Author |
Message |
Seán Ó hAdhmaill (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 13, 2006 - 08:13 am: | |
Is é Feachtas Gaelú na bhFón Póca an chéad thogra eile atá beartaithe ag Na Gaeil Óga. Ba mhian leis Na Gaeil Óga úsáid a bhaint as deá-thoil na gcuideachtaí fón póca agus shochaí na hÉireann don Ghaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge chun seirbhís nua de théacs réamhaithriseach nó tuarthéacs a chur ar fáil d'úsáideoirí na bhfón póca in Éirinn, agus an Ghaeilge a bheith ar na teangacha gur féidir a roghnú le húsáid mar 'theanga' na bhfón póca i. Phonebook nó Eolaire Gutháin/fóin. Is éard atá i gceist leis an bhfeachtas seo ná feachtas téacsála ionas gur féidir le daoine a dtacaíocht a léiriú chun an tseirbhís a fhorbairt, tríd an focal "GAEILGE" a chur chuig an uimhir 53033 i ndeisceart na hÉireann agus an uimhir 88122 sa Tuaisceart. Mairfidh an feachtas ar feadh coicís Sheachtain na Gaeilge, 4-17 Márta. Rachfaidh cibé airgid a bhailítear chuig na príomh-óg-eagrais Ghaeilge, Na Gaeil Óga, Cumann na bhFiann, Spleodar, Ógras agus Feachtas. Tá Grúpa Nuachta Bhaile Andarsan (Lá, Daily Ireland, srl) ag dul i bpáirtnéireacht leis Na Gaeil Óga don fheachtas. Tá tacaíocht faighte ag an bhfeachtas ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, USI, NYCI, Conradh na Gaeilge, Gaelscoileanna Teo, Seachtain na Gaeilge Teo, Comhluadar, Raidió na Life, Ógras, Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge, Spleodar, Cumann na bhFiann, agus Fios Feasa. Tá riarachán an fheachtais maoinithe ag Foras na Gaeilge. Dar le Seán Ó hAdhmaill, urlabhraí Na Gaeil Óga, "Síleann muid gur deis iontach é seo, Seachtain na Gaeilge, chun léiriú do na cuideachtaí fón póca go léir go bhfuil gá leis an tseirbhís seo a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí agus d'fhoghlaimeoirí na teanga. Deis iontach atá ann chomh maith do na cuideachtaí fón póca anseo in Éirinn a léiriú d'óige na tíre, custaiméirí is fearr na gcomhlachtaí seo, go bhfuil siad buíoch as a ngnó. "Ó thaobh shuíomh na Gaeilge de, cuirfidh seirbhís mar seo go mór le híomhá, agus níos tábhachtaí fós, le húsáid na Gaeilge i measc daoine óga, tríd cheann de phríomh-mhodhanna cumarsáide daoine óga i. téacsáil, a éascú trí Ghaeilge. "Leis na hÉireannaigh nua atá ag teacht go hÉirinn tugfaidh sé deis dóibh agus do fhoghlaimeoirí cuir lena bhféinmhuinín ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge de, nó ní bheidh an brú céanna orthu teacht ar an bhfocal nó ar an bhfrása cuí láithreach agus cuideoidh an Tuarthéacs ó thaobh litríocht na bhfocal de freisin." Na Gaeil Óga Cúlra Is óg-eagraíocht neamhspleách go polaitiúil iad Na Gaeil Óga a bunaíodh chun guth aontaithe a thabhairt do dhaoine óga i rith an fheachtais STÁDAS. Tar éis an bua sin, do phobail na Gaeilge, tá Na Gaeil Óga dírithe ar ghnéithe éagsúla de stádas na Gaeilge a ardú agus a bhuanú, sna córais oideachais. Eagraíonn Na Gaeil Óga go leor imeachtaí shóisialta agus ceolchoirmeacha chun daoine óga a mhealladh leis an Ghaeilge. CRÍOCH 13 Marta 2006 Breis eolas Félim Borland (0872688539) nó Seán Ó hAdhmaill (0857395580) Na Gaeil Óga. Rphost: Suíomh Idirlíon an bhfeachtais: http://www.redbrick.dcu.ie/~wilburt |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, March 14, 2006 - 01:08 pm: | |
Obair fhiúntach í seo. Tá ceann seolta agam féin cheana inniu. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 133 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, January 19, 2007 - 09:20 am: | |
An raibh toradh ar an bhfeachtas úd? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1392 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 19, 2007 - 10:31 am: | |
Má théann siad ar aghaidh leis seo, déarfainn nach mbeadh ann ach cac. Féach ar na suímh ar fud an idirlín a rinne iarracht leagan Gaeilge a chur ar fáil -- tá siad lán le focail Bhéarla (m.sh. logáil isteach) -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 137 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, January 19, 2007 - 10:43 am: | |
An binn Gael ina thost? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 782 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, January 19, 2007 - 07:22 pm: | |
Ní stopfaimid go dtí go mbeidh sé sin bainte amach againne. Má dhéanann muid go leor fuaime, eireóidh linn. Má chuireann ceann acu an seirbhís ar fáil, cuirfidh na cinn eile an seirbhís ar fáil sár i bhfad... (Message edited by domhnall on January 19, 2007) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 140 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, January 22, 2007 - 09:52 am: | |
"Ní stopfaimid go dtí go mbeidh sé sin bainte amach againne" Cad é an rud nach gcuirfidh sibh suas de, a dhomhnaill? |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 48 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 09:15 am: | |
Tá sé i lámhsa Fhoras na Gaeilge faoi láthair. Rinne Na Gaeil Óga an bhunobair uile agus ghéill Vodafone don bhrú a chuir siad orthu. Le cuidiú Dé beidh sé againn go luath. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 147 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, January 24, 2007 - 10:19 am: | |
"ghéill Vodafone don bhrú a chuir siad orthu" Maith thú, a Iamí, ach caidé go díreach atá géillte? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 795 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, January 25, 2007 - 02:41 pm: | |
Ár nguthán a úsáid trí ghaeilge, fearn. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Leonard (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 05:26 am: | |
Tá orm Fraincis a roghnú ar mo ghúthán chun fada a chur ar teachtaireachtaí |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 150 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 10:05 am: | |
Tá sé iontach deacair caint a bhaint as daoine áirithe. Tá mé ar an aon bhilliún daoine fágtha nach bhfuil fón póca aige.Níl mé cinnte cad tá uaibh nó cad tá a iarraidh agaibh/géillte/tugtha/ glactha agaibh. An scríobh Gaeilge é? An treoraacha Gaeilge é? An comhfhreagras Gaeilge é? Cad is vodaphone ann? Comhlucht déantúsaíochta fón póca/seirbhíse/séirbheálaí/ rialaitheoir? eile? Cad faoi comhluchtaí póca fóin eile? Ligaim le m'ais nach bhfuil úsáid Ghaeilge cosctha ar fhóin póca! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 179 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 10:52 am: | |
6 sin ata uu na gur y lo a gj tcht fn a scriobh i dtxGaeilge, sdlm. (Message edited by Abigail on January 26, 2007) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2447 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 26, 2007 - 11:04 pm: | |
quote:6 sin ata uu na gur y lo a gj tcht fn a scriobh i dtxGaeilge, sdlm. Ar mhiste leat é seo a aistriú dúinn? Tuigim cuid de. Cuireann an méid a scríobh tú na noda a bhí in úsáid sna lámhscríbhinní fadó i gcuimhne dom. Is deacair na noda agus na giorrúcháin sin a scríobh ar an méarchlár atá againn inniu, ach chum muid córas chuige sin ar an liosta Old-Irish-L tamall ó shin. Seo sampla duit, gluais as lámhscríbhinn athscríofa sa chóras sin: 7iß- isf*uath ii\ß- c^at^ na^i/4m "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4864 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 27, 2007 - 01:37 pm: | |
sé sin atá uatha ná gur mhaith leo a gcuid tcht fón a scríobh i dtéacs gaeilge, is dóigh liom thuarthéacs as gaeilge atá i gceist,sé sin go molann an fón focal bunaithe ar an gcéad cúpla litir. Ní bhainim feidhm as mé fhéin, ós rud é go mbím ag scríobh txtanna as trí theanga, agus is fearr liom gan brath ar an bhfón chuige sin! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2453 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 27, 2007 - 01:55 pm: | |
Go raibh maith agat, a Aonghuis. Níl fón póca agam, creid é nó ná creid. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 151 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 06:48 am: | |
Aon scéal agat, a Iamí? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 181 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 10:04 am: | |
Tá sé ag Aonghus! Tá fón póca agam ach is annamh a scríobhaim txtanna leis. A Dennis, an amhlaidh gur ionann ^ do chórais-sa agus gúta fada nó consan séimhithe? Mar sin féin, ní thuigim ach cuid den slíocht thuas. Cén nod a seasann an ß dó? Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 155 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 11:10 am: | |
Más amhlaidh, nach bhfuil an réiteach ag Leonard thuas? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2462 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 12:42 pm: | |
quote:ní thuigim ach cuid den slíocht thuas 7iß- isf*uath ii\ß- c^at^ na^i/4m ocus iss ed is fhuath issin chath na h-airm Ach mar a dúirt an té a dúirt, is fearr pictiúr amháin ná mile focal. Is féidir leat an giota téacs seo a fheiceáil sa LS féin ag: http://www.isos.dias.ie/ Cliceáil ar "Gaeilge", ansin ar "Ar Aghaidh" ar an gcéad dá scáileán eile, ansin ar "Coláiste na Tríonóide", ansin ar "LS 1339", ansin ar "p. 180 - p. 199", ansin ar "p. 187". Tá grianghraf den leathanach os do chomhair anois. Tá trí cholún air. Tá na focail thuas le fáil sa cholún meánach ar líne 35, ag tosú i lár na líne leis an nod "7". Ar aimsigh tú iad? :-) quote:an amhlaidh gur ionann ^ do chórais-sa agus gúta fada nó consan séimhithe? Consan séimhithe, a bhfuil 'h' an-bheag os a chionn. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 182 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, January 29, 2007 - 01:02 pm: | |
D'aimsigh! An nod ar thug tú "ß" air, ní raibh sé feicthe agam cheana, ach chonaic mé cúpla cinn eile díobh i mBíobla Uilliam Bedel. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|