Author |
Message |
Oisindubh
Member Username: Oisindubh
Post Number: 2 Registered: 10-2006
| Posted on Thursday, October 26, 2006 - 03:28 pm: | |
Bhí an-díoma orm nuair a chuala mé toradh an reifrinn a reachtáladh sa Daingean an tseachtain seo caite. Má tá an Daingean in ainm is a bheith sa Ghaeltacht ba cheart go mbeadh an leagan Gaeilge amháin ann. Ceapann muintir na háite go rachaidh na turaseoirí ar strae má úsáidfear an logainm "An Daingean". A leithéid de sheafóid!! Ní mór dóibh tuiscint gurb í an Ghaeilge ceann de na tréithe is tarraingtaí dá bhfuil ag an mbaile. |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 40 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, October 27, 2006 - 10:03 am: | |
Ba cheart Londondingle a thabhairt ar an áit. |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 78 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, October 27, 2006 - 05:19 pm: | |
DingleFort . Bhíos san Astráil 20 bliain ó shin agus tá go leor áiteacha ainmnithe de réir an t-ainm a thug na hAstráilí Dúchasaigh(Aboriginals) ar áit.Bhíos thuas ar cuairt ar col cúigear dom i Karratha in Iar Thuaisceart Iarthar na hAstráile.Tá bunáite na tíre lán le ainmneacha Dúchasach. Pannawonica,Parrabardoo,Coolangatta,Whyalla,Wannerroo,Kalgoorlie,Coolgardie,Joon danna,Subiaco,Wodonga, Wooloomooloo,Parramatta srl,srl.Féachaigí ar léarscáil mhaith den tír agus tá an t-ainm a tugadh den áit/ceanntar fós á úsáid |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 130 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, October 28, 2006 - 03:24 am: | |
Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Sean_na_cuairte
Member Username: Sean_na_cuairte
Post Number: 1 Registered: 10-2006
| Posted on Sunday, October 29, 2006 - 06:30 pm: | |
Ó lá an reifrinn amach beidh níos mó clú agus cáil ag An Daingeann ar fud an domhain. Ni minic a labhraítí faoin Daigeann thar saile ; admhaím nár chuala mise faoi roimhe sin. Más bolscaireacht a bhí ag teastáil ó muintir an bhaile, d'fheadfá a rá gur éirigh sé leo. Is dócha gur cuma le cuid acu cad a mheastar futhu ar chuntar go rachadh níos mó turasóirí go dtí an baile. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1861 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, October 29, 2006 - 09:45 pm: | |
Is dócha go bhfuil an ceart agat, a Sheáin! Tá seanfhocail i mBéarla, Bad press is better than no press at all. Is fearr drochthuairisc ná bheith gan tuairisc ?? Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 135 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, January 19, 2007 - 09:25 am: | |
An bhfuil sé ina sos lámhaigh ag lucht baiste an bhaile seo, nó cad a tharla? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 781 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, January 19, 2007 - 07:18 pm: | |
Tá taighde déanta agam ar seo agus ní aontaím libh is fíor go bhfuil siad burtha go dtitfidh an tóin as turasóireacht sa cheantar.. Bhuel sin mo thuairimse.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 139 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 09:50 am: | |
sos lámhaigh agus tost? |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 207 Registered: 08-2006
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 06:31 am: | |
Tá roint mhaith de na fógraí "Vótáil Sea" ann fós. Ceapaim go gcuirfear ar leatabh iad anois, ar eagla go gcuirfear boycott ar na siopaí sin |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 152 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 06:53 am: | |
Feictear dom go bhfuil faltanas ann gan réiteach anois. |
|