Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 33 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 29, 2006 - 04:46 am: | |
Mar eolas daoibh, deirtear liom go mbeidh clár nua Gaeilge ar an raidió ón oíche anocht ar aghaidh ar Newstalk 106-108, atá á chraoladh ar fud an 26 contae don chéad uair ón lá inniu. Séard a bheidh ann ná clár cúrsaí reatha agus cuirfear agallaimh ar dhaoine éagsúla maidir le mórscéalta na seachtaine. Deirtear liom go mbeidh The Frames ar an gclár anocht agus iad ag caint faoin albam nua a bheidh á eisiúint acu go luath. Mholfainn, ach go háirithe, do mhuintir na hÉireann éisteacht leis agus tacú le Newstalk a bheidh an-bháúil don Ghaeilge amach anseo. Deirtear liom go mbeidh mír ar leith ar an stáisiún a dhéanfaidh fógraíocht ar imeachtaí éagsúla Gaeilge a bheidh ar siúl ar fud na tíre chomh maith. |
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 34 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 03, 2006 - 04:31 am: | |
Mo leithscéal. Bíonn sé ar siúl idir 10 agus 12 tráthnóna Dé hAoine. Deirtear liom go mbeidh John Spillane ag ceoil beo agus ag caint ar a albam nua ar chlár na seachtaine seo chugainn. |