Author |
Message |
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 62 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 10:24 am: | |
Tá Cill Críostaí ag lorg duine chun staidéar á déanamh ar an Bíobla agus Teagasc Críostaí tre Gaeilge. Ar mhaith le daoine ar bith ar an chlár plé seo bheith pairteacht? Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 10:48 am: | |
Cad tá i gceist agat, a Sheáin? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 278 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 02:08 pm: | |
Bheinnse sásta caint le duine ar bith faoin Koine atá ann, as Gaeilge: http://www.scoilgaeilge.org/liosta/viewtopic.php?t=216 Agus tá teagasc Críostaí agam anseo, as Gaeilge, freisin: http://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/comhadnafirinne/ |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 63 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 04:43 pm: | |
"Cad tá i gceist agat, a Sheáin?" Tá sé in inntinn agam cill á bhunú i mo pharóiste ar dtús. Rinne mé póstaerí inniu ag fógraí an tionscnamh. Beidh mé ag dúl thart gach sagart paróiste i mBéal Feirste á lorg cead na póstaerí á thaispéan sa teach phobal. Amach anseo, le cuidiú Dé, cuirfear cillíní ar bhun ar fud na tire. Beidh seo, tá suil agam, ina cuidiú leis an Eaglais in Éireann á Gaeliú. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 484 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, February 03, 2006 - 06:16 pm: | |
Maith thú A Sheáin! Go n-éirí an bóthar leatsa! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 64 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, February 05, 2006 - 10:50 am: | |
"Agus tá teagasc Críostaí agam anseo, as Gaeilge, freisin: http://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/comhadnafirinne/" Ní raibh mé abaltá do leabhar aiochta á sínigh mar ní féidir an leathanach a aimsiú. Caidé tá cearr i do bharamhail? Tá an suiomh féin suimiúil. B'feidir go dtig linn cuid don athar atá ann a phlé anseo? Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 65 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, February 05, 2006 - 11:12 am: | |
Scaip me naoi póstaerí inne i mBéal Feirste, ag fogairt Cill Críostaí sa'n paroistí seo leanas: N. Muire, N. Padraig, Teaghlach Naofa,(tá nios mó na teampall amhain sa pharóiste seo) N. Gearoid, N. Bernard, N. Uinnsinn de Pól, agus An Chrois Naofa. Labhair mé le cuig sagairt ar feadh an oibre. Tá dha póstaerí deag eile le scaipeadh agam i mBéal Feirste. Bhí mé ag an tAifreann Gaelige i bparoiste Naomh Mhuire ar maidin ach ní raibh aon póstaer maidir le Cill Críosaí ar an chlár fogra. Caidé an fáth? Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 06, 2006 - 09:02 am: | |
Go mbeidh rath ar do chuid tionscnaimh! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 279 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, February 06, 2006 - 10:28 am: | |
Nílim in ann na scrioptaí sin a úsáid le tamall, mar atá. Ba chóir dom an leabhar aíochta a bhaint den suíomh, ach...bhuel, gabh mo leithscéal (cé nach bhfuil leithscéal agam!). |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 69 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, February 10, 2006 - 07:04 am: | |
Ar fhreagra Íosa gach ceist a chuireadh air nuair a bhí Sé beo ar an Domhan? Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, February 10, 2006 - 08:43 am: | |
Níl fhios agam. Cad chuige? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 290 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 10, 2006 - 01:20 pm: | |
Go minic, d'fhreagraíodh Sé ceist le ceist eile. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2962 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, February 12, 2006 - 05:43 pm: | |
Nó scrí sé sa ghaineamh! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 292 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, February 13, 2006 - 12:59 pm: | |
Agus níor thug Sé freagra do Phíolait, ná dón ardshagairt... |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 71 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, February 13, 2006 - 04:19 pm: | |
An bhfuil Íosa eolach ar gach rúd? Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 293 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, February 13, 2006 - 04:30 pm: | |
Tá anois. |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 72 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, February 13, 2006 - 04:33 pm: | |
Agus dúirt Íosa leo: "Nílimse chun a insint doibhse ach oiread, cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh." Marcas: Caibidil 11 Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 73 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, February 13, 2006 - 04:47 pm: | |
"Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, Níl fhios ag duine ar bith, fiú amhain na haingil sna flaithís, ná ag an Mac, ach ag an Athair." Marcas: Caibidil 13 Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 74 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, February 13, 2006 - 05:01 pm: | |
"Nó scrí sé sa ghaineamh!" An bfhuil fhios ag aoine cád a scriobh Sé ? Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2973 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, February 13, 2006 - 06:00 pm: | |
Tá fhios. Aige Fhéin, ag an Athar agus ag an Naomhspiorad! Cad chuige do cheist, a Shéain? |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 75 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 06:47 am: | |
Bá mhaith liom bheith nios eolaí agus nios tuigsinigh ar an Bíobla Naofa, a Aonguis. Tá mé ag déanamh go raibh fios ag na duine abí ansin nuair a scriobh Íosa, cád a scriobh Sé. Is doigh liom nach bfhuil duine atá beo anois eolac ar an meid a scriobh Sé. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 76 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 07:00 am: | |
An teigheann na naoimh atá ar neamh ar chodhladh ám ar bith nó an mbeinn siad múscailte i gcónaí? An féidir leo labhairt le cheile? Má's féidir, cé'n an teanga atá ar usaid acú? An bhfuil lá agus oiche ar neamh? Cumhdach Dé oraibh! Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2977 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 08:56 am: | |
Ós rud é go bhfuil neamh lasmuigh den am, agus na naomh dlúthcheangailte le Dia, agus dá bharr le chéile, ní dóigh liom go bhfuil mórán céille sna ceisteanna úd, a Shéain. http://www.scborromeo.org/ccc/p123a12.htm#1023 |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 294 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 09:45 am: | |
Nuair a bhí Íosa ina fhear ar talamh, bhí a thuiscint srianta mar aon duine eile, ar chúrsaí an domhain seo. Mar shampla, cheap sé gur lóchrann an tsuíl. Ach is Dia é, agus níl sé amhlaidh dó ar Neamh. An dóigh libh go dtréigfeadh aoire maith a thréad chun caora amháin a fháil, i bhfírinne? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2979 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 05:26 pm: | |
Níor thréig an aoire an tréad; d'fhag sé in áit sabháilte iad. Agus fabhalscéal a bhí ann, pé scéal é. Féach Lúcás 15:6-8. Maidir leis an gceist eile: http://www.scborromeo.org/ccc/p122a3p1.htm#467 ff 472: An t-anam daonna sin a ghabh Mac Dé chuige, tá sé feistithe le heolas daonna fíreannach. Is amhlaidh mar sin nach bhféadfadh an t-eolas sin bheith gan chuimsí ina cháil féin: baineadh feidhm as i gcúinsí stairiúla an ama agus na háite a raibh sé suas ann. .... 473: .... Léiríodh an Mac fosta ina eolas daonna an léargas diaga a bhí aige ar na smaoint is rúnda i gcroíthe daoine. (Cf Mc 2, 8: Eoin 2, 25; 6, 61 etc) |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 109 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, December 20, 2006 - 11:55 am: | |
"Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé." Cé duairt sin agus, cá tigidh? Seán Mac Eochaidh Ard Rí na hÉireann (Sealadach) Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4469 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 20, 2006 - 12:10 pm: | |
Peadar ar dtús, agus an iomaí duine ó shin. Ach níor imigh an Tiarna, buiochas Leis. |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 112 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, December 20, 2006 - 12:29 pm: | |
Maith thú! Peadar cinnte, agus chaith sé é féin ar a dha ghlúin nuair a bhí sé a rá é, silim. B'feidir ba coir duinn sin á dhéanamh nios minice. Seán Mac Eochaidh Ard Rí na hÉireann (Sealadach) Guthan: 077 8360 4322 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|