Tháinig an cheist seo ó aistriúchán a iarradh orainn ar
www.irishgaelictranslator.com, rud a socraítear cheana féin ach a bhfuil mé ar mearbhall ina dhiaidh. (Níl mo chuid Gaeilge ach ar an meánleibhéal, a bheag nó a mhór, agus tá seans maith go bhfuil mé á chailleadh dá bharr sin.)
Seo chugaibh ábhar mo chrá...
ag gol amhail is dá mbrisfí a croí ag gáire amhail is mura mbeadh brón ar bith sa tsaol Tá foghar deas rialta leis an gcéad abairt; tá an dara abairt ciotach anásta (dar liom féin ar a laghad!) agus níor chuala mé riamh é á rá ag éinne. Tá sé lán chomh ceart áfach (go bhfios dom) maidir leis an ngramadach.
Moladh dom go bhféadfadh sé gurb é
dá an t-ionróir anseo go stairiúil, mar gheall go gcloistear
amhail is go/gur/nach/nár ó am go chéile chomh maith.
Céard a cheapann sibh?