A chairde, tá mé ag iarriadh lámh chuidithe o dhuine agaibh. Tá mé i mo chúntoir ranga, 's mé ag iarraidh suim a spreagadh i measc lucht na n-og, tá sé ar intinn agam cupla crosfhocal as Gaeilge a dhéanamh leo, is muid ag tarraingt ar dheireadh na bliana, ach ní thig liom clár crosfhocail saor in aisce ar an Idirlíon a fháil. An bhfuil a fhios agaibh áit ar bith a dtiocfadh liom ceann maith a fháil? Rinne mé iarracht ceann a fháil ar Google, ach theip orm ceann oiriúnach a fháil. GRMA