mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Shell Chun Sáile « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cailindoll
Member
Username: Cailindoll

Post Number: 161
Registered: 12-2004
Posted on Friday, August 11, 2006 - 12:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Thug mé cuairt ar cheantar RosDumthach ag an deireadh seachtaine agus fuair muid turas trí mheán na Gaeilge den cheantair agus míniú den scéal faoi cad atá Shell ag iarraidh a dhéanamh ann. Caithfidh mé ag rá nach gcreidim cad atá ag tarlú ann agus an méid ar éirí le muintir na háite a dhéanamh chun bac a chur ar Shell. Tá dream de lucht Shell Chun Sáile ag siúl go Baile Átha Cliath agus a siúlóid fáda nach mór críochnaithe. Bainfidh siad Kilmainham Jail amach amárach ag meán lae, deirtear agus guím gach rath orthu. Mura raibh deis agaibh a scéal a chloisteáil, molaim daoibh dul ann nó chuig a suíomh idirlíne [ShelltoSea.com]. Ní agóid i gcoinne tírdhreacha agus píosaí talamh áitiúla amháin atá ann, ach rud i bhfad níos mó faoi cearta daoine agus timpeallacht na tíre seo agus ar fud an domhan, im thuairimse.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mickrua
Member
Username: Mickrua

Post Number: 66
Registered: 07-2005
Posted on Friday, August 11, 2006 - 02:05 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Féach ar an slad a rinne na Comhlachtaí ola san Nígéir agus Ken Saro Wiwa.Tá an scrios céanna a dhéanamh de thalamh agus timpeallacht na n-Indiach sa Bhraisíl.Tá comhlacht mór ola Elf i gcomhpháirtíocht leis an rialtas deachtóireachta arma i mBurma ag tógál píoplíne trasna na tíre ag scriosadh an timpeallacht agus ag cur oibre sclábhaíochta as na treabhanna san tuaisceart na tíre.
Is cosúil gur é saol an sceimhlitheora ar nós "Mad Max" atá i ndán dúinn faoi cheann 20 -50 bliain.
Cuma sa diabhal faoin todhchí is é an "t-ór dubh" a chomhaireann san lá atá inniu ann.

(Message edited by mickrua on August 11, 2006)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cailindoll
Member
Username: Cailindoll

Post Number: 168
Registered: 12-2004
Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 05:44 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá Seán Ó hArrachtáin ag ag taisteal ó Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo chun Caint Phoiblí Shell Chun Sáile a dhéanamh sa Chlub Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath
(6 Sráid Fhearcháir BÁC 2)
ar 8.30 p.m.
ar an gCéadaoin, 25 Deireadh Fómhair '06
Fáilte roimh chách
Sóláistí ar fáil

Scaipigí an scéal le bhur dtoil agus bí ann leis an Ionad Buail Isteach le tacaíocht a thaispeáint do Ghaeltacht Mhaigh Eo

Tá tuairisc fíor álainn 'The Great Corrib Gas Controversy' déanta ag Fiosrú an
Phobail (Centre for Public Inquiry)ar fáil ar an idirlín i mBéarla, má tá éinne ag iarraid srathféachaint air roimh-ré. www.publicinquiry.ie/pdf/Fiosru_2_LOW_RES_Final.pdf

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 39
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, October 19, 2006 - 08:46 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá ailt mhaithe ar LÁ na laetha seo i dtaobh na staide seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eoin
Member
Username: Eoin

Post Number: 132
Registered: 10-2004


Posted on Saturday, October 28, 2006 - 03:31 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá leathannach le nascanna chuig scéalta Ros Dumhach i nGaeilge faoi Ros Dumhach ar http://anghaeltacht.net/rosdumhach

Beir bua!

Eoin

Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce



©Daltaí na Gaeilge