Author |
Message |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 77 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, March 18, 2006 - 12:34 am: | |
Chuamar go dtí an teach tábhairne is ansa le m'fhear anocht, oíche Dé hAoine lá fhéile Pádraig. Bhí a lán daoine ina seasamh ag an doras ag feitheamh ar bord, ach chuaigh m'fhear isteach agus fuair sé bord dúinn ar an toirt. Is cliste mar sin é, an fear maith. D'ól mé pionta agus -- an gcreidfeá é? -- tháinig fear mór isteach agus píob mhór is filleadh beag aige. Thosaigh sé ar an bpíob..an-ghleomhar. Chuir mé mo mhéara isteach i mo chluasa chun iad a shábháil. Dé ghnáth, ní sheineann na hÉireannaigh ar na píoba móra, ach ba chuma le na daoine sa teach tábháirne anocht. Ní thuigeann siad an difríocht idir na hÉireannaigh is na hAlbanaigh. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 03:53 am: | |
Is maith go raibh do fhear céile thart tharla in áit sibh a raibh fear eile seo na píbe móire móide filleadh beag a Liz! Ar chuimhnigh tú ar an gceann sin? Súil an ghrinn is an tsúil ghrinn in éineacht anseo! Grma as do chuid scéalta anseo, is maith liom iad. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 334 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 02:05 pm: | |
Cheap mé go raibh tú chun insint dúinn gur shocraigh d'fhear cúrsaí roimh ré, agus go raibh an píobaire ann mar iontas duitse, mar a bheadh veidhleadóir i mbialann snasta. Muis, cad é sin mar smaoineamh - píb mhór seachas veidhlin i mbialann rómánsach! Hí hí! Ábhar do Monty Python sin, b'fhéidir. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 23, 2006 - 08:55 am: | |
Hí hí! Ábhar do Monty Python sin, b'fhéidir. Ní bhíonn éinne ag tnúth le Píoba Móra an Cheistiúin Spáinnigh |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 350 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 11:35 am: | |
Más maith leat píoba, féach físchraoladh na seachtaine seo. www.philo-celtic-feesh.blogspot.com |
|