Author |
Message |
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 230 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, October 23, 2006 - 05:38 am: | |
Nach bhfuil alan duine ag teacht on tire eile go heireann le dearnai. Ta me ag ceapadh ce acu go bhfuil se ceart no go bhfuill se an smaointeach deá, ainmeama nua gaelacha a cur orthu (mas mian leo). Ma ta fear darb aimn Patrick Oshodi anseo agus ma ta mac "John" aige ba coir duinn Seán Mac Padraig a tugtar air. An feider le rialtas ionad nua aimneacha a bunu? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3987 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 23, 2006 - 07:43 am: | |
Ní aontóinn le sin dubh, bán ná riabhach. Rud an-pearsanta ainm, agus ní cheart do rialtas a ladar a chuir ann. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 231 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, October 23, 2006 - 10:16 am: | |
Is docha gurb mise ag caint i dtaobh cineal duine le suim acu ar ár dteanga is cultúr ach go hairithe na daoine a gcuirtear a gcuid leanai san coras oideachas gaelainne. Ba coir duinn failte a cuir rompu. Ligeann isteach iad sa gclann fein mas mein leo (cosuil leis na normanaigh). Mar sin ba ceaart go thugfaimis taimn gaelach orthu lonnaithe ar a taimneacha fein. Is doigh liom go bhfuil se deas chun an bhucaill no girseach a haimn cur ar ais chuig an muinteoir i ngailge cosuil lena dteannta. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3989 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 23, 2006 - 12:09 pm: | |
Tuigim thú anois. Cheap mé go raibh sé i gceist agat ainm a bhualadh anuas orthu dá ainneoin. Fós tá mé amhrasach. Is gael breá é Trevor Sargent, abair, nó Alex Hijmans, gan ainm gaelach do bheith aige; Ní aontaíom leis an nós ainm gaelach a bhronnadh ar gasúr ar scoil, cé go dtuigim gur nós coitianta atá ann. Creidim go gcothaíonn sé an tuairim gur rud ar leith, a bhaineann le oideachais nó réimse cúng, í an Ghaeilge, seachas dlúthchuid de shaol duine. |
|
Mise Fhéin (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, October 23, 2006 - 11:17 am: | |
Aontaím leis sin go hiomlán, agus creidim go mbeadh a lán daoine as tíortha eile amuigh ansin a bheadh suim acu a sloinne nó ainm a Ghaelú, saghas uirlis le haghaidh comhréimniú is dócha. Ba cheart go mbeadh an rogha acu ar aon nós. Ach, ar ndóigh ba cheart don rialtas córas a chur i bhfeidhm a ligfeadh na hÉireannaigh a sloinne a athrú go héasca ar dtús. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 98 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, October 24, 2006 - 12:37 pm: | |
Nach bhfuil ceart bunúsach faoi láthair ag uile leagan gaeilge a sloinne a úsáid as gaeilge? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1256 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 25, 2006 - 09:59 am: | |
quote:Nach bhfuil ceart bunúsach faoi láthair ag uile leagan gaeilge a sloinne a úsáid as gaeilge? Níl! Phléamar é seo riamh. In Éirinn, ní bhíonn agat ach an t-aon ainm amháin. Ní thagann teanga isteach sa phictiúr. Dar leis an rialtas, sé d'ainm ná: (1) An t-ainm atá ar do theastas breithe. (2) Ainm ar féidir leat léiriú go bhfuiltear á thabhairt ort le dá bhliain anuas. (3) Ainm ar athraigh tú chuige trí dhlí. Rugadh mise le hainm Béarla ar mo theastas breithe. Timpeall bliain ó shin, thosaigh mé ag úsáid fhoirm Ghaelach m'ainm in ionad na foirme Béarla. De réir an dlí, caithfidh mé an fhoirm Béarla de m'ainm a úsáid go n-athraím trí dhlí é! Déanfaidh mé cinnte é a athrú sula bhfaighim mo chéad phas eile! Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 133 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, October 28, 2006 - 03:37 am: | |
Tá an sloinne agamsa i mBéarla ar mo theastais breithe ach níor úsáid mé ach an leagan ceart Gaeilge ó bhí mé 21 bl. d'aois. Sé an leagan Gaeilge atá ar mo phás agus bhí i gcónaí. Riamh ní raibh deachracht ar bith agam leis... Eoin Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4043 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, October 28, 2006 - 07:19 am: | |
Tá siad éirithe níos déine ó shin, de bharr an míusáid a baineadh as déshloinnte le linn ré na gcuntas "thar lear" mar dheá. |
|
Suantrai
Member Username: Suantrai
Post Number: 9 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, November 05, 2006 - 06:35 am: | |
A Aonghuis... Scríobh tú ní ba luaithe... "Rud an-pearsanta ainm, agus ní cheart do rialtas a ladar a chuir ann." Nár cheart "...a ladar a CHUR ann" a scríobh? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1267 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, November 05, 2006 - 11:35 am: | |
Is ceart, a Shuantrai. "cuir" an briathar. "cur" an t-ainmfhocal (nó an t-ainmbhriathra, mar a thugtar air ó am go chéile). Is féidir leat dul go www.csis.ul.ie/focloir chun na foirmeacha difriúla d'fhocal a fháil. Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe. |
|