Author |
Message |
Timoth Curtin (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, May 01, 2006 - 07:42 pm: | |
Faraor gear, ach ni fheictear dom go bhfuil moran daoine a bhfuil speis sa nGaeilge i mBostun! Bhim i mo bhall de grupa darb ainm Cumann na Gaeilge trath. Ni teagasc a bhim a lorg anois ach deis mo chuid Ghaeilge a usaid agus a fheasu. Caithfidh me a admhail go bhfuilim as cleachta . . . . ma ta eolas (no speis) cuir riomhphost chugam: . Is mise le meas, Tadhg |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, May 02, 2006 - 09:32 am: | |
Rath ar d'fhiontar, a Thaidhg |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 370 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 02, 2006 - 09:38 am: | |
Cumann Carad na Gaeilge, b'fhéidir? www.philo-celtic.com |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 43 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, May 03, 2006 - 11:18 am: | |
Má tá ionad pobail/Gaelach i Dorchester táim cinnte go gcasfaidh daoine as Conamara leat.Bhí mo dheartháir blianta ina chónaí san áit sin sular ar phós sé bean as Pittsburgh.Tá gaolta liom fós i mBoston agus tá go leor as Conamara sa gcathair sin fós, dream a chuaigh anonn sna hochtódí. |
|
Nicole
Member Username: Nicole
Post Number: 46 Registered: 08-2005
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 11:54 am: | |
Nicole Apostola http://cuisle.blogspot.com |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 11, 2006 - 11:17 am: | |
A Nicole, Ba dhíol spéise an suíomh seo go háirithe a léamh go gcuir na Briotanaigh cosc ar oideachas na nGael. Cathain a tharla é seo, in ainm Chroim. Agsu scoil Chois Claidh ? An é sin scoil scairte? Cé a chumann an ráiméis seo? |
|
Cionaodh
Member Username: Cionaodh
Post Number: 233 Registered: 05-2005
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 12:42 pm: | |
A Thaidhg, Más fearr leat, tá ranganna ar siúl i Sturbridge, MA agus i Manchester, NH: http://www.gaeilge.org/manchester.html http://www.gaeilge.org/sturbridge.html Beidh an tearma seo críochnaithe ag deireadh na miosa, ach beidh ranganna ag tosach arís san Fhomhar. Tá brón orm, a Fheairn agus a chairde -- níl aon scoil chois chlaidh againn. http://www.gaeilge.org FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin |
|
Cionaodh
Member Username: Cionaodh
Post Number: 234 Registered: 05-2005
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 12:49 pm: | |
Scríobh Séamas: Cumann Carad na Gaeilge, b'fhéidir? An bhfuil (nó an raibh) craobh den eagrú sin i mBoston? Má tá (nó má bhí), níor chuala mé uathu riamh. http://www.gaeilge.org FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 379 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 01:47 pm: | |
Bhí an chéad chraobh leis an ainm air i mBoston. Tosaíodh an t-eagras i mBrooklyn. Is eagras eile Cumann na Gaeilge seo thuas. Tá CCnG imithe ansin mar chraobh, ach tá ball amháin ina cónaí ann, ar aon nós. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 507 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, May 16, 2006 - 04:09 pm: | |
Tadhg, Má tá spéis agat, scríobh do sheoladh messenger agus comhra a bheidh againne! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|