Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1369 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 12:28 pm: | |
Bhí Sasanach agus Éireannach ag tiomáint a gcarranna ar bhóthar dorcha. Bhuail siad faoina chéile ach ach níor gortaíodh ceachtar acu. D'oscail an tÉireannach buidéil fuisce agus thairg sé don Sasanach é. "Go mba fada beo na Sasanaigh agus na hÉireannaigh i bhfochair a chéile!" a deir an Sasanach. Ólann sé gáilleog mhór agus tugann sé an buidéal don Éireannach. "No thanks," a deir an tÉireannach. "Fanfaidh mé go dtí go mbeidh na péas imithe." |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 384 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 03:00 pm: | |
Bhí múinteoir ag cur ceisteanna ar pháistí ina rang. D'fhiafriagh sí díobh, "cé mhéad a dó is a dó?" D'fhreagair an chéad pháiste, "ceathair déag?" "Ní hea," arsa an múinteoir. D'fhreagair páiste eile "fiche a dó?" "Ní hea," arsa an múinteoir. D'fhreagair triú páiste, "sin a ceathair!" "Go maith!" arsa an múinteoir. Níos déanaí, agus iad amuigh sa chlós, d'fhiafraigh na páistí eile den pháiste ag a raibh an freagra ceart, "Conas a bhí a fhios sin agat?" Dhírigh sé a mhéar ar a chloigeann agus dúirt, "aenna!" |
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 9 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 09:07 pm: | |
Cad é atá gorm agus boladh uirthi ar nós péint dhearg ? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1373 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 09:28 pm: | |
Péint ghorm. Cad é atá gorm agus buí? (Message edited by dennis on May 23, 2006) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1374 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 11:34 pm: | |
Nó, cad é atá gorm agus buí san am céanna? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 91 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 11:45 pm: | |
Bratach na Sualainne. Ach níl sin greannmhar, go bhfios domsa. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1375 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 11:57 pm: | |
quote:Bratach na Sualainne. Níor smaoinigh mé air sin! An cuimhin leat na scannáin Shualannacha "I Am Curious Yellow / I Am Curious Blue" a raibh cosc orthu sna Stáit ar feadh tamaill? An bhfuil tú chomh sean sin? ;-) http://www.amazon.com/gp/product/B00007L4I8/103-8546643-8559028?v=glance&n=130 Ach, tá réiteach eile ar intinn agamsa! |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 25, 2006 - 10:49 am: | |
Dhiabhail! Níor thuig mé smid den greann thuas agus ní Gearmáineach mé! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1376 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 25, 2006 - 11:02 am: | |
A Fhearn (Fhirn?), a chroí, ní mór smaoineamh mar ealaíontóir, nó mar eolaí, leis an gceann seo a réiteach! quote:Cad é atá gorm agus buí san am céanna? Uaine! |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 25, 2006 - 11:26 am: | |
Bhuail tú amach mé, a Dhe'n Fhios! (Ach ní thuigim na cinn eile ach an oiread) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1379 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 25, 2006 - 01:18 pm: | |
Tá tomhas agam ort mar sin, a Fhearn! Tugann siad orainn smaoineamh "taobh amuigh den bhosca". Is maith liom sin. |
|
t (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 25, 2006 - 02:44 pm: | |
ní thuigim an scéal grinn a scríobh Séamus ("aenna!"). ar mhiste libh é a mhíniú domh.... tá súil agam nach dtuigim an scéal mar gheall ar mo chuid gaeilge, seachas mar gheall ar mo chloigeann féin! grma, t |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 385 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, May 25, 2006 - 03:30 pm: | |
Cé acu atá agat i do chloigeann féin, inchinn nó aenna? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 25, 2006 - 07:12 pm: | |
bhuel, is léir nach bhfuil inchinn ar bith i mo cheannsa......... ní thuigim an focal "aenna" -t |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1380 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 25, 2006 - 08:27 pm: | |
Is ait an focal é! Bíodh is nach bhfuil ach ae amháin i nduine, baintear úsáid as an iolra i nathanna áirithe. Uaireanta is ionann "mo chuid aenna" agus tagairt ghinireálta dá bhfuil istigh ionam, m'ionathar, etc. Chac mé mo chuid aenna asam tar éis dom an t-uisce damánta sin a ól. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 92 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, May 25, 2006 - 09:53 pm: | |
Bíonn dhá pháirt san ae (maothán? an bhfocal b'fhéidir). Má tá cneá uafásach i ngoile fir, a rinne claíomh mór in aimsir cogaidh mar shampla, meastar go mbeadh dhá ae ann. Seo pictiúr díobh: http://www.livercancer.com/liver_anatomy.html |
|
t (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 26, 2006 - 01:24 am: | |
in ainm dé, cad é atá mícheart liomsa?! ar mhiste le duine éigin an punchline a mhíniú go soiléir domhsa. ní bheidh mé sásta go dtí go dtuigim fá dheireadh é. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3194 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 26, 2006 - 06:32 am: | |
ae [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh] faireog mhór sa chorp agus leacht searbh inti a ghlanann an fhuil. Ní gnách smaoineamh leis an mball airithe sin de'd chorp! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 386 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, May 26, 2006 - 09:27 am: | |
Mo léan is mo náire, bhí an focal mícheart agam! Duáin / áranna!!! Gabhaigí mo leithscéal. Tá sé níos éasca a thuiscint anois, tá súil agam... Ach thuig Aonghus é go ceart. |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 26, 2006 - 11:57 am: | |
Aidhe! Is chuig an buafhocal seo a bhí mé :Dhírigh sé a mhéar ar a chloigeann agus dúirt, "aenna!" Tá deacrachtaí ó thaobh stíle agam a thagann idir mise is an greann. Níl gontacht de nadúr na Gaeilge mar a bhfuil sé m.sh sa Bhéarla, go háirithe le greann. Bíonn an Ghaeilge foclach lena ais. Is annamh beachtas sa Ghaeilge in aon fhocal cionnus an méid bríonna a thig leat a bhaint as. Ós rud é gur amaideacht na bpáistí uile is bun leis an greann, b'fhearr do lucht gáire na Gaeilge focal eile a chur isteach a chuirfeadh an treith chéanna in iúl. Níl lá loicht agam ar "aenna" nó "crua-ae" nó "ae" ach chloisfinn "é-anna" nó "é" nó "crú é" Nárbh fhearrde focal mar cos nó uilleann nó tóin? I gcead do Liz agus a cuid dochtúireachta, ní fhaca mé crua-ae comh néata agus an ceann a chur tú suas, seachas sa sármhargadh. Bíonn crot air gur níos mó ná aon rud amháin atá ann |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1384 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 26, 2006 - 02:22 pm: | |
quote:ní fhaca mé crua-ae comh néata agus an ceann a chur tú suas, seachas sa sármhargadh. Cogar, a chroí, cá bhfeiceann tusa na crua-aenna eile?? Chuala mé Stephen King faoi agallamh ag Bill Maher ag amazon.com an lá cheana, ar "Fish Bowl", an clár nua acu ansin, agus dúirt mo dhuine "Nuair a fhiafraítear díom an duine scanrúil mé, deirim leo go bhfuil croí an bhuachalla óig agam....... i bpróca de fhormaildéad ar mo dheasc! Cuireann sé sin ina dtost iad." |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, May 29, 2006 - 06:27 am: | |
"Cogar, a chroí, cá bhfeiceann tusa na crua-aenna eile?? " Á! a Chara m'ae, An gcreidfeá ar an teilifís? (Mhaigh an Céitinneach nach raibh cainibligh riamh in Éirinn. Níor mhaith liom bréag a chur ina bhéal ;) ) Agus a shéamais, Níl fhios agam cad a bhí ar mo ríomhaire nó ar an tsuímh agus mé ag cumadh mo theachtaireachta deireannaigh ach ní fhaca mé an ceann roimhe sin uaitse go dtí inniu. Seans nach raibh cloigeann orm Dé hAoine ;) |
|