Author |
Message |
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 17 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 18, 2006 - 06:34 am: | |
Thíos tá eolas maidir le hagóid a bheidh ar siúl taobh amuigh de Chúirt Laganside i mBéal Feisrte amárach, Dé Céadaoin 18 Iúil. An mbeadh sibh in ann an focal a scaipeadh. "Tacaíonn Conradh na Gaeilge go hiomlán le Máire Nic an Bhaird a mbeidh cás cúirte á thógáil aici i gcoinne Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann inniu 19 Iúil, de bharr gur tógadh thar oíche í toisc gur i nGaeilge amháin a labhair sí leis an tSeirbhís Phóilíneachta nuair a ceistíodh í. Chomh maith leis sin, molann an Conradh go hard í as bheith sásta an cás a throid trí Ghaeilge. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: Molaim agus tacaím go hiomlán le Máire as an seasamh cróga seo atá á thógáil aici. Is mór an náire é nach bhfuil an Stát ó thuaidh sásta cothrom na Féinne a thabhairt do phobal na Gaeilge agus an t-aitheantas cuí ceart a thabhairt don Ghaeilge, ach go háirithe tar éis shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta 8 mbliana ó shin. Éilím go dtabharfaí aitheantas don Ghaeilge sna cúirteanna ó thuaidh agus go gcuirfí dréacht-Acht Teanga Pobal i bhfeidhm, freisin. Beidh Conradh na Gaeilge i mbun agóide leis Na Gaeil Óga maidin inniu taobh amuigh de Chúirt Laganside agus iarrann siad ar phobal na Gaeilge a theacht amach chun tacú le Máire." |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, July 18, 2006 - 07:13 am: | |
Go n-éirí leis an agóid agus cuir chugainn a tuairisc. |
|
Séamas Ó Maosáin (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, July 19, 2006 - 04:34 pm: | |
http://news.bbc.co.uk/1/hi/northern_ireland/5194744.stm Seo an scéal de réir an BBC. http://www.rte.ie/news/2006/0719/irish.html agus RTE agus tá trean eolais fán sceal ar fáil ó www.nuacht.com Ar a laghad tuigfear go gcaithfear a throid ar son na Gaedhilge. |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 59 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, July 19, 2006 - 04:54 pm: | |
Céard a cheapann sibh faoin "Teanga " nua seo a labhraítear sna Sé Chontae.Sea a dhaoine tá trí theanga againn (péire oifigiúil + ceann neamhoifigiúil)ar an oileán beag seo anois de réir ball den PSNI. Is cosúil nach bhfuil sé luaite i gConradh Aoine Chéasta 1998 agus níl baill den PSNI sásta go labhraíonn daoine ó Thuaidh an "Teanga Leipreacháin" seo.Tá sé thar am againn teachtaireachtaí a sheoladh tríd an ríomhphost chuig Ceann Áras an PSNI ag iarraidh orthu a thaispeáint dúinn san socrú a síniú , cén áit a bhfuil cosc ar an "Teanga Leipreacháin" nó fiú amháin cén alt a dhéanann tagairt den "Teanga Nua " seo. Mar dúirt a té a dúirt é , ní fhéadfadh sé ach tárlú sna Sé Chontaithe. Cá bhfuil na múinteoirí? na scoileanna chun an "Teanga Nua " dóighiúil seo a mhúineadh dúinnse sna 26 contae. An bhfuil ranganna i nGaillimh? B.Á.C? Luimneach? Corcaigh? B'fhéidir le cúnamh Dé go bhfuil i nDún na nGall? Go bhfoire Dia ar na créatúirí bochta nach deacair an ghráin a dhíbirt as an gcroí? Bhuel cuid dos na daoine ní féidir é.Céard faoin mionn a thóg siad nuair a glacadh leo mar bhaill den PSNI?.Cás cúirte sa bhFómhar faoin droch íde a thug an t-oifigeach den bhanGaeilgeoir sa Tuaisceart? Maith thú, a Mháire sén feall nach bhfuil cuid de do leithéid an taobh seo tíre chun a chinntiú go gcuirfear an t-Acht na Teanga Oifigiúil i bhfeidhm go h-iomlán. (Message edited by mickrua on July 19, 2006) |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 18 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 20, 2006 - 07:28 am: | |
Bhí mé féin i láthair ag an agóid sin inné. D'éirigh go han-mhaith léi agus fuarthas an-chuid poiblíochta di. De réir cosúlachta is é an rud a tharla go díreach ná go raibh Máire Nic an Bhaird agus cara léi, múinteoir eile Gaeilge, ag fágáil sláin le chéile. Thrasnaigh cara Mháire an bóthar le gabháil isteach i dtacsaí agus dúirt Máire léi 'slán agus tcífidh mé tú amárach' nó rud éigin simplí mar sin. Chuala póilín iad ag labhairt Gaeilge agus thosaigh sé ag béicíl le Máire agus rug sé greim uirthi. Ansin dúirt sé le Máire gan a bheith ag úsáid an 'Leprechaun language' sin. Ag an bpointe sin bheartaigh Máire gur i nGaeilge amháin a labhródh sí leis an bpóilín agus, dá bharr sin, caitheadh isteach i gcillín í thar oíche agus cuireadh ina leith go raibh 'iompar mí-ordúil' ar siúl aici. Bhí beirt nó triúr finnéithe ann, áfach. Ní hé seo deireadh an scéil seo. Leanfaidh sé ar aghaidh go ceann tamaill. Cabhróidh sé le leithéidí Pobal Acht Teanga a bhaint amach don Tuaisceart. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, July 21, 2006 - 08:49 am: | |
GRMA, a Shéamaí, Más amhlaidh, b'fhiú an diúnas roimh an dlí. Is fada ó bhí Pádraig Mac Piarais ina sheasamh leis an fear a chur Gaeilge ar a thrucaill. Go mbeire bua! |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 20 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, August 31, 2006 - 11:15 am: | |
Aon scéal ó Mháire? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 539 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, September 01, 2006 - 05:41 pm: | |
Daoine dá leithéid, is iadsan a chuireann an fuinneamh agus an paisean ar ais im chroíse maidir leis an nGaeilge.. Ní bhead ar an mbus sin go mBéal Feirste ar an drochuair ach go n-éirí an bóthar libh! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 30 Registered: 08-2006
| Posted on Wednesday, September 06, 2006 - 05:48 am: | |
Ar shíl tú riamh Gaeilge a labhairt le poilín, a dhomhnaill? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3681 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 06, 2006 - 07:22 am: | |
Ní leis an poilín a bhí sí á labhairt, ach lena cara. Béarla a labhair sí leis an bpoilín. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 543 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, September 06, 2006 - 08:51 am: | |
Ní leanann mé? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 32 Registered: 08-2006
| Posted on Wednesday, September 06, 2006 - 08:59 am: | |
"Ní leis an poilín a bhí sí á labhairt, ach lena cara. Béarla a labhair sí leis an bpoilín" Anois tá meascán mearaí ormsa leis. Tuige an bhfuiltear cúirt a chur uirthi máiseá? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3683 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 06, 2006 - 10:25 am: | |
Toisc gur ghlac an poilín col lei bheith ag labhairt gaeilge go hoscailte. Agus toisc gur thug sí a hainm dó (Nic an Bhaird). |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 38 Registered: 08-2006
| Posted on Wednesday, September 06, 2006 - 10:39 am: | |
Á, tuigim anois, is dócha. Is dócha go bhfuil dualgas ar gach duine a ainm is a sheoladh a thabhairt má iarrtar ort ag gníomhaí dlí. Muna raibh Gaeilge ag an poilín, ní thuigfeadh sé an freagra. Ceist dlí é mar sin, ar tugadh na sonraí chuí muna raibh an poilín in ann a dtuiscint. Is dóigh gur ghlac an poilín gur diúltú a bhí ann, cur in éadan an dlí agus gabhadh í de dheasca. Roinnt blianta ó shoin, cuireadh cúirt ar dhaoine san Fhrainc cionn is gur leabhair siad Briotáinis leis an póilín . Cuireadh breith phriosúnachta orthu, cionn is gur rialaigh an Chúirt go raibh Fraincis líofa acu : Chonaic an breitheamh toradh a scrúdaithe scoile. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3685 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 06, 2006 - 05:23 pm: | |
Cuireadh an chúis ar athló arís, pé scéal é. quote:Muna raibh Gaeilge ag an poilín, ní thuigfeadh sé an freagra Má iarrtar ormsa cén t-ainm atá orm, Aonghus Ó hAlmhain atá orm, cuma cén teanga ina bhfuilim ag freagairt na ceiste. Mar an gcéanna do Mháire. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 41 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, September 07, 2006 - 05:22 am: | |
Agus tá ceist na n-ainmneacha is na sloinntí cigilteach in Éirinn leis. Cad is ainm duine?: Ainm an teastais breithe? an t-ainm lena bhfuil aithne air? ainm a athraithe le Gníomhas aonpáirtí? Is minic daoine le Gaeilge ag tabhairt a n-ainm Gaeilge nuair is an leagan Béarla an leagan oifigiúl acu. Is minic daoine le Gaeilge a chloíonn leis an leagan Béarla. Is minic duine ag silstin go mbíonn cead acu a rogha ainm a úsáid. Ní dóigh liom go bhfuil an dlí socair ina thaobh: dlí na Poblachta ná dlí an Tuaiscirt. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3691 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 07, 2006 - 06:10 am: | |
Aonghus Ó hAlmhain m'ainm oifigiúl ó thaobh gach teastas dá bhfuil ann. Go bhfios dom, is amhlaidh do Mhaire, a tógadh i mBóthar Seoige, é. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 43 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, September 07, 2006 - 06:20 am: | |
Níl fhios agam. Ach is beart suaithinseach teastas breithe Gaeilge a bheith ag duine a rugadh sa Tuaisceart. An dochar dom a fhiafraigh duit conas a tharlaíonn go bhfuil teastas breithe Gaeilge agat ós nós é le fada an lá, fiú i measc lucht na Gaeilge, a n-ainmneacha a chlarú i mBéarla. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3693 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 07, 2006 - 08:22 am: | |
Mo shin-sheanathair a roghnaigh an leagan Gaeilge dá ainm. Níor úsaid mo sheanathair ach é, agus is mar sin atá muid uilig claraithe ó shin. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 45 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, September 07, 2006 - 08:47 am: | |
Bhí an t-ádh leat. Ní raibh mo shinsear chomh fadcheannach |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3696 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 07, 2006 - 10:48 am: | |
Nó ceanndána agus muinéalteann! |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 25 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 08, 2006 - 11:44 am: | |
Ní mar sin a tharla sé ar chor ar bith. Bhí sí ag labhairt i nGaeilge lena cara. Nuair a chuala an póilín í ag labhairt Gaeilge d'ordaigh sé di gan a bheith ag labhairt an 'leprachaun language' sin agus Béarla breá na banríona a labhairt ina háit. Ag an bpointe sin bheartaigh máire nach raibh sí chun Béarla ar bith a labhairt leis an bpóilín. Tá sí le moladh as an seasamh cróga atá tógtha aici agus as a bheith sásta an cás a throid i nGaeilge sna cúirteanna - rud nár ceadaíodh riamh roimhe seo. Ní ghéillfidh sí ar an gceist seo. Is féidir bheith cinnte go gcuirfear an cás os comhair Chúirteanna Pharlaimint na hEorpa muna ligtear di an cás a thógáil i nGaeilge. Déarfainn go bhfuil áiféala ar an bpóilín sin anois. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1205 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 10, 2006 - 10:01 pm: | |
quote:Déarfainn go bhfuil áiféala ar an bpóilín sin anois. Ní bheadh ionadh ar bith orm dá mbainfeadh an fórsa póilíní nó an rialtas, ceap milleáin as na póilíní aonair a ghabh í. Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1206 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 10, 2006 - 10:06 pm: | |
Nuair a smaoiníonn arís air, seans gurb é seo an rud is fearr a tharla don Ghaeilge le cúpla bliain... bheadh sé go hiontach dá dtabharfaí an cás go dtí an Aontas Eorpach -- chuirfeadh an chonspóid Gaeilge ar an mapa. Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe. |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 27 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 11, 2006 - 03:39 am: | |
Cinnte agus tuigeann Máire go maith é sin. Tá sí le moladh as an seasamh cróga seo atá á thógáil aici. Cabhróidh sé seo le hiarrachtaí na heagraíochta POBAL Acht Teanga a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart. Beidh sí ag gabháil os comhair cúirte arís ar 18 Meán Fómhair agus beidh bus á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i mBÁC le gabháil ann. Deirtear liom go mbeidh suas le 300 duine taobnh amuigh den chúirt ar an lá sin. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 55 Registered: 08-2006
| Posted on Monday, September 11, 2006 - 08:59 am: | |
'Dhiabhail! Tá cosa ag fás go tiubh faoin scéal seo. Is ar éigean a bhfeicim poilín ó cheann ceann na míosa ach máirín bheag bhocht 1) Bhí poilín ina gaobhar 2) Bhí cluais le éisteacht air 3) "D'ordaigh" sé uirthi athrú teanga a tharraing uirthi 4) Bhí "fhios" aige gur teanga na ndaoine maithe a bhí a labhairt aici 5) Ní léir cad a tharla ansin, ach gabhadh í agus tá cúirt a chur uirthi ar chúis éigin 1) Nach maith an slándáil a bhí ina timpeall 2) Tá sé seo rud beag míbhéasach 3) Ní feidhm dó a leithéid a ordú. 4) Seo spochadh, nó míbhéas nó claonchiníochas fiú. Tá súil agam go bhfuil cúirt nó gearán le chur ar an bpoilín. Ach nach iontach go raibh fhios aige nach Liotuáinis nó Polainnis a bhí ann. 5) Ní léir dom fós cad é an chúis atá curtha i leith máire |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1207 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 11, 2006 - 10:46 am: | |
quote:Beidh bus á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i mBÁC le gabháil ann. Déanfaidh mé mo dhícheall bheith ar an mbus sin! Cé eile a thiocfaidh? Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe. |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 28 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, September 12, 2006 - 02:03 am: | |
Beidh mé féin ag gabháil ann. Cuir ríomhphost chuig le spás a chur in áirithe. Beidh go leor de Na Gaeil Óga ann chomh maith. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 552 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, September 12, 2006 - 06:39 am: | |
Ba bhreá liomsa dul ach ar an drochuair sa i nGaeltacht na Rinne a bheidh mé agus mo chuid ó DCU.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 60 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, September 12, 2006 - 07:23 am: | |
"....agus mo chuid ó DCU"? Cad a ghoid thú? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 556 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, September 13, 2006 - 08:34 am: | |
Mo dhaoine ón Ollscoil... A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3721 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 13, 2006 - 08:59 am: | |
An dia anois thú, a Dhomhnaill, go bhfuil daoine agat? . |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 64 Registered: 08-2006
| Posted on Wednesday, September 13, 2006 - 01:36 pm: | |
Bhal, a dhomhnaill, tá súil agam go mbeidh sibh ag labhairt na Gaeilge in éisteacht na nGardaí Síochána ;) |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 560 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, September 14, 2006 - 04:57 pm: | |
So nuair a deireann tú "mo chuid" an mbaineann sé le do chlann amháin? Ni féidir é a úsáid le foireann/ranga scoile & a leithéid de sin? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3735 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 15, 2006 - 04:16 am: | |
Ní dóigh liom é. Mo chuid comhscolairí/comh mhic léinn - ceart go leor; ach "mo chuid ón Ollscoil" aisetach, dar liom. Cuireann sé seilbh in iúl ar bhealach nach noibríonn, dar liom. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 67 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, September 15, 2006 - 07:21 am: | |
Aon scéal ó Mháire? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3737 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 15, 2006 - 08:29 am: | |
Ar an 18ú atá a céad lá eile sa chúirt. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 69 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, September 15, 2006 - 08:39 am: | |
An Luain seo chugainn, máisea? |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 72 Registered: 08-2006
| Posted on Monday, September 18, 2006 - 09:50 am: | |
Aon scéal ó Mháire? |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 29 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 18, 2006 - 11:30 am: | |
Cuireadh an cás ar ceal arís. Beidh an chéad éisteacht eile ar 2 Deireadh Fómhair. Bhí slua réasúnta mór bailithe taqobh amuigh den Chúirt ar maidin. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 73 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, September 19, 2006 - 05:13 am: | |
Bhfuil fhios ag éinne go fóill cad é go díreach atá curtha ina leith? An foráil? An dlí? |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 30 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, September 19, 2006 - 06:28 am: | |
Iompar mí-ordúil in ainneoin go bhfuil beirt fhinnéithe aici (duine amháin acu neamhspleách) a déarfaidh nach raibh aon iompar mí-ordúil ar siúl aici ar chor ar bith. Is é bun agus barr an scéil seo ná gur tógadh í de bharr go raibh sí ag labhairt Gaeilge. Tá siad i ndiaidh a bheith ag amaidí leis an duine mícheart agus, anois, is í an Ghaeilge a bheidh thuas leis dá bharr. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 74 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, September 19, 2006 - 07:10 am: | |
GRMA, a Jamie. Deir an idirlíon liom: disorderly conduct Encyclopædia Britannica Article in law, intentional disturbing of the public peace and order by language or other conduct. It is a general term including various offenses that are usually punishable by minor penalties. Cogar, an bhfuil sise ag cur an dlí ar an bpoilín de dheasca a chainte míshéimhe? |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 162 Registered: 12-2004
| Posted on Monday, September 25, 2006 - 12:17 pm: | |
An bhfuil a fios ag lucht na deireadh seachtaine Gaeltachta gur gar-inion Eddie Keenan í an Máire Nic an Bhaird seo. ('Ár bPast-tense Eddie féin' a bhí ag amhraíocht linn in Esopus agus Washington, D.C. cúpla uair agus in Ottawa cúig bhlian ó shin.) Bhí mé ag caint le Máire agus dúirt sí nach raibh sí ach ag fágáil slán lena cairde agus gur thainíg an póilín chuici agus rug sé gréim uirthi agus é ag rá go gcuirfidh sé isteach i gcillín í thar oíche má leannan sí léi ag labairt as Gaeilge. Tá mé chun dul ar ais ann más féidir ar an Luain seo chugainn más féidir. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 86 Registered: 08-2006
| Posted on Wednesday, September 27, 2006 - 08:28 am: | |
Tá súil agam go bhfuil Máire ag cur an dlí ar an bpoilín míbhéasach. |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 32 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, September 28, 2006 - 03:59 am: | |
Beidh Conradh na Gaeilge ag eagrú grúpa le gabháil suas go Béal Feirste, Dé Luain, 2 Deireadh Fómhair chun tucú le Máire Nic an Bhaird, an múinteoir bunscoile a thóg lucht Sheirbhís Phóilíneachta na Sé Chontae de bharr go raibh sí ag labhairt i nGaeilge. Má tá spéis agat teacht leis an ngrúpa seo déan teagmháil liom in Ard-Oifig an Chonartha ag nó cuir scairt orm ar 01 4757401. Bheinnse buíoch díot dá mbeifeá in ann teacht ar ais chugam roimh an Déardaoin 28 Meán Fómhair ag 12.00. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 100 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, October 03, 2006 - 12:53 pm: | |
Bhal, dé a dh'éirigh idir Máire is an breitheamh indé? |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 103 Registered: 08-2006
| Posted on Wednesday, October 04, 2006 - 11:02 am: | |
Nach raibh éinne ag seasamh le Máire? |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 35 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, October 06, 2006 - 05:40 am: | |
Tá straitéis nua ar an bhfeachtas seo, a chairde. Beidh eagraíochtaí ar nós Chonradh na Gaeilge, Pobal agus Na Gaeil Óga ag tacú léi (i mbun agóide taobh amuigh den Chúirt) gach uair a dtéann sí os comhair Cúirte ach má bhíonn uirthi gabháil os comhair na hArd-Chúirte bheiffí ag súil go mbeadh suas le cúig chéad ag na hagóidí sin. Fós, níl mé cinnte go dtuigeann an mórphobal cé chomh tábhachtach is atá sé seo. Má éiríonn le Máire beidh an chéad chéim tógtha maidir le cur i bhfeidhm Achta teanga (Acht Gaeilge) sa Tuaisceart. Má ligtear do Mháire an cás a thógáil trí Ghaeilge beidh na céadta agus mílte ina diaidh ag iarraidh a dea-shampla a leanstan agus ní bheadh an dara roghú ag Cúirteanna an Tuaiscirt ach éisteacht leis na cásanna trí Ghaeilge. Tá iontas orm nach bhfuil níos mó tacaíochta ag Máire ó na páirtithe polaitiúla. Is ceist fhíorthábhachtach í seo. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 112 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, October 06, 2006 - 07:14 am: | |
Fúibh fhéin atá bhur gcuid feachtaisí, dar ndóigh, agus guím rath ar a obair. Ach glactar ag furmhór Thuaisceart Éireann, Phoblacht na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe gur cuid den RA Tuaisceart na hÉireann. Ritheann a dlí ann. Sa RA níl ach aon taobh tíre amháin ina bhfuil comhstadas ag teanga eile faoin dlí seachas an Béarla .i. An Bheatain Bheag. Tá seo ann de bhua dlí seachas fasach cúirte. Níl sé san Albain ag Gaeilge na hAlban, sa Mhanann ag Gaeilge na Manainne, sa gCorn ag an Chornais. Cé nach bhfuil na hOileáin Mhuir nIocht sa RA, níl statas ag an Fhraincis Normannach faoin dlí, ach mar órnáid. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 568 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, October 06, 2006 - 09:41 am: | |
Anois fan soicind ansin a stór.. Bí cúramach toisc gur ceist an láidir is paiseanta í ceist na saoirse. Cad atá ar intinn agat le "Glactar" ? Ní thacaíonn 45% mhuintir an tuiscirt leis. Ní thacaíonn beagnach dhá oiread an méid sin de mhuintir 26 contae leis. Agus is é an tuairim is coitianta i measc mhuintir na breataine ná gur cóir go mbeadh Eire Aontaithe. So ye b'fhéidir go nglacann formhór na daoine leis na dlíthe laethúla atá ann ach ní thacaíonn gach duine leo ach an oiread. As na Stáit Aontaithe thú Fearn? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 116 Registered: 08-2006
| Posted on Monday, October 09, 2006 - 07:29 am: | |
A Dhomhnaill, "Anois fan soicind ansin a stór.." Ná bí téisiúil. "Bí cúramach toisc gur ceist an láidir is paiseanta í ceist na saoirse." Bhfuil tú a maíomh go mbím cúramach le ceisteanna laga is fuara? "Cad atá ar intinn agat le "Glactar" ? Conradh na Breataine is na hÉireann 1920; Comhaontú Aoine an Chéasta; reifreann Phoblacht na hÉireann ag athrú an Bhunreacht; Riaradh buan na Breataine i dTuaisceart na hÉireann. "Ní thacaíonn 45% mhuintir an tuiscirt leis." Féach thuas. " Ní thacaíonn beagnach dhá oiread an méid sin de mhuintir 26 contae leis." Féach thuas. " Agus is é an tuairim is coitianta i measc mhuintir na breataine ná gur cóir go mbeadh Eire Aontaithe." Féach thuas "So ye" ????????? " b'fhéidir go nglacann formhór na daoine leis na dlíthe laethúla atá ann ach ní thacaíonn gach duine leo ach an oiread." Cá bhfágann sin an daonlathas? Cogar an mbaineann an cás seo le Máire? "As na Stáit Aontaithe thú Fearn?" Rugadh mé i dtírín beag bídeach ar imeallbhord na hEorpa darb ainm Éire |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 126 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 11:37 am: | |
'Dé mar d'éirigh le Máire Bhocht san éisteacht dheireannach? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4698 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 12, 2007 - 03:23 pm: | |
Bhí snáth nó dhó eile faoi le cúpla la anuas. Beidh sise ag tabhairt fianaise ar 12ú Feabhra. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 128 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, January 15, 2007 - 09:16 am: | |
Maith an bronntanas Bhailintín di. (Ní fhéadfainn neamhshuim a dhéanamh go bhfuil sí ina stuaire) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 169 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, February 12, 2007 - 11:47 am: | |
aon scéal ag éinne i dtaobh Máire inniu? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5022 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, February 13, 2007 - 07:35 am: | |
|
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 49 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, February 13, 2007 - 10:19 am: | |
Bhí mé sa Chúirt inné. Tá an éisteacht thart anois. De bharr gur éisteadh leis an dá thaobh ar laethanta éagsúla dúirt an breitheamh nach raibh sí in ann cinneadh a thógáil ag an bpointe sin. Déanfar an breithiúnas ar an Luan, 26 Feabhra. Is léir gur chaith na péas go dona léi, áfach, agus go raibh siad á maslú de bharr gur i nGaeilge a bhí sí ag caint. Mar eolas daoibh, áfach, beidh léirsiú ar siúl i mBéal Feirste ar 24 Feabhra (dhá lá roimh chás Mháire) le tacaíocht mhórphobal na Gaeilge a thaispeáint do rialtas Westminister d'Acht Gaeilge don Sé Chontae. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh slua mór i láthair aige seo. Beidh dhá bhus ag fágáil ó Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge (6 Sráid Fhearchair) an lá sin le tacú leo. Ní bheidh aon chostas ar an mbus agus tá fáilte roimh chách. Is cinnte gur lá stairiúil a bheidh ann. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 170 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 08:22 am: | |
Maith sibh ar aon! |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 182 Registered: 12-2004
| Posted on Wednesday, February 28, 2007 - 12:08 am: | |
An bhfaca sibh nuacht.com inniu? CIONTACH... Tá sé ráite ag Máire Nic an Bhaird go ndéanfaidh sí achomharc in éadan a ciontaithe as 'iompar mí-ordúil' do-chreidte, maithigi dom uilig i mBéal Feiriste, ach cuireann sé sin deistin orm agus níl fonn orm mo chos a leagán ar ais ann. Tá trua agam daoibh uilig ach go hairithe do Mháire. Colleen |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 183 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, March 02, 2007 - 12:39 pm: | |
Tá tú rud beag goilliúnach, a chailín. Nach bhfuil? |
|