Is maith do scéala.
Tá seaneolas agam anseo duit a Alex. Tá roinnt de na daoine seo thíos bogtha as an nGearmáin ó shin, is eagal liom, ach is féidir go bhfuil roinnt eile de na seolta seo ag obair go fóill.
http://www.ceantar.org/ATM/Germany/index.html Chonaic tú an méid seo cheana is dóigh:
http://www.smo.uhi.ac.uk/gaidhlig/cananan/#Deutsch Aonghus a scríobhann anseo go minic, dála an scéil, is as an nGearmáin a bhean chéile agus bíonn an Ghearmáinis is an Ghaeilge ar siúl sa teach i mBÁC acu.
Tá sé ag siúl na Mór-Roinne faoi láthair áit éigin agus gach b'fhéidir níos mó ná a chéile go bhfuil sé sa Ghearmáin faoi láthair.
In am soip anseo (- am leapan). Déarfaidh mé 'oíche mhaith go fóill'.
Molann do chuid Gaeilge thú. Tá tú molta agus mise i mo thost! (You're praised before I say a word!)