mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Cúnamh á iarradh agam ... « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 12
Registered: 07-2006
Posted on Wednesday, August 02, 2006 - 01:03 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceist bheag amháin agam oraibh: cén chaoi a n-éiríonn libh abairtín as teachtaireacht a roghnú agus a chur le do cheann féin mar "quote"? Tá's agam gur mé an comhráití is dúire dár leag méar ar ríomhaire riamh ach beidh mé buíoch den té a inseoidh an rún dom...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1662
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, August 02, 2006 - 01:08 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Thaidhgín,

Mínítear é sin agus a lán eile mar gheall ar chruth na dteachtaireachtaí ag:

http://www.daltai.com/cgi-sys/cgiwrap/daltai/discus/discus.pl?pg=formatting

Go raibh [do rogha meafar] leat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 13
Registered: 07-2006
Posted on Wednesday, August 02, 2006 - 03:16 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go dtarrthaí Dia sinn ach tá obair romham á thaiscéaladh is á fhoghlaim. Go raibh do rogha meafar féin leatsa, Dennis. Go raibh maith agat as an bhfocal tacaíochta i dtaobh an Chaighdeáin agus na gCanúintí chomh maith. Sean-deilín é sin a phléifear arís is arís eile a fhad is a mhairfidh an teanga.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1668
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, August 03, 2006 - 10:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sin focal nua dom: taiscéal! Go raibh maith agat!
quote:

Go raibh do rogha meafar féin leatsa

An Force, mar sin. ;-)

Dála an scéil, ar chuala tú an scéilín seo riamh?

Agallamh beirte is ea é idir phóilín agus fean de chuid Star Wars atá ina thurasóir i Nua-Eabhrac:

An Póílín: Gabh díreach ar aghaidh go dtí Delancy Street, cas ar chlé, agus beidh tú ann.

An Turasóir: Go raibh maith agat, officer. Go raibh an Force leat!

An Póilín: Aidhe, tá an Force liom, ceart go leor, agus an Bhriogáid Dóiteáin agus na Meter Maids freisin.

Go raibh [do rogha meafar] leat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe arn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, August 03, 2006 - 10:32 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is fiú mar eireabaillín a rá:

Má tá greann ann bíodh, ní mise a chum!


Dála an scéil, nach "ceathreacha" a deir an Ghaeilge le "fours"? :-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1669
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, August 03, 2006 - 10:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Is fiú mar eireabaillín a rá:

Má tá greann ann bíodh, ní mise a chum!

Is maith an chomhairle í sin! Ach is fearr liom eireaball beagáinín níos faide:

Má tá greann ann bíodh, ní mise a chum ná a cheap!

Dá mhéad é an rangalam is amhlaidh is fearr é sna cúrsaí seo.

Go raibh [do rogha meafar] leat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe arn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, August 03, 2006 - 11:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Ach is fearr liom eireaball beagáinín níos faide"

Níor fhág tú rubaillín ná rubaillín, a mhaicín :-)



©Daltaí na Gaeilge