mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Ceist faoi "eas" « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Paul (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, March 27, 2006 - 05:14 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chairde,
Ciallíonn eas "waterfall"?

Níor chuala mé an focal seo riamh.
An bhfuil aon focal níos coitíanta ná sin?

(Chuaigh mé go páirc poiblí dar ainm "Great Falls" ar an deireadh seachtaine.)

Le gach dea-ghuí,
Paul

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 17
Registered: 03-2006
Posted on Monday, March 27, 2006 - 05:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sin an focal is coitianta, dar liomsa, Ag déanamh smaoineamh faoi, ní fheadar an bhfuil ceann eile ann. Má fhaigheann tú amach go bhfuil, cuir fios orainn go léir anseo agus beimíd go léir an-bhuíoch díot.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Paul (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, March 27, 2006 - 07:06 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh maith agat, a Phangur.

An bhfuil aon eas cailiúil áirithe in Éireann?

Má gheobhfaidh mé amach aon focal eile,
inseoidh mé duit, gan dabht.

Paul

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1198
Registered: 02-2005


Posted on Monday, March 27, 2006 - 07:37 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

An bhfuil aon eas cailiúil áirithe in Éireann?

Bhíodh eas mhór chlúiteach ar Abhainn na hEirne go dtí na daichidí, nuair a mhill scéim hidrileictreach í. Eas Rua, nó Assaroe, an t-ainm atá uirthi, agus is minic a luaitear sna seanscéalta í. Is féidir a mhaíomh gurbh í seo an eas ba cháiliúla in Éirinn. Tá pictiúr di, mar a bhíodh, ag:

http://www.vindicator.ca/gallery/fallsAssaroe_JPG.asp

Agus tá beagán seanchais fúithi ag:

http://w3.lincolnu.edu/~focal/backinst/focal177.htm

Agus... tá an méid seo in "Trecheng Brethi Féini" (The Triads of Ireland):

55. Trí hessa Hérenn: Ess Rúaid, Ess Danainne, Ess Maige.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 81
Registered: 07-2005


Posted on Monday, March 27, 2006 - 10:58 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chonaiceamar eas in Ennistymon i gcondae an Chláir. Tá sé suite i lár na cathrach. Seo pictiúr de:


http://www.tourclare.com/ennistymon.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, March 28, 2006 - 03:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

>>> Sin an focal is coitianta, dar liomsa, Ag déanamh smaoineamh faoi, ní fheadar an bhfuil ceann eile ann.

Féach 'Scairdeán', focal a d'fhág logainm go leor againn sa tír, a béarlaíodh mar Scarden agus a leithéid go hiondúil.

'caise' a bhí ag Mícheál Ó Braonáin breis is 300 bl. ó shin ina dhán fada ar an tSionainn, 'Príomhshruth Éireann'. B'ionann 'caise' agus eas beag umhal. 'Cascade' a thabharfaí ar a mhacasamhail i mBéarla.

Scairbh, cé nach samhlóimis eas leis, is suntasach mar ghné ina dhris chasáin romhat sa tslí gur fhág sé áiteanna ina dhiaidh faoi chló an Bhéarla anois mar Scarriff agus Scariffholis nó a leithéid.

Eas Danainne, an t-eas is gaire dom féin anseo ar an tSionainn.

'Sruth in aghaidh an Aird' an t-ainm atá ar an eas is suntasaí sa bhaile ar an teorainn le Liatroim: http://staffweb.itsligo.ie/staff/jforan/Irish_project/Alt9/alt9n.htm
Séidtear glan in aghaidh an aird é, an t-eas ar fad, gach 3 bhomaite nuair a bhíonn an aimsir séidte. Teilgtear 100 troigh amach thar mhullach an tsléibhe é.
http://archives.tcm.ie/sligoweekender/2003/05/20/story12513.asp

Tharraing an t-eas so: http://www.lookaroundireland.com/imgages/scenic/large/glencarwaterfall.htm
dán deas Gaeilge as cara liom, ach tá mé róghnóthach lena aimsiú agus a shá ar an líon.

Cuireann sé ionadh agus alltacht orm dála an scéil, go bhfuil sé de mhuineál ag daoine pictiúr a tharraing de ghné aiceanta mar é, a chrochadh ar an líon agus airgead a iarraidh ar a shon sin. Sin í an áit a dhealaímse leis an dlí coiteann.

Is maith liom súil a chaitheamh ar an gceann so in iardheisceart Thír Chonaill sa Samhradh:
http://www.mountainrescue.ie/DesktopModules/Gallery/Viewer.aspx?tabid=2897&mid=4 091&path=¤titem=11

http://www.ramelton.net/Trips/Ardara.htm

Níl a fhios agam ar Eas an Rancáis nó ar Eas an Fhrancaigh, nó cibéard eile mar níor chíor mé an scéal le muintir na háite.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mickrua
Member
Username: Mickrua

Post Number: 35
Registered: 07-2005
Posted on Tuesday, March 28, 2006 - 07:06 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dá rachfá ar strapadóireacht nó spaisteoireacht deireadh seachtaine i gcomhluadar Gaeilgeoirí líofa d'fhoghlamófá go leor focail nua nár chuala tú riamh.Tá go leor focail ar ghnéithe fisicúla nach bhfuil le fáil sna leabhra ná i do shuí síos sa mbaile ar an idirlíon ná ar chúrsaí teangan.
Aill, cosán, strapa, eas ,sruth , altracha, carrachán, sna giolcaigh , poll slugtha , scraith bhogán, moing, achréidh .
Tá go leor focail eile agam ach táim ag tabhairt sampla duit den méid focail atá a n-úsáid ag lucht cónaithe i gConamara i gnáth chúrsaí an lae nach gcluintear sna meáin ná úsáidtear san gcóras oideachais inniu.

(Message edited by mickrua on March 28, 2006)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Paul (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, March 28, 2006 - 02:25 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh míle maith agaibh go léir, a chairde.
Fuair mé a lán eolais ón gcomhrá seo...

Tá cinnte, tá mé lonnaithe i Meiriceá agus is foghlaimeoirí mise.
Chaith mé seal in Iar-Chonamara...
ag an am céanna, nior chuala an focal sin i logainm roimh seo.

Tá mé ag déanamh mo dhícheall chun seal fada eile a chaitheamh sa Ghaeltacht arís.

Le gach dea-ghuí,
Paul

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, March 29, 2006 - 04:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

>>> .... agus is foghlaimeoir mise. ...

Más ea, beidh réidh an achair leat feasta, bail ó Dhia ort.
Is léir a Phóil go bhfuil an chuid is crua den obair curtha díot.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fiacc (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, March 29, 2006 - 06:43 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

>>Is léir a Phóil go bhfuil an chuid is crua den obair curtha díot.

Níl sé ag snámh in aghaidh an easa ar aon chaoi.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, March 29, 2006 - 07:16 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl go deimhin.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge