Author |
Message |
Suantrai
Member Username: Suantrai
Post Number: 7 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, April 07, 2006 - 04:50 pm: | |
Tá teach úr ceannaithe agam i áit darbh ainm 'Forest Grove'. Cad é an Ghaeilge is fearr a bheadh ar an seoladh s'agamsa... Garrán Coille? Míle buíochas.... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1239 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, April 07, 2006 - 06:29 pm: | |
Is suimiúil an cheist sin. Is léir go bhfuil a lán acu ann! Rinne mé cuardach le Mapquest anois díreach agus fuair mé amach go bhfuil deich Forest Grove scaipthe ar fud na Stát Aontaithe, ó Oregon go Florida. Tá a fhios agam go bhfuil ceann eile ar a laghad i mBritish Columbia. Ach cad is brí leis an logainm sin, dáiríre? forest = foraois = coill mhór fhairsing grove = garrán = coill bheag, doire coill bheag de choill mhór ?? |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, April 07, 2006 - 09:38 pm: | |
Garrán na Coille, C |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1091 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, April 08, 2006 - 08:34 pm: | |
"Garrán na Foraoise", b'fhéidir. Ceapaim go bhfuil difríocht idir "coill" agus "foraois", cosúil leis an difríocht atá idir na focail Bhéarla "stone" agus "rock"... tá an dara cheann níos mó! Agus arís, tá "pebble" níos lú ná "stone", cosúil leis an gcaoi a bhfuil "garrán" níos lú ná "coill". Fáilte Roimh Cheartúcháin Correct me for the love of God... I'm a perfectionist! : ) |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, April 08, 2006 - 09:09 pm: | |
Tá an ceart agat faoi foraoise Fnm ach ciallaíonn coill ‘forest’ freisin agus tá sráideanna in Éireann leis an ainm Garrán na Coille. Ní dóigh liom go bhfuil Garrán Foraoise in úsáid. D’fhéadfainn a bheith mícheart. Chuala mé ‘foraoise’ nuair a bhí daoine ag caint faoi ‘forestry.’ Bhí cónaí orm féin i nGarrán Fraoigh nuair a bhí mé i mBaile Atha Cliath agus is minic a chonaic mé Garrán na Coille mar ainm ar sráid ann. Pé rud a roghnaíonn tú Suantraí, ádh mór ort i do theach nua. Is brea an rud é go bhfuil tú ag roghnú ainm gaelach. Caithfidh mé féin an rud céanna a dhéanamh. C |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, April 09, 2006 - 12:11 am: | |
Gabh mo leithscéal. Tá mé tuirseach. 'in Eirinn' thuas |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1249 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, April 09, 2006 - 05:36 pm: | |
quote:Tá mé tuirseach. 'in Eirinn' thuas Rinne mé Google Fight idir "in Éirinn" agus "in Éireann". Rug "in Éireann" an bua ar "in Éirinn", níos mó ná 8 in aghaidh 1 (2,440,000 in aghaidh 281,000). Vox populi vox dei? |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, April 09, 2006 - 08:20 pm: | |
Tá an chaibidil sin thart Dennis. Níl mé ag dul ann arís. Tá mé ag dul go hEireann amárach. Slán tamaillín. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1250 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, April 09, 2006 - 09:13 pm: | |
Nach suimiúil, mar sin féin, gur scríobh tú "go hÉireann" sa teachtaireacht áirithe seo. Ag taispeáint go mbeidh an focal deireanach agatsa? Go n-éirí an bóthar leat! |
|
Caitriona (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, April 09, 2006 - 10:45 pm: | |
Go sabhála Dia sinn. Tá mé fíorthuirseach anois. Fág é, led’ thoil. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 362 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, April 10, 2006 - 10:06 am: | |
Cad faoin nath ó amhrán: Lúb na Coille |
|