Author |
Message |
Spéir
Member Username: Spéir
Post Number: 1 Registered: 04-2006
| Posted on Saturday, April 08, 2006 - 03:48 pm: | |
Dia daoibh! Étienne is ainm dom. Tá mé i mo chónaí i gCeanada (i gcúige an Québeic). Tá mé ag foghlaim na Gaeilge le roinnt míonna (le trí mhí, is docha) anuas. Foghlaimim Ioslainnis agus Fionlainnis freisin, is Gearmáinis agus Spáinnis ar scoil. Ba bhréa liom an teanga seo a foghlaim mar is í teanga mo shinsirí (tá mo theaghlach éireannach ar thaobh m'athar). Mar d'fhoghlaim mé mórán teangaí (tá mé i mbun teangaí, mar déarfaidís), tá a fhios agam go bhfuil Gaeilge fíorspéisiúil teanga, ní furasta ar chor ar bith, ach tá sí go han-álainn. Is amhlaidh a dóbair dom éirigh as na teangaí eile atá mé ag foghlaim anois chun d'intinn a dhíriú ar Ghaeilge (nuair a tá mé ag déanamh iarracht ar Ioslainnis a fhoghlaim le cúig bhliana anuas!). Tá sé mar bhí ortha curtha agam! Ach is maith liom é. Ní seo fadhb liom ar bith! Tá mé lánsásta le á foghlaim, tá mé bródúil as. (Óh! Rinne mé dearmad ar rud a rá daoibh : Tá mé a seacht mbliana déag d'aois, agus is mé cainteoir dúchais Francise) (Message edited by spéir on April 08, 2006) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1245 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, April 08, 2006 - 07:41 pm: | |
Tá Gaeilgeoiragainn! Fáilte romhat, Étienne! Tá líon na bhFrainciseoirí le Gaeilge ag dul i méid anseo, bail ó dhia oraibh! |
|
Spéir
Member Username: Spéir
Post Number: 2 Registered: 04-2006
| Posted on Saturday, April 08, 2006 - 08:00 pm: | |
Go raibh maith agat, a Dhennis! Agus, má fhéiceann tú rud ar bith ba cheart dó ceartaithe a bheidh, abair mé é, más é do thoil é. Tá sé chun foghlaim atá mé anseo! Slán ! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1246 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, April 08, 2006 - 08:18 pm: | |
Níl le déanamh agat ach FRC (= fáilte roimh cheartúchán) a chur ag bun na dteachtaireachtaí. Is é an nós atá againn anseo, áfach, gan chuile rud beag a cheartú. Más féidir linn thú a thuiscint, is leor sin. Beidh tú in ann féincheartú a dhéanamh de réir mar a théann tú ar aghaidh sa teanga. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 363 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, April 10, 2006 - 10:14 am: | |
Féachaint go bhfuil tú ag foghlaim go rí-thapa, is cinnte go mbeidh rudaí beaga mícheart agat. Léigh agus éist go minic, agus ná bí ró-chinnte faoi gach aon rud ar dtús. Mar is gnáth le daoine a fhoghlaim go tapa, uaireanta cleachtaíonn siad botúin. Tá am eile de dhíth chun iad seo a 'neamh-fhoghlaim.' Molaimse duit gan rudaí an-chasta a scríobh ar dtús. Nuair a bheidh máistreacht agat ar na rudaí simplí, beidh tú in ann níos mó a thógáil air sin. Ach foghlaimíonn tú teangacha i gcónaí, agus mar sin, níl mo chuid moltaí uaitse! Beir bua, agus lean ar aghaidh! |
|
|