Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1194 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, March 26, 2006 - 07:55 pm: | |
Bhí seanbhean ina suí ar bhinse i bpáirc i Minsk, ag léamh Learning Irish. Thug péas a bhí ag dul thar bráid an teideal faoi deara, agus chinn sé ar í a chiapadh. "Cén fáth a bhfuil tú á léamh sin?" a bhéic sé uirthi. "Táim sean," a deir sí, "agus gheobhaidh mé bás roimh i bhfad. Ba mhaith liom a bheith réidh, so tá mé ag foghlaim teanga na bhflaitheas." "Bhuel," a deir an péas, "an bhfuil tú cinnte dearfa gur ar neamh a bheas tú ag dul?" "Déanta na fírinne, níl mé cinnte ar chor ar bith, ach is cuma. Tá Rúisis agam cheana féin." |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 346 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 10:39 am: | |
Maith thú. Is trua liom na daoine ansiúd. Tá siad faoi leatrom go fóill. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 883 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 11:08 am: | |
Hmm... Teanga ana-dheas is ea í Rúisis agus ba dhóigh liom go bhfuil teanga éigin eile acu san Ifreann... |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 349 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 11:11 am: | |
Buel, tá Béarla ag gach éinne, dar ndóigh. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1197 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 11:57 am: | |
An bhfuil teanga ar bith ann a ndeir lucht a labhartha go bhfuil sí gránna? "Na bac leis an teanga se'againne, tá sí gránna!" ?? Tá a lán Béarlóirí ann, ar ndóigh, a cheapann go bhfuil teanga eile, Iodáilis cuir i gcás, nó Fraincis, nó ceann eile, níos binne ná a dteanga dhúchais féin. Ní deir siadsan go bhfuil an Iodáilis níos fearr mar theanga, ach go bhfuil sí níos taitneamhaí ar an gcluais. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 61 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 05:09 pm: | |
Sa leagan a bhfuil eolas agam air tá an tseanbhean ina cónaí i Moscó. Ach nuair a léigh mé do cheannsa, Dennis, ní ba dhóigh liom é a bheith chomh greannmhar is a bhí sé roimhe mar tá leath na fírinne ann, tá an ceart ‘ad, a Shéamais. Ach is í an Bhelorúisís an teanga oifigiúil sa mBelorúis, sí Minsk an phríomhchathair dhi. Caithfidh mé a rá go bhfuaimníonn an Bhelorúisís go suimiúil greannmhar, taithníonn sé liom éisteacht le dánta Belorúisíse ó Lyrikline. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1199 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 08:36 pm: | |
Tá áthas orm nár chuir "Rúisis" sa scéilín grinn sin colg ort, Peter. Bheadh sé chomh h-éasca céanna an tseanbhean úd a chur ar bhinse i bpáirc ina lán cathracha eile a bhfuil an Béarla i réim iontu. Las Vegas mo rogha féin sa chás sin! quote:Sa leagan a bhfuil eolas agam air tá an tseanbhean ina cónaí i Moscó. Ní raibh leisce dá laghad orm Moscó a athrú go Minsk, ós mise a chuir Gaeilge ar an scéilín sin ar dtús agus a thug do Chaoimhín ag Sabhal Mór Ostaig é, mar a bhfuil sé sa chartlann: http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/siamsa/greann/ |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 64 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, March 31, 2006 - 08:36 am: | |
Tá an chosúlacht air gur thusa an duine a rinne níos mó ná duine ar bith eile (fiú amhaín Rúisigh) leis an nGaeilge a chur chun cinn sa tír seo. D’imir tú tionchar mór indíreach ar chuid mhaith de fhoghlaimeorí, mé féin ina measc. Thosaigh mé ar mo chuid léaimh sa nGaeilge leis na scéilíní seo… ;) Go raibh maith agad, Dennis, is duine de mhúinteoirí Gaeilge thú atá agam. :)) Le meas, Peter |
|
|