mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Chun "Hello?" a rá ar an bhfón as Ghaelainn « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Deirdre Nyhan (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, August 11, 2006 - 10:08 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dia dhaoibh lads,
Cad a deir muintir na Gaeltachtaí chun an fón a fhreagairt? (Ná habair liom go bhfuil sé "Haló?"; fuaimníonn rudaí mar sin go huafásach domsa!)

Fáilte roimh aon chabhair ar bith.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3619
Registered: 08-2004


Posted on Friday, August 11, 2006 - 10:47 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cén fath nach gcuireann tú glaoch ar RnaG?

(Dia dhuit a deirimse, ach ní ón nGaeltacht mé).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eoin
Member
Username: Eoin

Post Number: 115
Registered: 10-2004


Posted on Monday, August 14, 2006 - 03:30 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sea deirtear "Haló" go minic...

Is cuimhín liom nuair a thogamaar ár n-iníon óg anseo do Ghaeltacht don gcéad uair dúirt bean a'tí ina rabhamar ag fanacht "Haló-ín" leithi...

E

Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 117
Registered: 03-2006


Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 07:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dia dhuit a Dheirdre.

Níl 'Haló' comh h-uafásach sin. Is focal idirnáisiúnta é faoi seo, déarfainn. Sa bhFrainc deirtear "'Allo", agus tá na Francaigh iontach i gcoinne an Fhranglais, tá's agat. Agus sa Spáinn deireann siad 'Olá', creidim. Ach amháin na hIodálaigh, a deireann 'Pronto' .i. 'Táim réidh (chun cainte, is dócha)'.

Ach más cúis uafáis dhuit an 'Haló', smaoinigh, tá a lán focal eile nach bhfuil ginealach fíor-Ghaelach acu ach oiread, ach baintear úsáid astu gan stró ar bith. Mar shampla:

Obair - as an Laidin (Opera)
Seomra - as an bhFraincís (Chambre)
Císte - (Quiche)

agus mar sin de.

Ná bí buartha faoi. Is comhartha é go bhfuil an teanga beo fós más féidir lei focail mar seo a ghlacadh chuici féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Deirdre Nyhan (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 08:31 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh míle maith agaibh lads. Is mór an chaibhir é sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1732
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 11:10 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Agus sa Spáinn deireann siad 'Olá', creidim.

¡Hola! a deirtear nuair a bhuaileann daoine le chéile. Ach, i México ar aon nós, deirtear ¡Bueno! ar an teileafón, nó ¡Aló!

Go raibh [do rogha meafar] leat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 118
Registered: 03-2006


Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 11:52 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá an ceart agat, A Dhennis. D'fhág mé amach an "H" san "Holá". Agus ní ligeann an córás seo dhom an "!" (bun os cionn) a chur isteach! ¿N'fheadar cén fáth? ¿Aisteach, nach ea?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1733
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 01:49 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

D'fhág mé amach an "H" san "Holá".

Agus tá an bhéim ar an gcéad siolla. (Je cherche la petite bête!)

Go raibh [do rogha meafar] leat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 120
Registered: 03-2006


Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 05:23 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

À mon avis pas dans cette région ci. Ici l'accent me pareille tomber sur la deuxième syllabe, si mon oreille ne me trompe pas. Peut-être l'influence française, òu bien que je sois un petit-peut sourd.... Néanmoins, je suis content céder a votre connaisance, ça que je crois très profonde.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 122
Registered: 03-2006


Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 06:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mo leithscéal! Rinne mé dearmad go raibh mé ar an mbord lán-Ghaelach. Seo chugaibh aistriúcháin den mhéid ar scríobh mé níos luaithe.

"Dar liom ní mar sin sa réigiúin seo. Feictear dhom go dtiteann an bhéim ar an tarna shiolla, más folláin mo chluas. Ach b'fhéidir gur seo an Fhrancaís atá ag oibriú ar fhuaimniú an fhocail, nó b'fhéidir go bhfuil mé beagáinín bodhar cheana. Mar sin, tá mé lán-sásta géilleadh leatsa agus le do shaineolas atá, im thuairim, an-domhain."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1735
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, August 16, 2006 - 07:46 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

do shaineolas atá, im thuairim, an-domhain.

Tá tú thar a bheith cineálta, a Phanguir, ach tá dul amú ort. Ní raibh mé riamh sa Spáinn agus níl agam ach an saghas Spáinnise a chloistear i México agus anseo sna Stáit. Ach... tá súil agam trí seachtaine a chaitheamh sa Spáinn an bhliain seo chugainn! :-)

Agus is dócha gur cheart dom an méid a scríobh mise i bhFraincis a aistriú chomh maith:

Je cherche la petite bête. = Tá mé ag cuardach an mhíl bhig. = Tá mé ag nit-picking, ag míníneacht. (Nach bhfuil leagan cainte níos fearr ná é sin againn?)

Go raibh [do rogha meafar] leat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1176
Registered: 08-2004
Posted on Friday, August 18, 2006 - 02:59 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sí an chaoi chanónta "Hello" a rá as Gaeilge ná "Dia Dhuit". Sí an t-aon fhadhb amháin, dar liomsa, a bhaineann le "Dia Dhuit" ná go bhfuil baint aige le reiligiún. Mura dteastaíonn uait frása religiúnach a úsáid, ní cheapaim go bhfuil an dara rogha agat seachas rud mar "Hello" a rá.

Fáilte Roimh Cheartúcháin
Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eoin
Member
Username: Eoin

Post Number: 120
Registered: 10-2004


Posted on Saturday, August 19, 2006 - 04:01 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Ag nitphiceáil" is dócha Dennis :-)

E

Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1747
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, August 19, 2006 - 11:26 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is dóigh liom go bhfuil "ag beachtaíocht" (focal a thug Aonghus dúinn tamall ó shin) an-ghar do "nitpicking", cé nach bhfuil sé chomh ... umm ... beoga le nits agus petites bêtes!

Go raibh [do rogha meafar] leat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 20
Registered: 07-2006
Posted on Saturday, August 19, 2006 - 03:38 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nit-picking? Niogóideacht? Cámas? Priocaireacht? Sporaíocht :-)

Cloisimse "Ná bí ag piocadh" ag daoine.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe_arn
Member
Username: Fe_arn

Post Number: 10
Registered: 08-2006
Posted on Tuesday, August 29, 2006 - 10:45 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní maith liom sneá.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gnag
Member
Username: Gnag

Post Number: 1
Registered: 09-2006
Posted on Friday, September 01, 2006 - 11:22 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sa Spáinn deir siad "Dígame" ar an bhfón. Ciallaíonn sé sin "Abair liom!"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1764
Registered: 02-2005


Posted on Friday, September 01, 2006 - 12:59 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Sa Spáinn deir siad "Dígame"

Gracias, Graham.

Ceist agam ort anois faoi fhuaimniú d'ainm: an ndeir tú "gram" nó "gray-um"? Chuir mé an cheist chéanna ar fhear óg san ollmhargadh an lá cheana a raibh "Graham" scríofa ar an name tag aige. "Is cuma," a dúirt sé. "Tá mé sásta le ceachtar acu."

Go raibh [do rogha meafar] leat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gnag
Member
Username: Gnag

Post Number: 3
Registered: 09-2006
Posted on Saturday, September 02, 2006 - 07:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Deirimse fhéin "gray-um", ní minic a chloisim aon rud eile. Ach cúpla mí ó shin, chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht ar feadh lae amháin le mo chara a bhí ag iarriadh a shean-bhean an tí a fheiceáil arís, agus thug sise "grah-ham" orm. Chun an fhírinne a rá, ní maith liom an fhuaimniú sin!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1765
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, September 02, 2006 - 11:07 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Beidh scata daoine chun dinnéir chugainn Dé Luain, Crispin agus cara leis darb ainm Graham ina measc. Tá Graham ar cuairt ón Afraic Theas. Séard a chloisim ó Chrispin (ar Sasanach é) ná "Gram". Caithfidh mé an cheist a chur ar an duine féin! GRMA arís.

Go raibh [do rogha meafar] leat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An Mháistir (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, September 09, 2006 - 04:51 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá aithne agam ar scoil "Multi-D" i mBaile Atha Cliath ina raibh cuid de na daltaí sinsireach ag gearán toisc go raibh an oide a múineadh "Dia Dhuit" i san rang! N'fheadar cad a deireann atheist ina áit?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Member
Username: Jonas

Post Number: 907
Registered: 08-2004
Posted on Sunday, September 10, 2006 - 04:03 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Haló nó hello, ní chuala riamh aon fhocal eile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1768
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, September 10, 2006 - 07:50 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Táid ann a deir "Maigret" nó "Johnson" nó "Allied Conglomerate Limited" gan aon bheannú eile. Is féidir go bhfuil an nós sin beagáinín giorraisc, ach déanann sé dhá rud san am céanna: tugann sé le fios don duine ar cheann eile na líne (a) go bhfuil duine ag éisteacht, agus (b) cén duine atá ann.

Go raibh [do rogha meafar] leat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

lol (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, September 22, 2006 - 06:13 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

ah ha is losers sibh go leir

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe_arn
Member
Username: Fe_arn

Post Number: 81
Registered: 08-2006
Posted on Friday, September 22, 2006 - 06:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhal, chaill mé ceint tráth, ach tá mé ceart go leor anois



©Daltaí na Gaeilge