mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Pastuso?? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 83
Registered: 07-2005


Posted on Sunday, April 23, 2006 - 03:56 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Aréir, d'fhreastail mé ar cheantáil charthanachta agus cheannaigh tráidire dearg mór a tugadh "Pastuso Ware" air. Rinneadh 45 bliana ó shin agus is as Meiriceá Thoir é. An bhfuil an fhios ag duine ar bith? Cén rud atá i gceist anseo? Cén chiall atá leis an bhfocal "Pastuso"?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe arn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, April 24, 2006 - 06:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá cathú orm, a liz. Tá mé dall ar phastuso.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3073
Registered: 08-2004


Posted on Monday, April 24, 2006 - 08:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Fuair mé seo: Cathair sa Cholóim a dtugtar "Pastusos" ar na daoine ann.
http://www.pasto.com/nv_seccion.php?seccion=30

Seans go bhfuil baint aige sin leis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 369
Registered: 11-2004


Posted on Monday, April 24, 2006 - 02:43 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Táim i mo chónaí i Meiriceá Thoir, is dócha, agus níor chuala mé trácht air riamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 84
Registered: 07-2005


Posted on Monday, April 24, 2006 - 07:33 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh maith agat, a Aonghuis. Sin an ceantar ar rinneadh mo thráidire, go cinnte.

I Meiriceá Theas, ba chóir dom a scríobh, a Shéamais.
Bhí deifir orm inné. Tá sé ar intinn ag m'iníon dul go rang ceoil ag an ollscoil i rith an tsamhraidh. B'éigean di audition CD (dlúthdhiosca trialach?) a dhéanamh agus mise innealtóir na fuaime tráthnóna inné.
Is veidhleadóir clasaiceach í, agus ní raibh sí sásta lena cuid ceoil.
B'éigean dúinn an teach a choinneáil ciúin. Chuir mé túaillí ar chliabháin na n-éan agus chuir an madra sa seomra folctha agus an doras dúnta. Mhínigh mé an cás do m'fhear agus lig sé a scíth go socair.

Chas m'iníon na píosaí arís is arís -- scálaí is Handel Sonata as E mórghléas. (Nuair a chruthaigh Dia an veidhlín, ní raibh a intinnse ar E mórghléas. Bíonn an gléas sin rídheacair ar an veidhlín. Cad ina thaobh ar scríobh Handel sonata amaideach mar sin? Ní thuigfinn é go deo.) Sa deireadh, thogh mise ceann dá hiarrataí agus dhóigh ar diosca é. Chuir mé sa phost inniu é .

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, April 25, 2006 - 03:31 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go n-éirí sin leí an créatúr a Liz.

Go mbaine sí an 'pas thuas de' agus 'pas thuas dá bharr'! (pastuso ware)

(Is deas na scéalta a leagann tú isteach chugainn ar an líon. Spléachadh isteach i saol an duine eile, a Liz, go raibh maith agat. Roinnt eile againn rófhuadrach chuige b'fhéidir.)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1315
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, April 25, 2006 - 05:48 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is dócha go bhfuil a fhios agat, Liz, go gciallaíonn pasto féar nó páirc i Spáinnis. Bliain ó shin bhí mé ag teacht ar ais go Oaxaca ó Etla. Bhíomar ar an mbóthar os cionn La Valle de Oaxaca. Chonaic mé paiste mór glas i lár an ghleanna. An séasúr tirim a bhí ann bhí an féarach mór sin thar a bheith feiceálach. D'fhiafraigh mé den tiománaí tacsaí céard a bhí ann. Chas sé a cheann i mo threo, agus thug mé faoi deara ar an toirt go raibh idir ionadh agus mhearbhall air. An duine bocht. Bhí mé tar éis "Cad é an lacha mhór ghlas sin?" a fhiafraí de. Is é sin, dúirt mé "pato" i leaba "pasto".

Uair amháin eile, blianta roimhe sin, bhí mé i mbanc agus bhí ceist agam faoin ráta malairte. Ach in ionad tipo de cambio a rá, d'iarr mé eolas ar an "exchange rat" -- is é sin, la rata de cambio!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, April 25, 2006 - 10:48 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An raibh sé cosúil leis an bpláta seo? http://es.wikipedia.org/wiki/Imagen:Barniz_de_Pasto_091705_002.jpg Níor chuala mé faoi ar Pasto roimhe seo. Fuair mé an scéal céanna a bhfuair Aonghus. Pastuso = duine ó Pasto.
Foghlaimím rud nua gach lá.
Adh mór le d'iníon leis an gceol.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3080
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, April 26, 2006 - 06:26 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitriona (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, April 26, 2006 - 12:46 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cosúil leis na Kerrymen Jokes a bhíodh againn fadó.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 85
Registered: 07-2005


Posted on Wednesday, April 26, 2006 - 10:33 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

An raibh sé cosúil leis an bpláta seo?
http://es.wikipedia.org/wiki/Imagen:Barniz_de_Pasto_091705_002.jpg



Sin an saghas rud atá agam go díreach, a Chaitríona. Go raibh maith agat.
Ach tá mo thráidire dronuilleogach, dearg is dubh. Tá sé mór agus tá pictiúr brónach ann.
Tá fear ina shuí i lár an phictiúir. Tá a chosa is a lámha an-bheag, ach tá a aghaidh go mór. Agus tá deora ag sileadh trasna a leicne. B'fhéidir go gcuirfidh mé pictiúr de ar leathanach ar an ngréasán, má tá an t-am agam amáireach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 86
Registered: 07-2005


Posted on Thursday, April 27, 2006 - 07:36 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seo chugaibh an leathanach agus pictiúr de mo thráidire ann. Ní thuigim gach rud sa phictiúir.


http://hometown.aol.com/elgskl22/pastuso.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3086
Registered: 08-2004


Posted on Friday, April 28, 2006 - 04:28 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Meas tú an dia/deamhan dúchásach atá ann? De réir mo thuiscint ar an méid a léigh mé faoi na Pastusos, is bundúchasaigh sna hAndes sa Cholóim atá i gceist.

Ní raibh mé in ann sainmhiniú a fháil, ach sin an meabhair a bhain mé as an méid a fuaireas.



©Daltaí na Gaeilge