mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » An cur is cúiteamh & an chinsireacht. « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, May 22, 2006 - 01:58 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An 'cur is cúiteamh' a bhíonn ar bun idir daoine, cothroime a bhíonn i gceist go bunúsach. Is mór idir an dá ní, an chinsireacht ar láimh amháin agus an cur is cúiteamh ar an láimh eile. Labhraím féin amach nuair a fheictear dom nach bhfuil duine thall is abhus ag roinnt ceart le duine bocht éigin eile. Tromaíocht éigin a spreagann mé, dar liom.

Ar théad eile ar an suíomh seo, thosaigh an cur is cúiteamh faoin gcinsireacht. Táim féin in éadan gach cineál cinsireachta, ach cloím le hiompar an tsuímh i rith an ama, measaim, d'ainneoin mo dhearcadh frithchinsireachta. Is aoí mé agus braithim dá réir sin, go gcaithfidh mé iompar áirithe a ghlacadh chugam féin. Braithim chomh maith leis sin, gur taidhleoir mé ar son na Gaeilge nuair a théim i measc an tsluaigh ag craobhscaoileadh.

Réitím le leagan amach an Chadhnaigh agus eile mar a nocht (!) Dennis é go paiteanta lena phost seisean thall ar thaobh an Bhéarla. Is maith an íonghlaine ina háit íonghlan féin, ach ní rófhollán an chuing in áit na saoirse.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 383
Registered: 11-2004


Posted on Monday, May 22, 2006 - 03:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl aon fhios agam cad a tharla anseo. Ach tá sé rí-dheacair áit a fháil ar an idirlíonn atá slán ó chaint mhaslach agus throideanna polaitiúla sa lá atá inniu ann. Má tá maor an tsuímh seo ag iarraidh a leithéid a sheachaint, molaim sin. Ní maith liom é, ach sin an saol mar atá.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3170
Registered: 08-2004


Posted on Monday, May 22, 2006 - 03:36 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An deacracht is mó ná go bhfuil an caidreamh idir dhaoine ag braith go mór ar nodanna nach bhfuil ar fáil sa bhfocal scríofa ann féin. Is furast masla a thabhairt gan é sin a bheith i gceist, nuair nach bhfuil ann ach an bhfocal lom, agus ní gá go mbeadh fhios agat fiú an duine go bhfuil, nó go raibh tú ag caint leo a bheith maslaithe.

Go hairithe in áit mar seo, mar a thagann cultúir eagsumhla, gona nósanna caidrimh fhéin, le chéile.

...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 12:42 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Gabh mo leithscéal a Sheosaimh ach ní thuigim 'an Chadhnaigh.' Céard is brí leis led' thoil?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3175
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 04:13 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

(Mairtín Ó) Cadhain -> An Cadhnach

a leagan amach siud -> Leagan amach an cadhnaigh.

Ní haon cadhan aonair é, mar sin!

http://www.focal.ie/Search.aspx?term=cadhan&lang=0

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 04:28 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

>>Má tá maor an tsuímh seo ag iarraidh a leithéid a sheachaint, molaim sin. Ní maith liom é, ach sin an saol mar atá.
>>An deacracht is mó ná go bhfuil an caidreamh idir dhaoine ag braith go mór ar nodanna nach bhfuil ar fáil sa bhfocal scríofa ann féin. .... Go hairithe in áit mar seo, mar a thagann cultúir eagsumhla, gona nósanna caidrimh fhéin, le chéile.

--Is fíor sin ar fad a chairde. Má threabhann cách go ciúin fáilí agus aird aige ar an duine in aice leis, ní ghortófar éinne.


>>Ní haon cadhan aonair é, mar sin!

--Sin ceann maith a Aonghuis. Ní cadhain aonair ná gé ghiúrainn é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3178
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 07:46 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chuala tagairt don ghé aonaránach úd agus mé ag éisteacht le leathchluas le "leagan cainte". Luaigh siad bean an tSeoighigh, a dtugtaí Nóra Ní Chadhain ar scoil uirthi, is cosúil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, May 23, 2006 - 08:56 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh maith agat. Bhí faitíos orm gur cadhnaí a bhí i gceist thuas! Is nach raibh mé féin i mo chónaí in aice le Aras Uí Chaidhin ar an gCeathrú Rua seal.



©Daltaí na Gaeilge