mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Aithne « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 1
Registered: 03-2006
Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 03:52 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá mé díreach tar éis bualadh isteach ar an mBord seo agus glacadh liom mar bhall de. Mar sin, ba mhian liom mé féin a ligint in aithne libh agus a rá go bhfuil lúcháir orm bheith in bhur láthair. Tá mé ag súil le aithne a chur ar oraibhse, na baill eile, chomh maith de réir a chéile. Tá súil agam freisin go bhfuil an Ghaeilge agam sách-mhaith chun bheith páirteach sna comhráite, agus go mbeidh sibh foighneach liom sna botúin a tharlós - gan amhras tarlóidh! Focal scoir, rinne mé iarracht ar phróifíl a líonadh isteach ach níl sé tugtha chun críche go fóill. Beannachtaí daoibh uile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1093
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 04:43 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá fáilte agus fiche romhat anseo, a Phanguir! Thug mé súil ar do phróifíl anois díreach. Bhí idir ionadh agus áthas orm nuair a chonaic mé an líne úd ó Quasimodo mar phersonal quote agat:

Ognuno sta solo sul cuor della terra
trafitto da un raggio di sole:
ed è subito sera.


Tá súil agam go mbeidh tú páirteach go minic sna comhráite anseo!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 322
Registered: 11-2004


Posted on Thursday, March 09, 2006 - 10:19 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Fáilte. Suigh síos agus lig do scíth. Ar mhaith leat deoch?

Nach deas an áit sin mar a bhfuil tú!
http://www.the-languedoc-page.com/photos/languedoc-photo-gallery-1.htm

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge