Luaigh mé an t-amhránaí Marlui Miranda thuas sa Bhreac-Ghaeltacht anois díreach. Tá beagán níos mó le rá agam faoina cuid ceoil. An cuimhin libh
Missa Luba agus
Missa Criolla (an chéad leagan ó 1964 atá i bhfad níos fearr, dála an scéil)? Bhíodar agam ar vinyl i bhfad ó shin, nuair a bhí mé i mo dhéagóir, agus thaitin siad go mór liom. Tá album an-chosúil leo,
Kewere: Resar: Prayer, ar fáil ó Miranda ag:
http://marluimiranda.calabashmusic.com/world