Rath
Member Username: Rath
Post Number: 36 Registered: 01-2004
| Posted on Sunday, March 12, 2006 - 02:15 am: | |
Bhí oíche na Gaeilge iontach againn arú aréir ag éisteacht le Domhnall Mac Síthigh as iarthar Dhuibhneach ag an Kerry Association i Yonkers, Nua Eabhrac. Labhair sé linn faoi na naomhóga a rinne siad úsáid fairsinge as i gCorca Dhuibhne agus na Blascaodaí blianta ó shin. Bhí macasamhail de naomhóg a rinne sé aige agus léirigh sé gur tugadh ainmneacha na bpáirteanna naomhóige cosúil na baill coirp. Is cosúil le curach í an naomhóg, clúdaithe le craicne ainmhithe, ach níos faide agus níos eadroime. Tháinig an focal "naomhóg" as focal Laidin do "bhád beag". D'inis Domhnall scealta dhúinn freisin faoi na daoine a bhíodh ina gcónaí ar na Blascaodaí agus na slíte a rinne siad úsáid as na naomhóga - ag iascaireacht, ag iompar na beithigh, ag taistil chuig an mórthír, agus le haghaidh socraidí. Bhí na scealta go léir an-suimiúil, agus bhí Dhomnall é féin an-chairdiúil, ag lahairt Gaeilge linn agus seisean an-fhoigneach lenár gcuid botúin. Tá muid an-bhuíoch de Hilary agus Tom as oíche lán-Ghaeilge chomh suimiúil agus chomh sultmhar; agus ar ndóigh de Dhomnall Mac Síthigh, údar, file agus léachtóir thar barr. Táim ag iarracht mo chuid Gaeilge a fheabhsú agus bheinn an-bhuíoch as ceartúcháin ar bith - GRMA. |