mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » An Ghaeilge agus an Liotuáinis « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1083
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, March 07, 2006 - 12:16 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Sheosaimh,

An bhfuil aithne agat ar Shéamas Ó Direáin? Más buan mo chuimhne, chuir sé spéis sa Liotuáinis nuair a bhí sé ina chónaí in Los Angeles agus d'fhoghlaim sé giota maith di ón bpobal Liotúanach sa chathair sin. Bhí sé an-tógtha le teoiricí Mharia Gimbutas freisin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, March 07, 2006 - 01:04 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá sé cúpla bliain ó bhí mé ag caint le Séamas mar ní rómhinic a fheicim Gaillimh ar na saolta seo. Uair sa mbliain, déarfainn, go bhfeicim é anois ag comhdháil thall is abhus.

Is fíor duit go raibh an-spéis aige sa Liotuáinis. Thit sé isteach i m'intinn le lá nó dhó go deimhin agus is cuimhin liom a bheith ag cuntas ar na nósanna reilige thall.
A laghad í Éire agus ní féidir na daoine a ríomh. Ríomhphost oibre ar ball ó fhear nár casadh dom le breis is deich mbliain. I gCorcaigh atá sé. I nGaillimh atá Séamas, creidim.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

F earn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, March 09, 2006 - 07:53 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Sheosaimh,
Agus an líon Liotuáinigh in Éirinn anois, nach bhfuil Gaeilge ag duine nó beirt go fóill. Is dóigh go bhfuil ranganna Chonradh na Gaeilge lán go boimbéal le Muintir Oirthiar na hEorpa is na Nigéire ag tabhairt na Gaeilge leo?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, March 14, 2006 - 11:28 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níor chuala aon trácht go fóill ar mhuintir na hEorpa ná ar mhuintir na Liotuáine go háirithe, a bheith gafa leis na ranganna sin cé gur casadh bean amháin as an Afraic liom a bhí ag freastal ar ranganna Gaeilge i nGaillimh.

Bhaineas ana-shult as an turas go Vilnius agus as turas a thugamar ar an gcathair siar uaidh sin, Kaunas.
Ba dheas an Neris, .i. Abhainn na Nerise (Abhainn an Nirt) oíche Dé Domhnaigh thar aon am eile. Ba chuma fén mbearradh gaoithe mar gheall ar an ngléine dathanna solais as gach aird. Thaitin an turas go mór liom ar ngach aon slí, borradh an dá chathair a bhí le feiceáil is le brath agus neart na Liotuáinise orm ar ngach aon taobh. Trí cinn de bmw agus merc mór ina ndiaidh ab ea na chéad chairr a chonaiceamar ar chaolshráid in aice an óstáin maidin Dé Domhnaigh. Ana-chuid soilsí istoíche ar shráideanna na cathrach. Áit ana-bhríomhar is ea Vilnius.

Ba thábhachtaí ná obair an turais dom bualadh lenár gcara Rómain agus lena leathbhádaóir, Vytautas, fear eile a bhfuil ana-spéis aige sa teanga leis. Bhí fear eile as Éirinn ar an dturas agus chuala Rómain neart Gaelainne uainn an chéad oíche, is dóigh liom.

Rith sé liom gur cheart go dtabharfaí aird níos fearr ar dhaoine thar lear ar nós Rómain gur cabhair mhór don nGaelainn thar lear iad. Caithfear tacú leo ar bhonn níos fearr. Seisear a theastaíonn le craobh de Chonradh na Gaelainne a bhunú, dála an scéil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1126
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, March 14, 2006 - 01:23 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Rith sé liom gur cheart go dtabharfaí aird níos fearr ar dhaoine thar lear

Is iontach an méid daoine atá páirteach sa chlár plé seo nach Béarlóirí ó dhúchas iad: Lughaidh, Max, Jonas, Mbm, Peter, Pangur Dubh (?), Marioberti, Román -- cé eile? Tá Gaeilge iontach maith ag a lán acu. Anois, dá mbeidís uilig sásta an Ghaeilge a úsáid mar ghnáth-lingua franca anseo i leaba an Bhéarla... Brionglóid?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, March 15, 2006 - 05:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is fíor duit a Dennis, tá bunús comhluadair linn sa bhuíon san. D'fhéadfaimis cumann de Chonradh na Gaeilge a bhunú tharla seisear, nó breis, againn ann! Is dream an-choinsiasach iad nár mhaith leo droch-Ghaeilg a leagan isteach ar an idirlíon.
Ina dhiaidh sin, tá dream beag eile a d'éirigh tuirseach de chlár comhrá Beo.ie agus d'fhéadfaidís siúd cur leis an gclár so.

Is dócha go mbrúchtfaidh daoine isteach ar an taobh so na Gaeilge de réir a chéile. Faoi seo, is aisling nó taibhreamh nó brionglóid é, ach is iomaí aisling a fíoraíodh. Níl ann ach ceist ama.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge