Liz
Member Username: Liz
Post Number: 93 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, May 25, 2006 - 11:01 pm: | |
An bhfaca sibh zillow.com? D'inis cara dom an scéal inniu faoin suíomh seo. Tá pictiúir saitilít de na tithe ann, ach tá neart botún sa suíomh. Mar shampla, chuir mé mo sheoladh féin isteach sa bhosca cuardaigh. Níl ach coill le feiceáil sa toradh. Ach is féidir liomsa an pictiúr a aistriú agus mo theach a aimsiú. Feicim mo dhoras is carr m'fhir. Chuir mé seoladh den teach a bhí agam i gCalifornia isteach, agus nocht pictiúr de theach na gcomharsana. Ach b'fhéidir liomsa an pictiúr a aistriú arís agus an seanteach a fheiceáil. Leag na úinéirí nua cúpla crann. Cheannaigh an ollscoil teach dá n-uachtarán gar dúinn le déanaí ag 701 Fieldston. Má chuirtear an seoladh sin sa bhosca cuardaigh agus an zip 98225, feicfidh tú an comharsanacht ar 'bird's eye map'. Tá teach an uachtaráin thíos faoin bpictiúr. Is teach mór bán é, agus garraí ollmhór aice, suite ar thaobh an áit a bhfuil comhrac trí sráide. Chuir an seanfhear a bhí ina chónaí mar bhaintreach in a aonar ansin a lámh ina bhás féin cúpla mí ó shin. Rud an-bhrónach, dar liomsa. |
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 26, 2006 - 04:08 am: | |
Áiméan a Liz, is é an trua go gcailleann an duine an misneach mar sin. Dá bhfanfaidís linn, an slua a chuir lámh ina mbás féin, cá bhfios an mhaith a d'fhéadfaidís a dhéanamh inár measc. Is mór an spórt an zillow sin, grma. Caithfidh mé mo ghaolta thall a chur ar an eolas mar gheall air. Bhreathnaigh mé ar na crainn ar chúl tí mo mháthar cúpla bliain ó shin trí shuíomh abhus in Éirinn, ach níl mé in ann teacht ar an suíomh céanna sin anois gan achar fada a chaitheamh á chuardach. |