Author |
Message |
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 169 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 04:10 am: | |
cad is bhri le "aitechach". |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 35 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 05:27 am: | |
Seans gur aidiacht é atá bunaithe ar an ainmfhocal "aiteas". Séard is aiteas ann ná mothúchán a bhfuil eagla agus áthas ann ag an am céanna, mar a bheadh agat agus tú ar tí dul i mbun léimní buinsí (bungee jumping), mar shampla. Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1031 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 10:57 am: | |
quote:Séard is aiteas ann ná mothúchán a bhfuil eagla agus áthas ann ag an am céanna Tá dhá bhrí le "aiteas", ceart go leor, ach an mbíonn an dá bhrí sin measctha le chéile san aon am? Uaireanta? I gcónaí? Ón aidiacht "ait" a thagann an t-ainmfhocal seo, focal a chiallaíonn "odd" uaireanta (de ghnáth, sílim) agus "pleasant" uaireanta. Ceist canúna? Ag breathnú air ó thaobh na staire de, is é "pleasant" an bhrí a bhí le "ait(t)" ó ré na Sean-Ghaeilge anuas. Níor nocht an bhrí eile, "strange, unusual" go dtí le déanaí. Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 295 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 11:30 am: | |
Nach aisteach sin. Greannmhar, b'fhéidir. Is ait an mac an saol. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1036 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 08:26 pm: | |
Raight. Féach ar an bhfocal funny. Ciallaíonn sé "greannmhar" uaireanta. Ciallaíonn sé "aisteach" uaireanta eile. Ní chiallaíonn sé an dá rud san am céanna. Ba chóir dom "de ghnáth" a chur leis an ráiteas sin, is dócha, óir bíonn eisceachtaí ann i gcónaí i gcúrsaí teanga. Ceist a chuireadh muid go minic agus mé i mo ghasúr: funny haha or funny peculiar?. Is go hannamh a chloisim ó dhaoine fásta í anois. Hmmm. (Message edited by dennis on February 14, 2006) Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1037 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 08:29 pm: | |
quote:cad is bhri le "aitechach" Smaoineamh eile: áiteachadh = áitiú < áitigh ??? An bhfuil an comhthéacs agat dúinn? Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 171 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 15, 2006 - 04:30 am: | |
do rinneas bhotun inne. An focal ceart ba coir "athach" in ionad "aitechach". Afach, ta cead ceann eile agam anois seo e "go ruig". Fagin pardun agam mar gheall ar an cead focal. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, February 15, 2006 - 05:01 am: | |
Is cuma faoin mbotún beag a Bhreacbháin. Tá tú ag breacadh leat i nGaeilg agus céard eile ab fhearr. Maith thú. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 36 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, February 15, 2006 - 06:41 am: | |
Maidir le aiteas agus an dá bhrí: tá ciall leis an méid atá á rá agat, Dennis. Seans maith go bhfuil an dá bhrí scartha óna chéile de ghnáth, seachas measctha le chéile. Ar chuma ar bith, níor rith liom an gaol follasach sin idir ait agus aiteas go dtí go ndúirt tú é, nach dall mé! Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 296 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 15, 2006 - 09:37 am: | |
A Bhreacháin - cén fhoinse atá agat do na focail seo? Tabhair comhthéacs dúinn, freisin, le do thoil. Agus bí cúramach faoin litriú díobh. Mura bhfuil tú in ann síntí fada a dhéanamh, scríobh / i ndiaidh na guthanna sin, mura miste leat. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 172 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 15, 2006 - 11:20 am: | |
Fuarios sa leabhar i dtaobh bealoideas corcaigh iad. bainfidh me an comteacs daoibh. Nior thugas me an comteacs le thana daoibh mar gceapfainn go meadu foclai cotienta iad. Nil aon coip o domhnaill agam mar nil neart airgead agam chun e a cheannach. ba coir dom a ra ni raibh einne síntí fada iontu. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1042 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, February 15, 2006 - 12:14 pm: | |
quote:"athach" ... "go ruig" Ós rud é gur béaloideas atá i gceist, is dócha gurb ionann "athach" agus "fathach" (= giant). Agus is ionann "go ruig" agus "go nuige" (= until, as far as). Is suimiúil an rud é gurb iad na leaganacha seo atá in úsáid i nGaeilge na hAlban freisin: "athach" agus "gu ruige". Ognuno sta solo sul cuor della terra trafitto da un raggio di sole: ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 173 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 15, 2006 - 12:29 pm: | |
oops tiocfaidh me ar ais chugaibh amarach. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 174 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 17, 2006 - 04:44 am: | |
Bhuel, Ta piosa comhteacs beag agam daoibh i dtaobh focal "go ruig". Ta se nios solier domsa anois, ach cad faoi sibshe? an bhfuil a fhios ag einne mar ghaell ar. Seo leannas, "Do leannadar soir trí Bhruigéis iad, agus soir go droichidín Bhéal na Bláth, agus go ruig a' muileann Nó; agus éine gur riugamh air fuair sé bataraíl bhreá - ach fáin nár maraíomh éine." Ar áiriodh einne i dtaobh pen ait luaite sa piosa seo roimhre? |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, February 17, 2006 - 07:13 am: | |
Déarfainn gurbh é Earnán de Blaghd a scríobh mar gheall ar an 'ruig' sin agus mar gheall ar 'Bhéal na (m)Bláth' a bheith luaite ann. Thugadh sé taitneamh do fhocail ar nós 'dhachaidh' agus 'ruig'. Tá a fhios ag cuid agaibh cé a maraíodh ag B. na mBláth agus ghlac Earnán de Blaghd ar ndóigh leis an gConradh Angla-Éireannach. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 175 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 17, 2006 - 10:13 am: | |
Ochoin níl an ceart agat mar gheall ar an t-udar. Ta na bhfoclai ar a leithead "ruig" agus "athach" ana cotienta sna gaoiluinne thimpeall na 19u aois i gcanuinti airithe. Ta go leor focal imithe anois as ár dteanga. Is as gcairbe i iar gcorcaigh an samplai a thabhairt daoibh. Nil aon rian do gaoiluinne faghta ann 'nois seachas an cupla focal cotienta ag scaipeadh thall 's abhus |
|