mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Gearán « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1070
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, March 04, 2006 - 01:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá mé bréan de na blow-ins a thagann go dtí an clár plé seo ag iarraidh aistriúchán B-G go práinneach ("ASAP"), gan fáth a chur leis an iarratas agus gan focal buíochais a rá ina dhiaidh sin. Séard atá uathu de ghnáth, feictear domsa, ná trinket nó bauble, saghas "seamróg i bhfocail". Shíl mé, tráth den saol, gur luachmhar an cineál seo outreach, ag cur giotaí Gaeilge ar fáil ansiúd is anseo. Ní mé cinnte anois gur fiú an saothar é.

Ah, tá biseach orm anois! Is sláintiúil an rud é do racht a ligean!

Ognuno sta solo sul cuor della terra
trafitto da un raggio di sole:
ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, March 04, 2006 - 03:07 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is maith an cleas an racht leis an suaitheadh sin a bhaint den chroí scaití. Caithfear a dhéanamh.

Is cuimhin liom tú a rá mórán an rud céanna roinnt blianta ó shin. Samhlaím dom féin go mb'fhéidir le duine, nó breis, spéis a chur sa mhuince nó sa tatú am éigin amach sa saol agus go dtolgfadh sé, an t-athdhuine, galar na Gaeilge dá bharr. (Bheadh sé ar nós seantuairim na filíochta go bhféadfadh an cheird léim aon ghlún amháin le bean agus go spréafadh sé amach ina mac sise ina dhiaidh sin.
Ar éigean é i gcas na ngiuirléidí baotha leipreacháin, ach is ait an mac an saol mar is eol dúinn. Is maith le daoine nuair a léim a gcuid suaitheantas oghaim dóibh. Ní rómhinic a tharlaíonn sé ach tarraingníonn sé caint ar an teanga, ar aois na scríbhneoireachta is mar sin de.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 182
Registered: 11-2004
Posted on Monday, March 06, 2006 - 05:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

ta dearg tuirseach orm fresin faoi ceann rud sa suiomh seo. Cen fath nuair a mothainn duine agaibh an troid a pioc le h-aon duine eile caitheadh sibh ag pioc ar na daoine beaga. is doigh libh dar ndoigh ce hiad an daoine ata me ag caint faoi.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 309
Registered: 11-2004


Posted on Monday, March 06, 2006 - 10:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dar le m'aitheantas (ríomh-atheantas) ar na daoine seo, ní dóigh liom gur thosaigh siad troid anseo riamh. Ní thuigim.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 184
Registered: 11-2004
Posted on Tuesday, March 07, 2006 - 04:46 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bheul fagin pardun agam bhios ag labhart faoi na daoine beaga in ionad Seosamh agus Dennis. D'ol me iomad deoch (coffee) sa mhaidin agus do chuas dul amu.

FRC.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 311
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, March 07, 2006 - 11:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Feicim FRC agat. Mar sin:

Gabhaim pardún agaibh. Bhíos (do bhíos, bhí mé) ag labhairt faoi na daoine beaga, seachas Sheosamh agus D(h)ennis. D'ól mé an iomarca dí (caife) ar maidin, agus do chuas (chuaigh mé) amú (bhí dul amú orm?).

Sa cheann roimhe sin, tá tuirse ar dhuine, agus an duine sin, tá sé tuirseach.

Molaim duit cloí leis an gcaighdeán, mura bhfuil an-taithí agat ar an gcanúint sa bhaile, go dtí an uair a bheidh máistreacht agat ar an gcaighdeán.

Anois, faoin gcómhrá féin - an mbíonn daoine beaga ag troid le daoine beaga eile? Ní thuigim fós.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 185
Registered: 11-2004
Posted on Tuesday, March 07, 2006 - 12:00 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá do mhúinte cheartuchán failte rómham. Ta áifeala orm nach bhfuil neart suim agam leis an gcaighdeán roimis seo. Is docha go bhaineadh duine an-iomad triall ar a dteanga. Beidh mé ag cloí leis an gcaighdeán sa gearr tearma ar lághad. Ceannfaidh mé an fóclair cómaith. Pé sceal é scriobfaidh mé breise chugaibh i dtaobh na daoine beaga nios tuisce.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 312
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, March 07, 2006 - 03:04 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An leipreacháin iad, na daoine beaga seo? ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

cailin (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 07:28 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tagann siad go dtí an áit seo chun aistriúchán a fháil. Cad é an fadhb? Más maith leat iad a chabhródh, déan é sin. Mura maith leat, ná déan aon rud. (Tá brón orm faoi mo chuid Gaeilge. Tá a fhios agam gur uafásach é.)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 1060
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 07:44 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An t-am seo chugainn a n-iarrtar aistriúchán do thatú, tabhair seo dóibh:

Níl labhraím an teanga seo

nó rud éigin mar sin!

Fáilte Roimh Cheartúcháin
Correct me for the love of God... I'm a perfectionist! : )

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 313
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 10:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chuala mé le déanaí go bhfuil t-léine ar fáil agus Sínis air, a deir "ní féidir le daoine bána é seo a léamh."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

cailin (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 11:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cén fath go bhfuil fearg oraibh? Ní thuigim. Tá a fhios agam nach bhfuil siad ag taispeáint suim mhór sa Ghaeilge ach tá siad ag iarraidh beagáinín Gaeilge a fhoghlam. Is tús é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 187
Registered: 11-2004
Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 12:19 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní doigh liom gur scriobh Seámus go mbiodh aon fearg ar einne. ni raibh aon trácht ar a chuid teactaireact i dtaobh cen sort daoine ata i gceist, ce acu ban no bui. Ta ionad orm fos mar ni gcheapfainn go bféadfádh achrann eádrainn (an dha cine).

frc.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1086
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 12:29 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is fíor duit, a Chailín, ach tar éis tamaill éiríonn a gcuid ceisteanna beagán bearránach, má thugtar aird orthu! Mórán saothair ar bheagán buíochais a bhíonn ann go minic. Ach mar a dúirt tú féin, tá réiteach simplí ann:
quote:

Mura maith leat, ná déan aon rud.

Déanfaidh mise amhlaidh go ceann tamaill. :-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 317
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 02:46 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní raibh cailín ag tagairt domsa, go bhfios dom, agus níor scríobh mise ach píosa grinn. Ach táim fiosrach faoi na daoine beaga go fóill!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 1091
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 03:01 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

táim fiosrach faoi na daoine beaga go fóill

Cuid de na daoine thuas sa BhreacGhaeltacht atá i gceist ag Breacban, mura bhfuil dul amú orm; daoine ar bheagán Gaeilge atá sásta ceartúcháin a chur ar fáil "saor in aisce" gan iarraidh.

Dúirt tusa uair amháin gur cheart dúinn an chuid seo den fhóram a neartú -- níos mó úsáide a bhaint as. Tá ceart agat!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 318
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, March 08, 2006 - 03:31 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní minic a léimse an rannóg eile, i bhfírinne. Is fuath liom gach rud a scríobh faoi dhó i gcónaí. Rinne mé amhlaidh le blianta, mar is eol duit, agus d'fhoghlaim mé mórán as. Ach d'fhoghlaim mé an teanga chun í a úsáid, agus sin an rud is fearr liom anois.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge