mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Lá Fhéile Valentín « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fiacc (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 06:23 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Fuair mé focail an t-amhrán grá seo sa ríomh-phost mar cheiliúradh ar an lá atá ann. B'fhéidir go mbeidh spéis agaibh ann:

Tá Mé 'Mo Shuí

Tá mé 'mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir,
'Cur tine síos gan scíth 's á fadú go géar;
Tá bunadh an tí 'na luí is tá mise liom féin;
Tá na coiligh ag glaoch 's tá an tír 'na gcodladh ach mé.

A sheacht m-anam déag do bhéal, do mhala 's do ghrua,
Do shúil ghorm ghlé fár thréig mé aiteas is suairc';
Le cumha i do dhéidh ní léir dom an bealach a shiúl,
'S a chara mo chléibh, tá na sléibhte idir mé agus tú.

Deirid lucht léinn gur cloíte an galar an grá;
Char admhaigh mé é go raibh sé i ndiaidh mo chroí 'stigh a chrá;
Aicíd ró-ghéar - faraor nár sheachnaigh mé í !
'S go gcuireann sí arraing is céad go géar trí cheartlár mo
chroí.

Casadh bean sí dom thíos ag lag Bhéal an Áth',
'S d'fhiafraigh mé di an scaoilfeadh glas ar bith grá;
Dúirt sí os íseal i mbriathra soineanta sámh' -
Nuair a théann sé fán chroí cha scaoiltear as é go brách.


(Ón mbéaloideas)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitrionasbcglobalnet
Member
Username: Caitrionasbcglobalnet

Post Number: 43
Registered: 12-2005
Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 10:14 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Casann Enya é. Is brea liom é. grmt

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 297
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, February 15, 2006 - 09:38 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá leagan breá de ag Altan.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge