mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » An Líonra Sóisialta « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cionaodh
Member
Username: Cionaodh

Post Number: 380
Registered: 05-2005


Posted on Thursday, September 21, 2006 - 01:10 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Clár Raidio Ceannródaíoch i nGaeilge ar Chúrsaí Idirlín

http://anlionra.com

Ag tosnú Dé Luain seo chugainn, beidh deis ag éisteoirí raidio ar fud na hÉireann, mar aon le lucht idirlín ar fud an domhain, éisteacht le sraith nua clár raidio a phléifidh gnéithe sóisialta an idirlín.

Tá an-chaint le déanaí ar "líonraí sóisialta an idirlín", cosúil leis an seirbhís Bebo. Is é seo an chéad sraith raidio in Éirinn chun díriú go h-uile agus go h-iomlán ar an ábhar seo, agus rud eile: beidh sé 100% i nGaeilge.

Tugtar An Líonra Sóisialta ar an gclár nua. Craolfar mír 12 nóimeád gach lá ó Luan go hAoine, ar feadh 12 seachtain.

Ag an bpoinnte seo, tá deimhniú tugtha ag 7 stáisiún raidio go gcraolfaidh siad an clár, agus meastar go gcuirfidh tuilleadh craoltóirí suim ann nuair a bheidh sé ar an aer.

Le cabhair an idirlín, áfach, beidh an clár ar fáil do aon duine ar suim leis é, áit ar bith ar domhain. Beidh An Líonra Soisialta ina "phodchraoladh" chomh maith - comhad fuaime MP3 ar féidir le aon duine a tharraingt anuas ón idirlíon. Is féidir éisteacht leis ar ríomhaire, nó is féidir é a chóipeáil go dtí gléas póca chun éisteacht leis ar do chompórd.

Is é Conn Ó Muíneacháin, ó Inis i gContae an Chláir, atá i mbun léirithe ar an sraith nua. Bhí seisean ina chraoltóir ar raidio áitiúil go dtí gur eirigh sé as chun dul ag obair i dtionscal na ríomhaireachta. Anois, tar éis 10 mbliana, feictear dó go bhfuil an dá réimse seo ag teacht le chéile.

"Is féidir le h-aon duine a bheith ina fhoilsitheoir anois, ach ceangal a bheith aige leis an idirlíon. Cuireann an teicneolaíocht ar chumas an ghnáth-dhuine a thuairim a fhoilsiú, cosúil le clár raidio pobail, nó leathanach na litreacha i nuachtán. Ach tá difríocht shuntasach ann: níl aon eagarthóir ar an idirlíon."

Dar le roinnt mhaith daoine, is é an easpa eagarthóireachta seo an bac is mó atá ar fhorbairt na meán féin-fhoilsithe. Conas ar féidir eagar a chur ar an ábhar seo go léir? Conas ar féidir cabhrú le daoine an t-eolas ar suim leo a aimsiú?

"Sin an rud is suimiúla!", dar le Conn. "Níl aon duine cinnte faoi na freagraí sin. Tá na h-uirlisí agus na módhanna dá bhforbairt i gcónaí. Seoltar seirbhísí nua gach seachtain. Teipeann ar chuid acu. Éiríonn le cuid eile. Táthar fós ag foghlaim faoi na meáin nua seo."

Tá na smaointe seo dá síor-phlé ar na "blaganna". Seo iad na "weblogs", na suíomhanna pearsanta ar féidir le aon duine a fhoilsiú gan chur amach a bheith acu ar an ríomhchlárú. Pléitear i bpodchraoltaí iad chomh maith.
Teastaíonn ó Chonn an díospóireacht seo a leathnú amach go dtí an pobal i gcoitinne. Tá An Líonra Sóisialta dírithe ar an ngnáth-dhuine nach bhfuil sáite sa teicneolaíocht. Cuirfidh sé smaointe nua i láthair go deas réidh, le míreanna gearra laethúla thar tréimhse 12 seachtain.

Tá an Ghaeilge féin ina gné lárnach den tionscnamh. "Is ar thóir na Gaeilge ar an idirlíon a bhíos nuair a chuireas suim i meáin na saoránach an chéad lá. Deineann na meáin traidisiúnta Gaeilge sár-obair ar bheagán achmhainní ach ní féidir leo gach aon ábhar a chlúdach. Ach má fhéachann tú ar an ngréasán, chífidh tú go bhfuil pobal domhanda Gaeilgeóirí ag cur a gcuid iarrachtaí féin le meáin chumarsáide na Gaeilge."

"Theastaigh uaim tuilleadh a fhoghlaim faoi fhéidireachtaí na modhanna féin-fhoilsithe seo. Sin é an chúis gur sheol mé An tImeall i mí Iúil na bliana seo chaite, an chéad phodchraoladh i nGaeilge." Tá pobal éisteachta bainte amach ag an bpodchraoladh sin ar fud an domhain, agus i mí na Márta bhuaigh sé Gradam na Gaeilge ag Gradam Blag na hÉireann.

Mar aon leis an gclár raidio, foilseofar mír sa nuachtán Lá gach lá i gcomhair leis An Líonra Soisialta. Agus tá suíomh idirlín ann chomh maith: AnLionra.com. Déanfar forbairt ar an láithreán seo chun go gcothóidh sé rannpháirtíocht i measc an lucht éisteachta.

'Sí an rannpháirtíocht cnámh droma na líonraí sóisialta. Deir Conn: "Is beag an t-idirdhealú a deintear i gcás na meán nua seo idir táirgitheoirí agus tomhaltóirí. Cuirfear fáilte roimh thuairimí an lucht éisteachta, i slite éagsúla: ar an bhfón, le teachtaireachtaí téacs, sa ríomhphost agus ar an suíomh gréasáin féin." Tá an tsraith oiriúnach do dhaoine ar bheagán agus ar mhórán Gaeilge, agus tá sé curtha in oiriúint go speisialta chun go féidir é a úsáid mar ábhar cainte do ranganna Gaeilge san Idirbhliain.

Cuirfidh Conn an clár i láthair in éineacht le Fiona Ní Chéirín ón Spidéal i gContae na Gaillimhe. Tá céim san ilmhéan bainte amach i mbliana ag Fiona ó Institiúd Thiobraid Árann.

Tá tairiscint choinníollach ag an sraith go bhfaighidh sé maoiniú faoin scéim “Sound and Vision” de chuid Choimisiún Chraolacháin na hÉireann .

Is iad na 7 stáisiún is túisce a ghlacfaidh páirt in An Líonra Sóisialta ná: Flirt FM i nGaillimh, Raidio na Life i mBaile Átha Cliath, Ocean FM (Sligeach, Liatroim Thuaidh, Dún na nGall), Clare FM (An Clár), KCLR (Cill Chainnigh agus Ceatharlach), Wired FM i Luimneach, and Raidio Fáilte, stáisiún nua-bhunaithe na nGael i mBéal Feirste a seoladh Dé hAoine seo chaite.

http://www.gaeilge.org

FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin



©Daltaí na Gaeilge