Author |
Message |
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 87 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, July 15, 2006 - 06:38 am: | |
Bhí orm dul ag suíomh Co. Co. na Gaillimhe inné. Níl seirbhís ar bith le fáil ann tré Gaeilge seachas an choras "send us your comments" is féidir teachtaireaacht a sheoladh chuchu ansin tré Gaeilge ach má theastaíonn uait an choras gearán a thuiscint ní mór duit filleadh ar an leagan Bhéarla. Seo mar a deireann siad in a scéim Gaeilge féin atá cláraithe leis an gCoim. Teanga: "3.6.15. Is é an leagan Gaeilge http://www.gaillimh.ie a bheidh mar láithreán gréasáin na Comhairle. Meitheamh 2006" Is ceart dúinn gearán a dhéanamh leo - ait go leor is féidir gearán a dhéanamh tré Ghaeilge mar a luas thuas! - ag http://www.galway.ie/comments/comments.taf?lang=1 agus leis an gCoim Teanga ag 'Sí Comhairle Chontae na Gaillimhe an Údarás Áitiúil a bhfuil an an ceantair Gaeltachta is mó sa tír inti. Eoin Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 13 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 17, 2006 - 06:11 am: | |
Rinne mé iarracht gearán a dhéanamh ach níor glacadh leis. Tháinig leathanach éigin suas ag rá go raibh locht éigin ar an gceangailt. An t-aon leathanach Gaeilge ar an Suíomh agus tá sé lochtach!!! Iontas na n-iontas!! |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 56 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, July 18, 2006 - 04:45 pm: | |
Craoladh ar Nuacht TG4 inné 17 Iúil nach raibh ach trí iarratas i nGaeilge ar cheann de na seirbhísí atá Comh Chont na Gaillimhe a chur ar fáil. De réir an Choiminséir Teanga Seán ó Curraoin thaispeáin sé nach bhfuil muinín ag Gaeilgeoirí Chonnamara na Gaeilgeoirí atá ina gcónaí sa gcontae sa tseirbhís.Fuair mé féin an chluasbhodhar go minic blianta ó shin agus le blianta fada ní dhéanaim aon ghratha/ghnó tré Ghaeilge in áit ar bith den tír mar ní fiú an trioblóid é agus an cur amú ama. Sea , a lucht léanna tá an Ghaeilge ag dul an bealach céanna agus a chuaigh teangacha na n-Indiacha Rua i Meiriceá. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 92 Registered: 10-2004
| Posted on Wednesday, July 19, 2006 - 03:16 am: | |
Tá oifig ag an Co Co ar an gCeathrú Rua agus is féidir seirbhís éigin tré Ghaeilge fháil ansin. Ach nuair atá éinne as láthair tá sé de nós acu duine gan Ghaeilge a chuir ann... Conas a bheadh muinín ag éinne as a gComhairle Chontae sin! Féach leis ar an alt i Lá inné (18/7/2006) ag Ian Malcolm agus é ag iarraidh Stampa in Árd Oifig an Phoist i Mbaile Átha Cliath. Cad a déanann muide nuair atá stampa uainn? Gaeilge nó Béarla? "....tá sé de dhualgas orainn cur ina luí ar an Stát nach bhfuil muid sásta cur suas le háit na leathphingine níos mó. Ní fiú cuspóirí a bheith againn muna bhfuil muid réidh le dul sa tóir orthu. Cuirimis “stampa” na Gaeilge ar ghnó oifigiúil an oileáin seo as seo amach." a deireann Ian sa deireadh. E Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, July 19, 2006 - 07:18 am: | |
Is cuimhin liom tamall ó shoin ag iarraidh Fraincis a chur ar fhreastalaí sa chaife san Alliance Francaise (Lucht scaptha sibhialtacht na Fraincise )i mBaile Átha Cliath .i. trasna an bhóthair ó Caife Úna. Agus conas d'éirigh liom? Ní raibh an fhraincis aici. Afraiceach Theas nó Astrálach a bhí innti. Ní fhéadfadh sí chur romham an rud nach raibh aici. Agus Ian bocht. Nach mó de ghníomh pholaitíochta a bhí ar siúl aige, nó boc iriseoireachta (?), seachas stampa a cheannacht? Seo a ndéanfainnse más dhá stampa €1 a bhí uaim: "Dhá" a rá agus dhá mhéar a thaispeáint, nó méar is ordóg. Ní mian liom bheith dímhúinte. "Stampa" a rá. Thuigfeadh an béarlóir is bómánta an focal seo as a bhéarla. "Iúró" a rá agus bonn €1 a theaispeáint. Dhéanfainn aoibh an gháire leis an freastalaí an t-am ar fad le chur in iúl gur ghníomh spraoi stampa a dhíol as Gaeilge, nach gá faitíos a bheith air, ná náire, cionn is nach dtuigeann sé; dea-mhéin a fhágáil air i leith na Gaeilge; agus, cá bhfios, fonn air barr feabhais a chur ar an méid Gaeilge atá fágtha ina cheann. Ná déanaimis dearmad go mbímid ag plé le daoine i dtosach seachas córas maorlathais, polaitíochta ná riarachain. Má thugaimid na daoine a thabhairt ar ár dtaobhna, seachas olc a chur orthu, beidh dul chun cinn a dhéanamh. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 95 Registered: 10-2004
| Posted on Thursday, July 20, 2006 - 02:53 am: | |
Ach sé an maorlathas a chuireann daoine ós ár gcomhair nach féidir an jab a dhéanamh. Abair liom conas is féidir an córas maorlathais seo a athrú ach tré ghníomh? Agus an gníomh? Tá sé simplí go leor - Gaeilge a labhairt agus a scríobh chuig gach ranna stáit agus gníomhaireacht poiblí agus nuair nach féidir leat an seirbhís a fháil an gearán a dhéanamh leis an gCoim Teanga. I gcuid mór de na cásanna tá dlí na tíre á briseadh acu E Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, July 21, 2006 - 06:53 am: | |
A E, Tagaim go huile is go hiomlán leat, ach ná déan dearúd mian na ndaoine a thabhairt leat. Is fearr cara sa cúirt ná tromas an dlí ar do chúl... |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 534 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, August 02, 2006 - 07:03 pm: | |
Bhí agallamh agam leis an bPost seachtain nó dhó ó shin.. Bhí an bheirt sásta gur buntáiste í bheith in ann déileáil leis an bpobal tríd trí theanga ach níl duine im oifig áitiúil le Gaeilge acu.. Agus ní raibh siad ag iarraidh an post a thabhairt dom toisc go mbead ag dul ar ais ag stáidéar i gceann cúpla seachtain.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, August 03, 2006 - 07:31 am: | |
A dhomhnaill. Cé lena raibh tú ag caint? An Príomhoifigeach Feidhmniúcháin? Nó cé? Cad iad na trí theanga ar bhuntáiste duit bheith leis an phobal? Más agallamh le haghaidh poist é, an mbeidh tú ag cur an dlí orthu de dheasca leathcheal a dhéanamh ortsa? An raibh sé deachair agallamh i nGaeilge d'fháil? |
|