mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Cainteoir Dúchais Mhiolbhácaí « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, June 14, 2006 - 04:51 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Thóg mé liom é go Toys R Us den chéad uair an tseachtain seo caite agus phléasc mé amach ag gáire nuair a scread sé os ard i nGaeilge: "Mamaí, féach ar an siopa seo! Tá gach rud acu anseo!" Agus bhí! Chuir sé lúcháir orm é a chloisteáil ag labhairt as Gaeilge i measc na siombailí uilig den chultúr tomhaltais sa tír seo.

http://www.beo.ie/2006-06/?page=teanga_agus_cultur&content_id=78

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 400
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, June 14, 2006 - 10:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níor cheannaigh na Gaeilgeoirí aon rud ann, is dócha, mar níl ón 'gcultúr tomhaltais' seo iad. Nach láidir na Gaeil, agus páiste dá gcuid i siopa bréagán, agus gan fonn air aon rud a cheannach!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1489
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, June 14, 2006 - 01:42 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Deirtear go raibh suim ag na Sean-Ghaeil in ór agus airgead, fearacht chuile dhream eile ar domhan: ní le hiad a charnadh, áfach, ach le hiad a scaipeadh chun cáil agus clú a chosnamh dóibh féin. Mar a dúirt an duine aosta, "Is búaine blad iná seóid."

http://www.sengoidelc.com/node/210

Agus bhí siad in ann an clú a bhí uathú a cheannach outright, i riocht dánta molta! Mhairfeadh a gclú i bhfocail mar sin. Ach ní raibh dán dea-dhéanta saor ar chor ar bith!

http://www.sengoidelc.com/node/116

Tomhaltóirí dánta a bhí iontu!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1490
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, June 14, 2006 - 01:49 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Smaoineamh fánach eile a spreag an focal "tomhaltas":

Aham annam aham annam aham annam.
Aham annâdo' ham annâdo' ham annâdah.


Paidir nó altú Hiondú é sin, i Sanscrait. Ciallaíonn sé:

Is bia mé, is bia mé, is bia mé.
Is tomhaltóir mé, is tomhaltóir mé, is tomhaltóir mé.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 401
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, June 14, 2006 - 02:59 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhuel, mar a deirtear as Béarla, "Don't eat yourself up over it."

Rinne mé dán beag molta duitse saor in aisce, tráth dá raibh, mar atá. Nílim in ann é a aimsiú anois. Gaeilge-B, b'fhéidir?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe arn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, June 16, 2006 - 10:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

cuireann sé greann Spike Milligan in iúl dom a mhaigh go raibh sé ina chainteoir dúchais Esperanto!



©Daltaí na Gaeilge