Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 70 Registered: 03-2006
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 09:32 am: | |
Tá mé ag lorg Caoine a d'fhoghlaim mé na cianta ó shin nuair a bhí mé im scoláire sa bhunscoil (agus a rinne mé dearmad air freisin!). Thosaigh sé: Nach mairg dhom ad éis A leanbhán mo chléibh, nach ndeacaigh mé ar teitheadh leat....." Máthair ag caoine a linbh ar dúnmharaíodh an t-ábhar. Rinne mé géirchuardú ar an idirlíon, ach gan toradh ar bith. Dá bhrí sin, bheinn an-bhuíoch dá bhféadfaí mé a dhíriú ina threo, nó an téacs a sholáthrú dom anseo. GRMMA |
Léitheoir (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 29, 2006 - 11:13 am: | |
Nac mairg dhom ad' éis! A leanbáin na gcraobh, Nach ndeacha mé ar teitheadh leat, A leanbáin mo chléibh. Nuair a tháinig siad go ndíth Uch! nár nocht mé mo chlí, I ndúil go maothfainn iad, A leanbáin mo chléibh. Bhí aoibh ort le do namhaid, A leanbáin na gcraobh, Bhí aoibh ort le do mháthair, A leanbáin mo chléibh. Is cuimhin liom do gháire Nuair a stialladh ó mo lámha thú, D'ainneoin do cháile-se, A leanbáin mo chléibh. Cá ndeachaigh ár gcairde, A leanbáin na gcraobh? Táid ina luí gan aird, A leanbáin mo chléibh. Táid uile san uaigh -- Na curaidh calma cruaidh-- Dhéanfadh ár ar an tsluaigh dhuit, A leanbáin mo chléibh. Tholl siad do lársa, A leanbáin mo chléibh. Is tú in mo lámha, A leanbáin na gcraobh! Do goineadh mo chlí, Óir do chuaigh an gath go ndíth, Is do ling fuil mo chroí, A leanbáin mo chléibh. Do chonaiceas do dhaorphian, A leanbáin na gcraobh, Ní aithrisim mo phian, A leanbáin mo chléibh. Do throid mise leo, Níor shuim liom mo bheo, Thoghfainn bás san ghleo, A leanbáin mo chléibh. Do cheangail siad le crann mé, A leanbáin na gcraobh, Ionas go bhfeicinnse d'anchruth, A leanbáin mo chléibh. Bhí tú ar bharr an phíce, Is do chuala mé do chaí-se Is do réab sin mo chroí-se, A leanbáin mo chléibh. Peadar Ó Doirnín a scríobh. Fuaireas as Filíocht na nGael é cnuasach dántá le Pádraig Ó Canainn a foilsíodh 1940 agus ar "caighdeánaíodh" 1958 |