mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Cóiriú catha « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 387
Registered: 11-2004


Posted on Friday, May 26, 2006 - 02:33 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An bhfuil sainmhíniú nó fiú sampaí ag éinne faoin rud seo? Dar leis an bhfoclóir, is 'run' i scéal é. Dar liomsa agus an leabhar a raibh mé ag féachaint air aréir, is sliocht a thagann ar ais arís is arís eile i scéal fínniachta sa tsean-nós. Shíleamar gur thuigeamar, ach níl aon chleachtadh againn lena leithéid. Dhéanadh scéalaithe eile 'gaisce' agus iad ag insint scéil. Nílim cinnte cad atá i gceist leis sin ach oiread.
Leabhar faoi bhailitheoir béaloidis atá i gceist agam. Ní cuimhin liom an teidil inniu, agus beidh an t-eolas sin agam daoibh go luath, lcD.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1385
Registered: 02-2005


Posted on Friday, May 26, 2006 - 03:06 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"*bogán, Áit bhog,(Cóiriú catha sa scéalaíocht): Throid an bheirt go deárn siad creagán de'n bhogán agus bogán den chreagán.. 1184 466.  Throid an bheirt go deárn siad bogán de'n chriogán agus criogán de'n bhogán agus toibreacha fíor-uisce i lár na gcloch nglas.. 1185 291."

Fuair mé an iontráil seo in Cnuasach Conallach: A Computerized Dictionary of Donegal Irish ag:

http://homepage.eircom.net/~gfg/b.htm

Sampla maith de "run / cóiriú catha" is ea an abairt thuas i litreacha gorma. Go raibh maith agat as an téarma seo. D'fhoghlaim mé rud nua inniu!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1386
Registered: 02-2005


Posted on Friday, May 26, 2006 - 03:12 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dála an scéil, tá rud cosúil leis an gcóiriú catha le fáil i bhfilíocht mheánaoiseach na teanga, rud ar a dtugtar cheville. Ní dóigh liom go bhfuil focal Gaeilge air. Beidh Liz nó duine eile sa chomhluadar in ann an téarma seo a mhíniú, agus samplaí de a thabhairt dúinn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3199
Registered: 08-2004


Posted on Friday, May 26, 2006 - 05:37 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

spalla, de réir focal.ie

http://www.focal.ie/Search.aspx?term=cheville&lang=0


Ach céard sa diabhal atá ann?

spalla [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh]
cloichín bheag, méaróg, póirín; blúire (spalla feola); focal (an spalla ba mheasa ina bhéal).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 389
Registered: 11-2004


Posted on Friday, May 26, 2006 - 09:52 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhuel, tá brí eile ar fad ag coiriú catha, freisin - fórsaí a ullmhú don chath!
GRMA as an sampla deas sin, a Dennis. Is suimiúil gur úsáidtear i nDún na nGall an tearma sin, mar is leabhar Muimhneach é ina bhfuair mé é.

(Message edited by Séamas_Ó_Neachtain on May 26, 2006)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1390
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, May 27, 2006 - 01:48 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Ach céard sa diabhal atá ann?

Abairtín, dhá nó trí fhocal de ghnáth, a chuirtear isteach i ndán, ag deireadh líne, leis an bpatrún meadarach a choinneáil slán. Ní chuireann an cheville, nó an spalla, mórán le brí an dáin. Filler nó stuáil atá ann. Empty figures agus tags a thugtar orthu uaireanta. Mar shampla, as Saltair na Rann:

Rádimse fri Dia as mo thas
athesc feochair fíramnas:
nach hé Ádam, érim nglé,
óssar na ndúle n-uile?

(... is not Adam, bright course,
the youngest of all creatures?)

Tá na chevilles seo, as Pangur Bán, páirteach sa dán i ndóigh níos sásúla, áfach:

Ó ru biam, scél cen scís, [scéal gan scís]
innar tegdais, ar n-óendís,
táithiunn, díchrídide clius, [cleas gan chríoch]
ní fris tarddam ar n-áthius.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3201
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, May 27, 2006 - 03:19 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tuigim. Ní bheidh mé ag caitheadh spallaí le'd leann arís!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 94
Registered: 07-2005


Posted on Saturday, May 27, 2006 - 05:41 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá frasaí coitianta ag na scéalaí. An 'cóirithe catha' iad? Nílim cinnte.

Mar shampla,

"Bhí sé go maith agus ní raibh sé go holc"

Ó "Finscéalta na hÉireann" --

"Níl léamh, scríobh, ná insint béil ar a raibh...."

"Fadó, fadó, chomh fada siar is atá siar ann"

"Mo mhathair a d'inis an scéal seo dom, óna máthair siúd a fuair sí é, agus táim á insint duitse anois."

"Ach, mo léan!"

"Cuir cluas le héisteacht ort anois mar is fiú an scéal seo a chloisteáil"

Bainis i gceist -- "Mhair an scléip ar feadh bliain agus lá, agus bhí an lá deireanach chomh maith leis an mbliain ar fad, nó níos fearr."

I scéal na Tána, deirtear faoi dhó
"..rug bárróg ar a chéile....san aon bhanrach a bhí a gcuid capall agus ba í an tine chéanna a chuir teas ina gcarabadóirí"

agus ansin
"níor rug barróg a chéile...ní san aon bhanrach srl".

An féidir 'spalla (nó cheville, más fearr leat) a fháil sa phrós? Ní saineolaí litríochta mise.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1395
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, May 27, 2006 - 11:31 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is maith liom na samplaí uilig sin, Liz. GRMA!
quote:

An féidir 'spalla (nó cheville, más fearr leat) a fháil sa phrós?

Ceist téarmaíochta atá ann, is dócha. Ó nach bhfuil meadaracht i gceist sna scéalta, níl gá ag an seanchaí le "spallaí" leis an líne a "líonadh". Ach is léir go bhfuil gaol ag an spalla leis an gcóiriú catha. Deirtear uaireanta go dtugann an cóiriú catha spás don scéalaí: deis aige le smaoineamh ar an gcéad abairt eile. Agus taithníonn siad leis an lucht éisteachta, ós rud é gur cuid de "liotúirge" na scéalaíochta iad, más féidir é a rá mar sin.

Maidir leis an ainm "cóiriú catha", is féidir go dtagann sé ó na "liodáin" a fhaigheann muid sna seanscéalta, ar nós an chinn seo sa Táin, liodán a tháinig roimh an gcath deireanach.

Tanic buden aile and dano isin tulaig cétna i Slemuin Mide, for Mac Roth. Fer find fata mór i n-airinuch na budnisin.

["Tháinig buíon eile ann ansin sa tulach chéanna i Sleamhain Mí," arsa Mac Roth. "Fear fionn fada mór i dtosach na buíne sin."]

Tagann buíon i ndiaidh buíne agus cuireann Mac Roth síos orthu uilig, ag tosú leis na focail chéanna "Tanic bude aile..." agus ag leanúint air i bhfocail thar a bheith cliché-áilte.


(Message edited by dennis on May 27, 2006)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, May 28, 2006 - 09:26 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maidir le cheville thuas a chairde, b'fhearr liom 'spalla' a choinneáil le haghaidh spallaí 'd'fhocal' is mar sin de.

Cheville na filíochta, ghlacas le 'aibhle dua' < aidhbhle duadh roinnt blianta ó shin as an ollscoil i nGaillimh (féach James Carney 1950, 231). Is é a bhíodh ag Máirtín Ó Briain, beannacht Dé leis, agus ag cuid eile den fhoireann. Tá cuntas (agus tagairtí) ar na haibhlí ag DIL a mbeidh spéis agaibh ann, 'aidblib ngleo' ina measc.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 390
Registered: 11-2004


Posted on Sunday, May 28, 2006 - 09:35 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Eolas eile ó mo chara:

Cóiríu catha = ruthag (feachaigí Ó Dónaill: ruthag "3. run (in folktale) ruthaig cainte, bursts of talk") = Cóiriughadh catha (feachaigí Ua Duinín: "al. a stock descriptive passage").

Feachaigí freisin: http://www.ireland.com/gaeilge/teangabeo/1998/1202/peann.htm

Thomas Muench

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1396
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, May 28, 2006 - 10:10 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cheville na filíochta, ghlacas le 'aibhle dua' < aidhbhle duadh roinnt blianta ó shin as an ollscoil i nGaillimh (féach James Carney 1950, 231).

Ní thuigim, a Sheosaimh. Is cheville iad na focail "aidble dúad / aidhbhle duadh" (= a great many hardships, áibhle dua i litriú an lae inniu). An úsáitear an cheville seo mar ainm ar na chevilles i gcoitinne?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 96
Registered: 07-2005


Posted on Sunday, May 28, 2006 - 07:20 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seo cúpla eile daoibh --

Ó 'Finscéalta na hÉireann' --

Ag deireadh scéal "Faoi Mar a Chuaigh Fionn i gCeannas ar an bhFiann" --
"ní dócha go mbeidh a leithéid ann arís go deo"

Ag bás Ferdia --
"Níor lonraigh an ghealach. Níor spréach na réaltaí."

Agus tá frasaí airíthe a thagann arís is arís, in aon scéal amháin. Cosúil leis an sampla ó 'Scéal na Tána' a luaigh mé thuas i mo theachtaireacht inné.

Nuair atá athrá cainte mar seo i scéal, bheadh sé níos fusa é a chur i do chuimhne. Tá an scéal céanna ag ceol traidisiúnta na hÉireann --- go leor leor athsheinm ag gach píosa ceoil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 391
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, May 30, 2006 - 08:36 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seo an leabhar as a bhfuair mé an téarma seo:

Abair Leat, le Joe Daly

http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?manufacturers_id=&products_id=369 4

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, May 30, 2006 - 10:24 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

- (Bhíos ar shiúl inné agus gafa inniu a chairde, gabh mo leithscéal.)
An ceart agat leis an síneadh fada sin a Dennis, 'áibhle dua'.

>> An úsáitear an cheville seo mar ainm ar na chevilles i gcoitinne?

Cheville na filíochta amháin agus i gcúinsí acadúla a tharlaíonn sé. Bheadh 'ruthag' mar atá ag Séamas, ag daoine i gcás na scéalaíochta, go hacadúil; le trácht ar scéal. 'Culaith ghaisce' a déarfadh daoine go hiondúil is dóigh liom, cé go dtuigfeadh daoine go leor an focal 'ruthag' chomh maith, measaim.

Úsáidimid an leagan réamhchaighdeáin 'aidhbhle duadha' sa scríobh acadúil mar go mbraitheann daoine gur rud é ar aon chuma a bhaineann le ré a chuaigh romhainn. Ar ndóigh is go hannamh a theastaíonn sé, uair amháin sa bhliain b'fhéidir, agus baineann sé le filíocht na mbard ó thús ama. Tuigeann an dream beag a bhíonn ag plé leis gur caitheamh siar atá sa leagan scríofa chomh maith.

An aidhbhle duadha, líonfaidh sé poll nó bearna ar líne (nó breis) ar bhonn meadarachta ach cuirfidh sé dua leis an duan ó thaobh na tuisceana. Tuigfear an rann níos túisce ach scinneadh thar an leathlíne, nó breis b'fhéidir, líne go leith a bhíonn, i gceist.
Sea, sin é an aidhbhle duadha:

>> Filler nó stuáil atá ann. Empty figures agus tags a thugtar orthu uaireanta.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1407
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, May 30, 2006 - 12:45 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh maith agat as an míniú, a Sheosaimh! Tuigim anois.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 68
Registered: 07-2006
Posted on Saturday, October 07, 2006 - 05:16 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Molaim sibh as an gcomhrá sin thuas. Ní raibh mórán ar eolas agam faoin gcóiriú catha (ruthag?) ná an cheville agus is breá mar a bhí sibh in ann teacht ar shamplaí agus iad a mhíniú. Ní gá dul ar an ollscoil in aon chor anois le teacht ar léann... Tá an clár seo ar fheabhas.



©Daltaí na Gaeilge