mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Clásal coibhneasta « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cailín (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, October 26, 2006 - 06:01 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dia dhaoibh!
Tá fadhb agam. Ní thuigim an difríocht idir an clásal coibhneasta díreach agus indíreach. arg. D'fhéach mé ar mo leabhar gramadaí ach ní thuigim fós.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mbm
Member
Username: Mbm

Post Number: 113
Registered: 01-2006


Posted on Friday, October 27, 2006 - 06:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Déarfaidh mé leat cad é mar a thuigim féin é, a Chailín.

Ar dtús, cad is clásal coibhneasta ann? Is clásal é a bhfuil cuid de ag tagairt do rud éigin a tháinig sa chlásal roimhe. Mar shampla, san abairt seo:

(A) Feicim an duine a rinne é.
(= Feicim duine. Rinne an duine é.)

Is clásal coibhneasta é "a rinne é" mar tá cuid neamhráite de ("an duine") ag tagairt don duine céanna atá luaite sa chéad chlásal. Sampla eile:

(B) Feicim an páiste ar thug tú bronntanas dó.
(= Feicim páiste. Thug tú bronntanas dó.)

Is clásal coibhneasta é "ar thug tú bronntanas dó" mar tá cuid de (an forainm réamhfhoclach "dó") an tagairt don pháiste céanna sa chéad chlásal.

Anois, cathain atá clásal coibhneasta díreach agus cathain atá sé indíreach?

Tá a fhios agat, táim cinnte, go bhfuil ainmní (subject) i ngach clásal. Sna clásail choibhneasta thuas, is iad (A) "an duine" agus (B) "tú" an t-ainmní.

Nuair is é an t-ainmní an té atá ag tagairt do rud éigin chlásal eile, is clásal coibhneasta díreach é. Sin mar atá in (A) thuas: is é a t-ainmní ("an duine") atá ag tagairt don chéad chlásal.

Nuair is rud éigin eile seachas an t-ainmní atá ag déanamh na tagairte, is clásal coibhneasta indíreach é. Sin mar atá in (B) thuas: ní hé an t-ainmní atá ag déanamh na tagairte ("tú"), ach cuid éigin eile ("dó").

Sampla eile de chlásal coibhneasta indíreach ná a leithéidí seo:

(C) Feicim an duine a ndearna a mhac an jab.
(= Feicim duine. Rinne a mhac an jab.)

Anseo, ní hé an t-ainmní iomlán atá ag déanamh na tagairte ("a mhac"), ach cuid de ("a"). Mar sin, arís, is clásal coibhneasta indíreach é "a ndearna a mhac an jab".

Freagra fada, ach tá an prionsabal simplí i ndáiríre. Más ar an ainmní atá an tagairt, is coibhneas díreach é. Más áit éigin eile atá sí, is coibhneas indíreach é.

Tá súil agam go bhfuil sé seo níos soiléire anois.

Is mise,
Michal Boleslav Mechura

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cailín (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, October 29, 2006 - 04:25 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ah! Go hiontach! Go raibh míle maith agat!!! Tá sé soiléir anois!
Mise le meas
Cailín

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Sgm
Member
Username: Sgm

Post Number: 42
Registered: 02-2006


Posted on Sunday, October 29, 2006 - 07:21 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An freagra is fearr a chonaic mé riamh.

Go raibh míle maith agat!

Le meas,
Stefan

FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin



©Daltaí na Gaeilge