Author |
Message |
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 59 Registered: 03-2006
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 11:12 am: | |
Cheap mé go mb'fhéidir go mbeadh sé suimiúil sliocht Ghaeilge an lae inniu a roinnt libh. Fuair mé é ar ríomhphost ó Éirinn. Seo chugaibh é: Tá eolas sa teachtaireacht leictreonach seo a d'fhéadfadh bheith príobháideach nó faoi rún agus b'fhéidir go mbeadh ábhar rúnda nó pribhléideach ann. Is le h-aghaidh an duine/na ndaoine nó le h-aghaidh an aonáin atá ainmnithe thuas agus le haghaidh an duine/na ndaoine sin amháin atá an t-eolas. Tá cosc ar rochtain don teachtaireacht leictreonach seo do aon duine eile. Murab ionann tusa agus an té a bhfuil an teachtaireacht ceaptha dó bíodh a fhios agat nach gceadaítear nochtadh, cóipeáil, scaipeadh nó úsáid an eolais agus/nó an chomhaid seo agus b'fhéidir d'fhéadfadh bheith mídhleathach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3307 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 11:27 am: | |
"aonáin" - hmm. sinn ceann deas. Ach bheadh "beith" níos fearr. http://www.focal.ie/Search.aspx?term=entity&lang=0 (Message edited by aonghus on June 19, 2006) |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 19, 2006 - 11:27 am: | |
Tá tú ró-chneasta ar fad, a phuiscín dhuibh |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 61 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, June 20, 2006 - 11:55 am: | |
Purrrr, a Fheirn! :) |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 22, 2006 - 06:46 am: | |
Seo "francach" duit, a phuiscín! |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 63 Registered: 03-2006
| Posted on Saturday, June 24, 2006 - 09:12 am: | |
Tá cáil ar na Francaigh mar sholáthraithe bhia agus lóin, deirtear. Ach cé comh blasta, ní ligtear (fiú amháin domhsa) iad a itheadh anseo sa bhFrainc. :) |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 26, 2006 - 10:26 am: | |
Col phuiscín le feoil an fhrancaigh: sin rud nach raibh riamh nó nach mbeidh!;) |
|