"Beidh Féile Ealaíne eile i nGaillimh an samhraidh seo, Togra '06, a bheidh ar siúl i rith an ama céanna le Féile Ealaíne na Gaillimhe. Tá sé mar aidhm ag an fhéile seo an cheist a chur ar mhuintir na Gaillimhe maidir le cén saghas féile a theastaíonn uathu. Ní bheidh an fhéile i gcomhlint le Féile Ealaíne na Gaillimhe, cé go mbeidh sé ag iarraidh treo an mhór fhéile a stiúradh.
Is iad ealaíontóirí agus lucht stiúrtha ealaíne na Gaillimhe atá taobh thiar den fhéile nua seo agus iad ag iarraidh ardán faoi leith a thabhairt d'ealaíon na Gaillimhe i rith Féile Ealaíne na Gaillimhe. Teastaíonn ón lucht eagraithe go mbeidh spiorad na h-ealaíne ar ais i gcroí lár na cathrach i rith an ama seo agus go n-aireoidh muintir na Gaillimhe gur leo féin an fhéile.
Galway Youth TheatreGalway Youth TheatreBeidh ealaíon na Gaeilge i gcroílár na féile chomh maith. Tá sé i gceist go mbeidh clár leathan imeachtaí Gaeilge ar siúl i rith Togra '06, ar fud na cathrach ar feadh na seachtaine.
Beidh an fhéile ar oscailt d'ealaíontóirí na Gaillimhe ar fad ach ionad agus buiséad a bheith in acmhainn acu chun a gcuid ealaíne a chur ós comhair na ndaoine.
Dar le lucht eagraithe na féile tá ardmheas acu ar an obair atá déanta ag Féile Ealaíne na Gaillimhe le blianta beaga anuas ó thaobh imeachtaí móra idirnáisiúnta a thabhairt go Gaillimhe. Mar sin féin is é an tuairim atá ag Togra '06 ná gur chóir go mbeadh na h-ealaíne áitiúil curtha chun cinn go mór ionas go mbeadh spiorad na healaíne dúchasach don chathair i rith tréimse na féile. Cuirfidh seo leis an sult a bhainfidh na grúpa agus turasóirí idirnáisiúnta as an fhéile.
Féile aon bhliain amháin atá i gceist le Togra '06. Tá súil go dtabharfaidh Féile Ealaíne na Gaillimhe aird ar an bpoinnte atá á dhéanamh ag an togra nua seo."
Tá eolas faoin gclár ar
http://anghaeltacht.net/togra E