mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Yerba Mate « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1441
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, June 04, 2006 - 11:56 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Faighim mo chuid caiféine ó thae dubh den chuid is mó, agus beagán di ó chaife agus ó sheacláid. Ach tá spéis agam in dhá fhoinse caiféine eile le déanaí, mar atá matcha agus yerba mate. Tá siopa nua sna bólaí seo le mí anuas, cuid de "shlabhra" atá ar siúl cheana sa tSeapáin, a dhéanann deochanna as matcha in ionad caife.

http://www.kootsgreentea.com/

Is maith liom an "matcha latte" atá acu! Tá "green tea latte" ar fáil ó Starbucks anseo le déanaí freisin, ach tá an ceann ó Koots i bhfad níos fearr!

Agus maidir le yerba mate, ní rud nua ar fad domsa é, ach chuir mé suim ann arís le déanaí. Saghas tae é a óltar go forleathan i Meiriceá Theas, a thagann ó chrann atá gaolmhar leis an gcuileann. Tá neart caiféine ann, ach tá rudaí eile ann chomh maith. Deir daoine a ólann go rialta é nach n-ionann an spreagadh a fhaigheann siad uaidh agus an spreagadh a fhaigheann siad ó chaife nó ó thae. An bhfuil éinne ann anseo a ólann yerba mate? Cad é do bharúil air?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3240
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, June 04, 2006 - 04:49 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá mo bhean ag ól tae glas le tamall. Níor bhain mise triail as fós. Roiboos mo rogha nuair ná fuilim ag ól tae dubh nó cáife.

(tar isteach i mo luibiní nóiméad. Mo dhuine leis an iliomad leasainmneacha agus an bhéarla sa tearmann seo; tá an cosúileacht idir a stíl agus ceann de droch tochardáin bheo. Mholfháinn fanacht glan air)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An Dub (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From: 213.94.243.167
Posted on Sunday, June 04, 2006 - 07:22 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

B'fhearr liom Kopi Luwak!



©Daltaí na Gaeilge