Author |
Message |
Gobadán_cosbhuí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 27, 2006 - 05:34 am: | |
Tá Fóram Beo ar ais arís! Buíochas le Dia! Tá sé éirithe! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 413 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, June 27, 2006 - 11:10 am: | |
Bhuel, ghoid duine éigin m'ainmneacha ann. Nach cliste mo stalcaire. Táim ag iarriadh m'ainm féin a fháil ar ais. Muis. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 27, 2006 - 01:26 pm: | |
Mo léan a Shéamais an diabhlaíocht go léir a chonaic tú leis an duine/dream seo agus má shleamhnaigh sé slán go dtí seo, cuimhnímis an seanfhocal faoin madra rua: Dá fhaid a ritheann an sionnach is minic a dhíoltar a chraiceann. Tharla uimhir a ríomhaire a bheith ar fáil, is dócha gur féidir a cheapadh am éigin amach anseo. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 414 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, June 27, 2006 - 01:59 pm: | |
Fuarthas ar an suíomh seo é, agus tá sé ag baint úsáid as ríomhaire i leabharlann i mBéal Feirste, de réir dealraimh. Ach is féidir an ríomhaire sin a stadadh, ar aon nós. Seans maith é seo chun fáil amach an bhfuil siad i ndáiríre maidir le smacht a choimeáid ar an gclár nua. |
|
Duine (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 27, 2006 - 04:04 pm: | |
Níl an fóram ag obair domsa anois. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 415 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, June 27, 2006 - 05:10 pm: | |
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1551 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 28, 2006 - 02:47 pm: | |
quote:Bhuel, ghoid duine éigin m'ainmneacha ann. An raibh tú in ann an fhadhb sin a réiteach? Foghail most foul, a deirimse! Dála an scéil, cé atá i bhfeighil an chláir plé sin anois? Go raibh [do rogha meafar] leat! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 416 Registered: 11-2004
| Posted on Sunday, July 02, 2006 - 03:35 pm: | |
Bhí mé as baile go dtí inniu. Tá na bréagtheachtaireachtaí ann fós, agus an duine ann fós. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 417 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, July 03, 2006 - 09:03 am: | |
Fuair mé freagra, agus tá an duine sin coiscthe. Ach fágadh na teachtaireachtaí nár scríobh mise. Neamhurchóideach go leor, is dócha. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 418 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, July 03, 2006 - 09:38 am: | |
Níl Séamas Poncán saor dom fós, mar atá. Ach táim dóchasach arís. |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 8 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 03, 2006 - 10:21 am: | |
An bhfuil a fhios agaibh an dóigh a bhfuil sibh uilig ag caint ar athchlárú le Clár Plé Beo. An gciallaíonn sé sin go n-imeoidh sibh ón Suíomh seo? Níl ann ach go gceapaim go bhfuil an ceann seo go hiontach. Níl mé ag rá go bhfuil a dhath ar bith cearr le Clár Plé Beo ach an oiread. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 419 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, July 03, 2006 - 10:31 am: | |
Bímse ar an uile chlár plé, de ghnáth. Tá daoine áirithe ann nach bhfuil sásta bheith ar níos mó ná clár amháin, agus sin an fáth nach bhfuilimse sásta leis sin! Ná bíodh imní ort. Nuair a bhí Beo beo, bhíomar go léir anseo freisin. Is maith liom an clár seo go mór. Ach níl aon dul as - bíonn níos mó daoine ann ag iarraidh caint as Gaeilge ar Beo. Rud maith agus rud olc sin, mar atá... |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 9 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 03, 2006 - 10:45 am: | |
Fair Play! Aontaím leat. Is fiú cláir éagsúla a thriail. Tá mise cineál nua don chraic seo agus, mar sin, ní bheadh a fhios agam cad iad na cinn is fearr ach mar a dúirt mé is maith liom an ceann seo. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 420 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, July 03, 2006 - 01:51 pm: | |
Bain trial as an gceann seo, más maith leat, freisin: www.scoilgaeilge.org/liosta Sin mo cheann féin. Bíonn sé cuíosach ciúin. |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 10 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 04, 2006 - 09:46 am: | |
Tá sé go maith ach fós is fearr liom an ceann seo. Tá brón orm. |
|