Author |
Message |
An Mháistir (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, September 09, 2006 - 04:45 pm: | |
A chairde, Is oide bunscoile me a bhfuil ag múineadh rang a ceathair go rang a sé. Táim ag lorg aon suíomh idirline a bhfuil oirúineach chun deis a thabhairt doibh a chuid Gaeilge a chleachtadh agus a feabhsadh. Feicimse go bhfuil cúpla podcasts as Gaeilge ag an staisúin radio phobail NEAR FM agus táim ag lorg aon rud eile a bhfuil amach ansin. Bheinn buíoch as bhur cabhair. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 51 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, September 09, 2006 - 10:11 pm: | |
A chairde, Is oide bunscoile me a bhfuil rang a ceathair go rang a sé á múineadh agam. Táim ag lorg aon suíomh idirlin a bheadh oiriúnach chun deis a thabhairt doibh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú. Feicim go bhfuil cúpla podcast as Gaeilge ag an staisiún radio phobail NEAR FM agus táim ag lorg aon rud eile atá amuigh ansin. Bheinn buíoch as bhur gcabhair. Ar tháinig deireadh le SCOILNET.IE? |
|
An Mháistir (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, September 10, 2006 - 08:43 am: | |
Níor tháinig - agus ta meascán reasúnta maith ann. Fos, measim go bhfuil bearna mór ann le hagahaidh suíomh Gaelach atá dírithe ar foghlaimeoiri óg. Mar shampla: ag plé na teamaí cosúil le Mé Féin, Sa Bhaile, Bia, Caitheamh Aimsire srl. Bheadh se go hiontach ma bhí daltaí in ann éisteacht le giotaí simpli, scéalta gearr a léamh agus a chuid obair féin a chur suas ar an suiomh. Is mo an ionadh nach bhfuil an Roinn Oideachas anseo in Éirinn sásta rud mar sin a chruthú. Ní féidir le éinne teanga a bhfoglaim i bhfolús - caithfidh go bhfuil comhthéacs ann dóibh. |
|
Fearfeasog
Member Username: Fearfeasog
Post Number: 3 Registered: 02-2006
| Posted on Tuesday, September 12, 2006 - 12:16 pm: | |
duirt an Máisrir--"Bheadh se go hiontach ma bhí daltaí in ann éisteacht le giotaí simpli, scéalta gearr a léamh agus a chuid obair féin a chur suas ar an suiomh. Is mo an ionadh nach bhfuil an Roinn Oideachas anseo in Éirinn sásta rud mar sin a chruthú. Ní féidir le éinne teanga a bhfoglaim i bhfolús - caithfidh go bhfuil comhthéacs ann dóibh." is fíor fíor fíor FÍOR sin! tá a lán mac léinn na Gaeilge anseo i Meiriceá in a bhfolúis féin, gan acmhainní, gan daoine eile a bheith ag caint leo. agus na hacmhainní féin atá ar an idirlín--bíonn siad scaipthe go dtí gach cúinne an ghréasáin. is trua seo. tá siad ann, afách--caithfidh tú bheith á lorg, sin a bhfuil... seo suíomh a thaispeán fear óg dom le déanaí, le neart nascanna chun suíomh eile a fháil... http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/foghlaim/ |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 69 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, September 18, 2006 - 12:10 pm: | |
Is oide bunscoile me a bhfuil rang a ceathair go rang a sé á múineadh agam. Mo leagansa ar do chuid Gaeilge mar a d'abródh Gaeilgeoir líofa é i gConamara Is múinteoir bunscoile mé atá ag múineadh ó rang an ceathair go dtí an séú rang. .. a gcuid Gaeilge ... a ba chóir duit a rá a cuid = her , a chuid = his , ár gcuid = our bhur gcuid = your , a gcuid = their Ceist amháin a chara ,An Mháistir , An bhfuil tú dáiríre i do mhúinteoir Gaeilge ? Bhuel má seo é an caighdeán atá againn inniu tá an teanga i mbaol mór gan dabht. (Message edited by mickrua on September 18, 2006) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3749 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 18, 2006 - 12:27 pm: | |
A Mhick Rua, ó tharla tú inar measc arís, an gcaithfeá súil ar an tsnáth seo maidir le "ag gol" nó "ag caoineadh": http://www.daltai.com/cgi-sys/cgiwrap/daltai/discus/show.pl?tpc=20&post=44108#PO ST44108 Cén difear a bheadh agatsa idir "ag gol" 's "ag caoineadh"? |
|
An Mháistir (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, September 30, 2006 - 02:38 pm: | |
Go raibh maith agat Fearfeasog as do cabhair. Rachaidh mé go dtí an súiomh sin díreach. Do Mickrua, deirim nach bhfuilim buartha ar chor ar bith foin na botúin sin. Cinnte, táim i mo múinteoir Gaeilge agus geallaimse nach bhfuil an teanga i mbaol de bharr mo iarrachtaí agus suim inti - b'fhéidir go bhfuil fadbh áfach le dream ró-criticúil atá ag éirí béagáinín "anal" agus atá sásta masla a thabhairt don te atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn lena daltaí! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 61 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, September 30, 2006 - 04:26 pm: | |
Caithfidh go bhfuil tú san INTO, a Mháistir. Ní maith leis an gceardchumann sin an séimhiú. Is minic rúin acu ina thaobh. |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, October 02, 2006 - 07:36 am: | |
An bhfuiltear ag tabhairt "máistir" ar na múinteoirí baineanna anois? An amhlaidh go bhfuil an téarma seanbhunaithe "máistreás" ag teacht salach ar political correctness an lae inniu? Más é sin an míniú atá leis an leagan aisteach "an mháistir", an bhfuil a fhios ag éinne cén díochlaonadh lena mbaineann an focal nua baininscneach seo? An deirtear "cappuccino na máistire"? Nó "cappuccino na máistir"? Nó "cappuccino na máistreach" b'fhéidir? B'fhearr liom an ceann deireannach mar do thaitin an cúigiú díochláonadh liom riamh. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 63 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, October 02, 2006 - 10:47 am: | |
Teagaim leat ansin, a Ghrumpaí. Is aoibhinn liom féin é: cogadh na gcarad, dlithe na mbreithiún, cófra na cisteanach. Meas tú an ann dó na laethanta seo? |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 64 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, October 02, 2006 - 10:50 am: | |
Gan trácht ar "gleann na caorach" agus "gleann na gcaorach". Maidir le ban-mhúinteoirí is dóigh liom go dtugtar "a mhúinteoir" ar idir fhir is mhná. (idir fir is mná????) |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 74 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, October 02, 2006 - 11:25 am: | |
Bhuel a Mháistir, sé mo bharúilse ar an scéal nár cheart cead múinteoireachta a bheith ag aon duine nach bhfuil líofacht i scríobh agus i labhairt/teagasc an ábhair aici/ aige.Níl cáilíochtaí agamsa i nGaeilge agus tá sé ós cionn cúig bhliana fichead ó rinne mé Gaeilge sa gcoláiste. Sén pointe a bhí a chur trasna agam ,ná go ndéanfaí na scoláirí aithris ortsa a Mháistir agus cibé a mhúineas tú dóibh , glacfaidh siad leis mar shoiscéal. Tá brón orm gur ghoil sé ort a dhuine , ach "Is searbh í an fhírinne go minic". |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3825 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 02, 2006 - 12:32 pm: | |
Nó, mar a dúirt Joe Feidhlimí, ní searbh atá sí, ach garbh. Is oth liom a rá go bhfuilim ar aon fhocal le Mick Rua ar seo. Ní thuigim - agus ní le Gaeilge amháin a bhainnean sé, ach le teangacha tré chéile in Éirinn - conas gur féidir bheith i'd oide do theanga gan a bheith go hiomlán líofa ann. A luaithe is a déantar polasaí Rialtais de pholasaí an Chonradh 'sea is fearr: http:///~cnagie/index.php?option=com_content&task=view&id=77&Itemid =102&lang=ga Ní bheadh sé de dhanaíocht ionamsa, dála an scéil, Gaeilge a mhúineadh. Tá mo chuid gramadaí ró lochtach. |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, October 02, 2006 - 02:57 pm: | |
Teagaim leat ansin, a Ghrumpaí. Is aoibhinn liom féin é: cogadh na gcarad, dlithe na mbreithiún, cófra na cisteanach. Meas tú an ann dó na laethanta seo? "Cúl na cathaoireach", "cumhacht na corónach", "clog na mainistreach", "Clann na Talmhan", "poll na heocrach", "Bord na gCon", "comhar na gcomharsan", "uisce na díleann", "briseadh na teorann" - b'shin iad na laethanta nuair a mhaireadar Gaeil in Éirinn beo, laethanta geala m'óige a d'imigh ró-luath! Ach ní fhéadfá an cúigiú díochlaonadh a mhúineadh do dhaltaí an lae inniu. Táid i bhfad ró-chorrthónach de bharr na video games úd a bhíonn ar siúl acu. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 65 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, October 02, 2006 - 08:56 pm: | |
Á! Na laethanta úd fadó! Nuair nach raibh ar ár n-aigne ach firinscneach agus baininscneach agus tuiseal ginideach gan trácht ar thuisil eile ... Ina dhiaidh sin féin, a Ghrumpaí, cloisimse ag labhairt i nGaeilge iad, le droch-fhoghraíocht mar atá ag Bertie sa Bhéarla, agus le heaspa gramadaí, agus níl dabht ach go bhfuil sí acu mar theanga agus iad bródúil astu féin go bhfuil. Aontaím le hAonghus agus le Mick Rua. Is bocht an scéal é daoine ar bheagán Gaeilge a chur os comhair ranga. B'fhearr iad a chur ar maos sa teanga i gceartlár na fíor-Ghaeltachta i dtosach sula ligfí in aon ghaobhar don lucht foghlama iad. Ar ndóigh seans go bhfuil na Gaeilgeoirí maithe go léir ar an teilifís nó ag tiontú Béarla go Gaeilge. Cad faoi na tástálacha grádaithe Gaeilge a fógraíodh tamall ó shin i Máigh Nuad sílim? Níor chualathas a dhath ina dtaobh ó shin. Thabharfaidis-sean sprioc d'fhoghlaimeoirí fásta. |
|