mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Scéal Grinn « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1235
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, April 06, 2006 - 08:00 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seo scéal grinn a chuir an focal "cúthail" (thuas, sa Bhreac-Ghaeltacht) i gcuimhne dom:

Téann fear cúthalach isteach i dteach tábhairne agus feiceann sé bean álainn ina suí léi féin. Tar éis cúpla deoch tá de mhisneach aige caint a chur uirthi. "Ummm, uhh, an bhfuil tú ag baint sult as an samhradh?"

"Craiceann a bhualadh leatsa?? An ag magadh atá tú?!?!?" a bhéiceann sí in ard a cinn. Tá aird an tí go léir orthu anois.

Tá ceann faoi agus náire an domhain ar mo dhuine agus é ag snámh go balbh ar ais go dtí a bhord féin.

Tar éis cúpla nóiméad siúlann an bhean chéanna anonn go dtí é agus aoibh an gháire uirthi. "Tá brón orm má chuir mé náire ort. Is mac léinn iarchéime sa tsíceolaíocht mé agus tá staidéar á dhéanamh agam ar an gcaoi a dhéileálann daoine le náire poiblí."

Breathnaíonn mo dhuine idir an dá shúil uirthi agus deir sé in ard a ghutha, "Céad punt?? An ag magadh atá tú?!?!?"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe arn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From: 194.217.0.27
Posted on Friday, April 07, 2006 - 09:36 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go hiontach maith, a Dhe'n Fhios.

Cuireann sé scéal Oscar Uidhld i gcuimhne dom.

"An luífeá liom ar mhilliún punt?" ar seisean le bean a bhí ar aon bhord leis tráth.

"Cinnte", ar sise, "cé nach ndéanfadh é ar mhilliún punt?"

"An luífeá liom ar chianóig?"

"I ndála, ní luífinn? Cad is dóigh leat atá ionam?" a d'fheagair sí

"Tá fhios agam cad tá ionat. Nílim ag ag socrú an táille anois."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1238
Registered: 02-2005


Posted on Friday, April 07, 2006 - 01:12 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

OHHH! Ceann clasaiceach é sin! :-)

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge