Tá comhlacht Sasanach fostaithe ag Foras na Gaeilge mar chomhairleoirí don tionscadal,
Lexicography Masterclass is ainm dóibh:
http://www.lexmasterclass.com/ D'fhreastail mé féin ar chaint a thug duine den chomhlacht tá leathbhlian ó shin, cur síos ar an fhoclóir beartaithe a bhí ann. Tá an-mheas agam ar an dóigh a bhfuil sé seo pleanáilte acu, ach tá bóthar fada fós amach rompu. Ón méid a thuigim, níor cuireadh tús le scríobh an fhoclóra go fóill, cé is moite de roinnt bheag iontrálacha trialacha.
Beidh áis den scoth againn go léir nuair a bheidh an foclóir seo ann, ach os cosúil go mairfidh sé sin roinnt mhaith blianta fós.