mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Haikúnna « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1414
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, May 31, 2006 - 02:27 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Suim ag éinne sna dánta beaga sin? Is féidir iad a chumadh i dteanga ar bith. Tá treoir mhaith don údar anseo:

http://haiku.cc.ehime-u.ac.jp/~shiki/Start-Writing.html
http://haiku.cc.ehime-u.ac.jp/~shiki/making.html

Seo trí cinn díobh i mBéarla a ghnóthaigh duaiseanna i gcomórtas ar an idirlíon sé bliana ó shin:

catching the light --
a spider threads
the cosmos


piano practice
losing my place
to the roses


breaking
the mountain's reflection
a water lily

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 392
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, May 31, 2006 - 02:52 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bíonn haiku in Lá,
Nuachtán laethúil na Gaeilge,
Gach lá den tseachtain.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1415
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, May 31, 2006 - 03:06 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An féidir leat ceann acu a thaitin leatsa a thabhairt dúinn? Is fada ó léigh mé -- an drochdhuine mé dá dheasca sin? Ach faigheann muid The Seattle Times, The New York Times, agus The Wall Street Journal ar maidin -- cóipeanna crua -- agus is leor sin!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 393
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, May 31, 2006 - 03:24 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil Lá ar fáil mar pdf - saor in aisce - gach lá? Ní léim gach lá é. Léim go hannamh é, i bhfírinne, ach chomh minic agus a léim nuachtán eile ar bith. Féach www.nuacht.com.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1417
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, May 31, 2006 - 03:44 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

GRMA, a Shéamais. Fuair mé an pdf. Is dócha go rachaidh mé ar ais chun an ailt "Cá bhfuil Ag-Snámh-Dá-Éan?" a léamh... cé gur fuath liom téacsanna fada a léamh ar an scáileán. Agus fuair an mé Haiku an Lae. Níl mé cinnte an haiku ceart clasaiceach é, áfach: níl aon tagairt ann don séasúr ná don nádúr. Ní leor an patrún siollach 5-7-5 le haiku a dhéanamh. Tá an patrún sin traidisiúnta sa tSeapáinis, ach níl sé an-tábhachtach i dteangacha eile dáiríre.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 394
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, May 31, 2006 - 04:07 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Le fada, bhíodh cinn le Gabriel Rosenstock ann. Déanann gach duine a rogha ruda leo, is dócha.

(Message edited by Séamas_Ó_neachtain on May 31, 2006)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1423
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, June 01, 2006 - 02:28 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Na crainn cottonwood,
a bpór san aer -
sneachta samhraidh.

Níl a fhios agam a bhfuil a leithéid de chrann le fáil san Eoraip. Bheadh sé deacair an haikú seo a thuiscint gan faiche atá clúdaithe leis an stuif seo a fheiceáil. Ar an drochuair, ní leánn an bháisteach an "sneachta" seo, agus níl sé ró-thaitneamhach nuair a théann sé i do shrón!

http://ravenstonepress.com/cottonwd.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Robert (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, June 01, 2006 - 05:00 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Fir an tOirthear, fir Rúis

Sróna na hÉireann

Bán i rith na bliana

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, June 02, 2006 - 05:01 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

>> Níl a fhios agam a bhfuil a leithéid de chrann le fáil san Eoraip.

-- Tá an duilliúr sin iontach cosúil lena ghaol abhus a Dhonncha, 'an crann creathach' (L. populus tremula), aspen an Bhéarla. Bhíodh 'eabhadh' againn sa Ghaeilge, rud a d'fhág Machaire Eabha (Maugherow) http://www.ucc.ie:8080/cocoon/doi/locus/M#navtop againn i dtuaisceart Shligigh http://www.daltai.com/discus/messages/12465/10535.html?985214773 (d'ainneoin an dinnseanchas a ghabhann leis an áit faoi bhean darbh ainm Eabha).

Tugaim faoi deara ar do nasc thuas gur 'populus deltoides' an Laidin ar an gcrann agaibhse thiar, ach dá bhfeicfinn é ar mo chamrian thart thabharfainn 'crann creathach' air murach gur chuir tú ar an eolas mé leis nóta thuas. Is go fíorannamh a fheicim in aon áit iad abhus. Cuireadh sraith díobh ar fheirm le taobh an bhóthair soir as Gleann Cholm Cille, bealach Mhín an Aoire, tuairim is scór go leith bliain ó shin. Sin an cineál aoise a chonaic mé ar na cinn seo abhus. Tharraing siad seo m'aird sa charr lá amháin mar bhíodar go léir ar aon bharr amháin creatha le gaoth aníos thríd an nGleann agus mé ag tiomáint thar bráid. Chuaigh mé ar ais lena ngrinniú i gceart.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1429
Registered: 02-2005


Posted on Friday, June 02, 2006 - 11:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

'populus deltoides' an Laidin ar an gcrann agaibhse thiar

De ráite na fírinne, is é an Populs freemontii atá againn "thiar". Populus deltoides atá acu sa Midwest, ach tá siad thar a bheith cosúil lena chéile.

http://www.coopext.colostate.edu/4dmg/Trees/cotton.htm
quote:

thabharfainn 'crann creathach' air

Tá crann againn atá an-chosúil leis an "aspen" atá i gceist agat, .i. Populus tremula atá agaibhse, agus Populus tremuloides atá againne. Cén difríocht? Cúpla litir! ;-) Tá cúpla ceann díobh ag bun na sráide anseo, ach níl siad céad faoin gcéad sásta anseo. Is fearr leo na sléibhte.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 208
Registered: 11-2004
Posted on Tuesday, June 13, 2006 - 08:44 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is maith liom an ceann seo. nil se haiku ach taim cinnte go feadfadh se zen.

Mise Raiftearai an file,
Lan dochas 's gra,
Le suile gan solas,
Le ciunas gan cra,
Feach anois me
Is mo chul le balla
Ag seimn ceoil
Do phocai folamh.



©Daltaí na Gaeilge