mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » 1ú Chath na mBannaí Feachtas 2006 « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seán Ó hAdhmaill (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, February 16, 2006 - 09:48 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cuirfear an chéad Chath na mBannaí de chuid Feachtas ar siúl Dé Céadaoin seo chugainn, 22 Feabhra 2006 i CLG Naomh Fhionnbharr i gCabrach i mBaile Átha Cliath. Tiocfaidh grúpaí ceoil le chéile ó scoileanna lánGhaelacha éagsúla, ina measc Coláiste Mhuire i gCabrach, agus Coláiste Eoin i Stigh Lorgan.

Tá an imeacht seo eagraithe ag an óg-eagras Gaeilge, Feachtas, i gcomhair leis Na Gaeil Óga, a d’eagraigh Comhdháil Óige in Ollscoil na Tríonóide le déanaí.

Is í chéad duais an “chaith” ná deis seinm ag gig sa POD, dar teideal CRAICFEST atá á eagrú ag Na Gaeil Óga agus i gcomhair le USI, ar an Máirt an 28 Feabhra 2006.

Ar chlár na hoíche sin beidh Cic-Ass Céilí na gContaetha (le geansaithe CLG, idir chontae & chlub), ansin seinmneoidh buaiteoirí Chath na mBannaí agus an sár-bhanna ceoil reggae Gaelach as Béal Feirste, Bréag. Críochnóidh an oíche le seit DJ.

Dar le Seán Ó hAdhmaill, Oifigeach Forbartha de chuid Feachtas, “Tá an-áthas orainn leis an tacaíocht agus dea-thoil a léiríodh don imeacht go dtí seo. Tá súil againn imeacht bliantúil a dhéanamh as seo, ag a dtabharfar deis agus ardán do cheoltóirí Gaelacha a dtallann a léiriú.

“Go pearsanta, ba mhian liom buíochas a ghabháil le clubanna Feachtas i gColáiste Mhuire agus i gColáiste Eoin, an fhoireann sa dhá scoil, Na Gaeil Óga, CLG Naomh Fhionnbharr, agus an t-eagras stáit, Foras na Gaeilge, as cinntiú go mbeadh rath ar an imeacht seo.”


Míonfhógraí
Cath na mBannaí
Eagraithe ag Feachtas i gcomhair leis Na Gaeil Óga
Dé Céadaoin, 22 Feabhra, 2006
8:00i.n go mall
i gCLG Naomh Fhionnbharr (Finbar’s GAC)

Duais 1 Áit:
GIG @ CRAICFEST sa Pod, 28 Feabhra

CRAICFEST
Eagraithe Na Gaeil Óga i gcomhair le USI,
Dé Máirt, 28 Feabhra 2006 @ 8in go mall.
POD, B.Á.C.
Céilí na gCondaetha, Buaiteoirí Cath na mBannaí, Bréag & DJ seit.

Maoinítear Feachtas ag an Rannóg Ghnóthaí Ógra, Fo-Roinn den Roinn Oideachais agus síntiúisí deonacha.

Eagraíonn Feachtas Comórtas Náisiúnta Thráth na gCeist Boird do dhaoine óga go bliantúil. Chomh maith leis sin eagraítear comórtas díospóireachta, turais go Scléip na hÓige, cursaí eachtraíochta, cursaí cinnireachta, campaí samhraidh agus ceardlanna ealaíona agus drámaíochta.
CRÍOCH.

Seán Ó hAdhmaill
Oifigeach Forbartha
Ardoifig Feachtas, Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge
10 Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
Teil/Facs: (01) 8786424
Fón Póca: 087-9046136
Rphost:

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge