáid leis na gearrscannáin eile é, bhuel, tá sé i bhfad níos fearr ná a lán rudaí a bhíonn ar an tsraith "Oscailt". Má thuigeann tú mé. Bhí mé in ann mise fhéin a bhreathnú in áit Éanna maidir leis a meon nó a bhraistintí agus mothúcháin nuair a fheiceann sé an meath atá ag tarlú ar an nGaeilge i gCorca Dhuibhne. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 434 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, November 07, 2006 - 02:25 pm: | |
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 7 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, November 08, 2006 - 06:44 am: | |
Bhí an duais, an stiúrthóir is fearr, buaite ag Colm Bairéad dá scannán "Mac an Athar" sa Fleá Scannáin Savannah thar sna Stataí. Agus de réir dealramh tá mo dhuine Bairéad ag obair ar phríomhscannán darbh ainm "An Rún" faoi láthair freisin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1880 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 08, 2006 - 01:43 pm: | |
D'athraigh "siad" an chéad chuid den scannán! Bhí "full frontal nudity" ann cúpla lá ó shin. Níl ach imlíne dhubh-agus-bán den fhear le feiceáil anois. Céard a tharla? Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
rb (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 08, 2006 - 04:51 pm: | |
a dennis, bhi mo scannan dath. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1881 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 08, 2006 - 07:06 pm: | |
Ag tagairt do "shot" nó "still" amháin a bhí mé, ag fíórthús an scannáin, nuair a bhí an fear ina luí ar an talamh (lomnocht agus a bhod le feiceáil, sa chéad leagan). Bhí an chuid eile daite, ar ndóigh. Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 9 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, November 09, 2006 - 05:53 am: | |
Iontach, fuair siad mo ghearán mar sin, ní mian liom bodanna a bhreathnú ar mo tv ar chor ar bith.. Cíocha.. anois níl aon fhadhb agam le cíocha |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1887 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, November 09, 2006 - 01:17 pm: | |
An bod bocht! Gan meas ná ómós dó in aon chor! Shock value atá aige agus sin an méid. Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1888 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, November 09, 2006 - 01:51 pm: | |
Agus ní taise don phit é, más fíor don alt seo: http://users.resist.ca/~kirstena/pagevaginamyths.html (ramallae seilide agus tuinnín lofa, 7c.) Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
rb (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, November 09, 2006 - 03:25 pm: | |
a dennis, chonaic mé an scannán aris. níl bhí an fear ina luí ar an talamh, leím sé taobh amuigh de an fhuinneog. rinne an griangraph daoine tar chuig[teacht], an teach, [guarda agus tuairisceoir]. bhí siad féach suas ag an gaeilgeoir nocht. bhí an griangraph in an nuachtan. tá sé dubh agus bán. bhí scannán amhain agus scannán a dó an rud céanna. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 12 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, November 13, 2006 - 04:10 am: | |
"An Bod Bocht", thar cionn ar fad. B'fhéidir go mbeadh Uasal Míshásta in ann leabhar nua a scríobh faoin teideal seo. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 599 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, November 16, 2006 - 11:52 am: | |
Níos fearr ná Yu Ming/ Poitín.. Goile, sé an scannán is fearr Gaeilge go bhfaca mé riamh! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 106 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, November 21, 2006 - 06:59 pm: | |
Táimse ar nós cuma liom faoi riocht nocht an fhir sa scannán. Ach measaim go bhfuil an scannán cliste agus an-ghreannmhar in áiteanna....an pháirt sa bhunscoil, mar shampla, agus an scannáinín ar an teilifís sa teach tábhairne nuair a thosaigh na fir ag troid le chéile. Agus deireadh an scéil --- iontach maith! Nach raibh bean fhoighneach fhadfhulangach ag an laoch!! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 71 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 23, 2006 - 11:17 am: | |
"Nach raibh bean fhoighneach fhadfhulangach ag an laoch"? Níl fhios againn toisc is beag leid a tugadh dúinn an saghas duine í, sa phósadh nó roimh pósadh di. An lag is mó, dar liom , ar cuid is mó de na scannáin Gaeilge ná go mbíonn siad ag iarraidh bheith ard ar ghreann ach gur beag carachtaeracht a mbíonn ann. Chuirfinn suim sa scannán dá dtabharfadh sé múnlaí aigne an fhir is na mná dúinn, a gcrá, a n-oibriú, a réiteach, a dtoradh. Cinnte is aislingíocht atá ann, scéal grinn, ach d'fhéadfadh sé bheith ní b'fhearr. É sin ráite, bhí sé go maith ó thaobh léirithe aisteoireachta is teicníochta cé go mbíonn a ghanntanas maoinithe le sonrú air ó am go chéile |
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 11 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, November 24, 2006 - 04:50 pm: | |
Ní maith liom scannáin. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1284 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 24, 2006 - 06:39 pm: | |
A Fhirn... is tamall ó chonaic mé teachtaireacht uait ach caithfidh mé rá gur chuir tú feabhas ar do chuid Gaeilge! Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 72 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, November 28, 2006 - 06:37 am: | |
Sonas ar do shúil, a Fhir na mBróg. |
|