Author |
Message |
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 43 Registered: 10-2004
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 04:05 am: | |
Ar léigh éinne eagarfhocal Bheo na míosa seo? "Tá na heagraíochtaí Gaeilge i gcoinne pholasaí Fhine Gael deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach san Ardteist ach b’fhéidir nach bhfuil an straitéis cheart á leanúint acu," a deireann sé. Cad a cheapann sibh? http://www.beo.ie/2006-06/?page=caint_an_tsraidbhaile&content_id=80 Eoin (2955) Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 09:09 am: | |
Cheapim go mbeadh se ufasach deireadh a chur leis, ach is docha go d'fhéadfaí feabhas a chur ar an sli ina bhfuil se muinte. Nil gaeilge iontach agam ach bheadh se i bhfad nios measa, mona dhearna me e don ardteist. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3253 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 10:43 am: | |
Tá an nasc úd briste domhsa, agus is eagrán bealtaine a fheicim ag www.beo.ie. An bhfuil leigheas ar sin? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 398 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 10:46 am: | |
Sílim go bhfuil an ceart ag an eagarthóir. Is rí-mhinic a thaobhaíonn lucht na Gaeilge le taobh amháin (an eite chlé, de ghnáth). B'fhearr dóibh caint agus chomhobair a dhéanamh chomh fada agus is féidir le gach páirtí. Chuala mé Enda ag caint ar an Imeall, agus níl dearcadh diúltach aige i leith na Gaeilge. Bíonn daoine ag gearáin go mbrúitear an Ghaeilge orthu. Tá an teoiric ann go mbeidh daoine níos sásta í a fhoghlaim gan an brú sin. Cá bhfios? Níor éirigh go rí-mhaith go fóill, ní mór dom a rá. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 07, 2006 - 11:21 am: | |
>> Is rí-mhinic a thaobhaíonn lucht na Gaeilge le taobh amháin (an eite chlé, de ghnáth). Is fíor duit a Shéamais, ach le linn fheachtais 'Stádas' bhí MEP Joe Mac Cartin ag scríobh litreacha (iolra) chuig na nuachtáin go léir (go léir, léir) in éadan stádas oifigiúil oibre a bheith ag an nGaeilge. Níor chuala éinne in FF, An LOibre ná le haon dream eile acu a cháineadh na hiarrachta i leith an stádais. Is go naimhdeach a labhair Rickard Deasy ar an gceist anseo ag an am. Chuir sé ionadh mo dhóthain orm ag an am. >>B'fhearr dóibh caint agus chomhobair a dhéanamh chomh fada agus is féidir le gach páirtí. B'fhearr. Nuair a dhéanfar dochar as cuimse áfach caithfear cur go láidir ina n-éadan. >>Chuala mé Enda ag caint ar an Imeall, agus níl dearcadh diúltach aige i leith na Gaeilge. Chuala féin é ag cruinnithe faoi Stádas agus tagaim leat. Feiceann sé vótaí lucht na frith-Ghaeilge san iompar is déanaí. >>Bíonn daoine ag gearáin go mbrúitear an Ghaeilge orthu. Tá an teoiric ann go mbeidh daoine níos sásta í a fhoghlaim gan an brú sin. Cá bhfios? Gasúir scoile a dhéanann mar ábhar scoile í atá i gceist. Mura mbeadh Béarla agus Áireamh éigeantach, ba chuma liom an Ghaeilge a bheith roghnach, ach ní mar sin a bheas an scéal. Beidh roinnt 100,000ta Éireannach gan bun-Ghaeilge a bhféadfaí tógáil uirthi. >>Níor éirigh go rí-mhaith go fóill, ní mór dom a rá. Ní bheinn anseo murach an córas a thug an deis dom í a thabhairt liom. An chuid is mó den dream a labhraíonn Gaeilge liom, is ar scoil a céadchasadar leis an teanga. Níor cheart do BhEO a bheith éiginnte faoi iompar chomh fuarchúiseach in éadan na teanga seo againne ar son roinnt míle vótaí agus poiblíocht. Cuimhnigh gur mhaígh 12% de dhream a ceistíodh gurbh fhearr leo nach mbeadh Gaeilge ag a gcuid gasúr. (Lá nó Foinse a thuairisc inné) Nuair a roghnaigh Fine Gael an treo seo, níl le déanamh againne ach breith nó fág. 'Fág' a deirim. Dá rachadh an Loibre leis an dúnghaois sin, ní thuillfidís ach an droim láimhe chéanna uaim. Is náire shaolta iad Fine Gael, BEO a bheith maoth nó measartha fúthu, is cuma liom. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 46 Registered: 10-2004
| Posted on Thursday, June 08, 2006 - 03:53 am: | |
Deirtear nach bhfuil "dearcadh diúltach aige i leith na Gaeilge" ag Enda Kenna. Ar labhair sé sa Dáil ar aon ábhar seachas cúrsaí Gaeilge nó Gaeltachta sa Dáil. Ó tháinig mé anseo chuig an Ghaeltacht chuireann sé íontas orm a laghad sheirbhís atá le fáil i dteanga na daoine anseo. Má scairteann mé ar an Comhairle Chontae i nGaillih is i mBéarla atá orm mo ghnó a dhéanamh - cé go bhfuil oifig ar an Ceathrú Rua a thugann na seirbhís teoranta atá faoina chúram i nGaeilge. An rud céanna le BSL, Éircom 7rl Má tá orm an "NCT" a dhéanamh ar mo charr ní féidir liom é sin a fháil i nGaeilge. Agus féach ar an fógraí ceantalaithe tithe thár timpeall is annamh a feichtear "Le Díol" ach tá "For Sale", fiú ar na tithe atá tógtha faoin coinníol teanga! Nó na stáisiún artola - "Punctures Fixed", "Car Wash" 7rl Ní bheadh fhios agat gur sa Ghaeltacht atá tú. Níl fadhb ar bith le Gaeilge éiginteach is cosúil an fadhb atá againn sa tír seo ná Béarla éiginteach. E Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3254 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 08, 2006 - 05:35 am: | |
quote:Ar cheart dúinn díriú ar na páirtithe eile a d’fhéadfadh bheith i gcumhacht leo? (Is cinnte go mbeadh sé níos fusa geallúintí a fháil ó Pháirtí an Lucht oibre ná ó Fhine Gael.) De reir mo thuiscint, tá sin ar bun chomh maith. Bí alt ar lá i rith na seachtaine faoi litir ó Phat Rabbitte chuig iriseoir de chuid lá ag cur i gcoinne an gné úd de pholasaí FG. Agus tá cainteanna ar bun ag CnaG le gach pairtí ar an gceist. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 399 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, June 08, 2006 - 09:35 am: | |
B'fhéidir gurb é an rud is fearr faoin bpolasaí seo ná go bhfuil daoine ag déanamh machnaimh ar an gceist arís, agus go mbeidh tuiscint níos fearr ag daoine faoin bhfáth is an ndóigh a fhoghlaimítear an Ghaeilge. (Message edited by Séamas_Ó_neachtain on June 08, 2006) |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 49 Registered: 10-2004
| Posted on Friday, June 09, 2006 - 03:08 am: | |
Anois tá 3324 ainmneacha ar an liosta! E Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|